Deir Ambasáid na Gearmáine in Éirinn nach bhfuiltear chun leithscéal a ghabháil maidir le heachtra inar cuireadh cosc ar labhairt na Gaeilge i mBeirlín le gairid.
Dúirt urlabhraí de chuid na hAmbasáide go raibh sé de cheart ag na póilíní i mBeirlín cosc a chur ar úsáid na Gaeilge ag léirsiú poiblí ag campa agóide ar son na Palaistíne sa chathair.
“Ní dóigh liom go bhfuil leithscéal le teacht ó phóilíní Bheirlín agus ní féidir linne, mar ambasáid i mBaile Átha Cliath, leithscéal a ghabháil mar ní féidir a rá an raibh na póilíní cuí nó místuama gan a bheith ann,” a dúirt Robert Henneberg, Ceannasaí Cultúir le hAmbasáid na Gearmáine i mBaile Átha Cliath.
Dúirt urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, gur chóir do Rialtas na hÉireann leithscéal a lorg ón nGearmáin maidir leis an eachtra a tharla an deireadh seachtaine seo caite nuair a thug póilíní i mBeirlín le fios do ghrúpa a bhí ag caint agus ag ceol as Gaeilge nach ceadmhach ach Béarla nó Gearmáinis a úsáid le linn agóidí gan aistritheoir cláraithe a bheith i láthair.
Agus é ag labhairt ar an gclár Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta an tseachtain seo, dúirt Henneberg, cainteoir líofa Gaeilge agus duine de bhunaitheoirí chraobh Chonradh na Gaeilge i mBeirlín, go raibh fáilte roimh an nGaeilge agus gach teanga eile sa Ghearmáin ach nach raibh ceart gan srian ann iad a úsáid.
“Chuir garda Bheirlín srianta teanga i bhfeidhm chun ráitis phoiblí mhídhleathacha a chosc agus chuir garda Bheirlín é sin in iúl do cheannairí na hagóide,” a dúirt Henneberg.
“Níl an tsaoirse cainte sa Ghearmáin gan teorainn agus ní raibh riamh. Tá cosc sa Ghearmáin ar ráitis fhrith-Sheimíteacha nó aon ráiteas a shéanann ceart stáit Iosrael.”
Dúirt Henneberg go raibh sé riachtanach go mbeadh na póilíní in ann lucht agóide a thuiscint.
“Tá sé cóir srianta a chur ar léirsiú poiblí agus ar ráiteas poiblí. Tá cead agat aon teanga a labhairt go poiblí nó eadraibh féin ach má tá ráiteas poiblí i gceist ag léirsiú, tá sé dleathach srianta a chur i bhfeidhm.”
Mhaígh cuid den ghrúpa a bhí ag labhairt na Gaeilge ag an léirsiú ag an deireadh seachtaine gur lean póilíní iad ar feadh roinnt uaireanta an chloig tar éis dóibh an pháirc ina bhfuil an campa a fhágáil.
Dúirt Henneberg nach bhféadfadh sé a rá gan a bheith i láthair an raibh an chaoi gur láimhseáil na póilíní an agóid Ghaeilge místuama nó míchuibheasach.
Mar sin féin, dúirt sé go raibh “sláinte an bhradáin” ag an ndaonlathas sa Ghearmáin agus nach raibh sé ceart a rá go raibh cuma “Orwellian” ar an eachtra uile, mar a bhí ráite ag Aengus Ó Snodaigh.
Deir lucht eagraithe na hócáide Gaeilge i mBeirlín go raibh an cosc ar labhairt na Gaeilge “éagórach agus míbhunreachtúil”.
Dúradh gurbh í an aidhm a bhí acu ná aird a tharraingt ar an tslí go mbíonn na póilíní níos déine ar ghrúpaí cainteoirí Araibise ná mar a bheidís ar ghrúpa cainteoirí Gaeilge ar daoine geala a bhformhór.
Chomh maith le labhairt na Gearmáinise agus an Bhéarla, ceadaítear labhairt na hAraibise ag agóidí i gcásanna áirithe ach ní foláir ateangaire réamhchláraithe a bheith i láthair ag an agóid chun aistriúchán ar chúrsaí a chur ar fáil do na póilíní.