Tá Úna Ní Raifeartaigh, cainteoir líofa Gaeilge, tofa mar bhreitheamh na hÉireann sa Chúirt Eorpach um Chearta an Duine.
Bhí Ní Raifeartaigh ag obair roimhe seo mar bhreitheamh san Ard-Chúirt agus sa Chúirt Achomhairc.
In 2019, agus í ina Breitheamh Ard-Chúirte, dúirt sí go mbíonn ar phobal na Gaeilge cur suas le “surprising intolerance” ó dhaoine a mbíonn meas go hiondúil acu ar chearta mionlaigh eile.
“Údar iontais an éadulaingt a léiríonn dreamanna áirithe do chearta an mhionlaigh a labhraíonn Gaeilge, an dream céanna a léiríonn an-ómós de ghnáth do chearta mionlaigh,” a dúirt sí i gcinneadh a rinne sí faoi Ghaeilge sna cúirteanna.
Ar ócáid eile, dúirt sí gur measa go minic a chaitear le Gaeilgeoirí a thagann os comhair na gcúirteanna in Éirinn agus a mbíonn seirbhísí aistriúcháin ag teastáil uathu ná mar a chaitear le himircigh.
Dúirt sí go bhféadfadh sé go raibh baint ag neamhshuim an Stáit agus na gcúirteanna sa Ghaeilge leis an sórt díothú teanga nó ‘lingua-cide’, a bhfuil dochar as cuimse déanta aige “d’anam na tíre seo”.
In 2019, chinn sí san Ard-Chúirt go raibh dualgas ar an Stát gach iarracht réasúnta a dhéanamh breitheamh le Gaeilge a fháil le cás a éisteacht in aon chúirt dúiche sa tír.
In 2021, pléadh cás as Gaeilge den chéad uair i gCúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh nuair a lorg Ní Raifeartaigh soiléiriú maidir le ceist dlí faoi threoracha Eorpacha.
Cúirt idirnáisiúnta atá sa Chúirt Eorpach um Chearta an Duine a bunaíodh i 1929. Pléann an chúirt le cásanna a chuirtear faoina bráid ina líomhnaíonn stáit nó daoine aonair go bhfuil sárú déanta ar na cearta atá daingnithe sa Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine.