Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
maru-neamhdhleathach-a-bhi-i-mbas-an-48-duine-a-bhasaigh-i-ndoitean-stardust

Marú neamhdhleathach a bhí i mbás an 48 duine a bhásaigh i ndóiteán Stardust

| tuairisc | ,

Marú neamhdhleathach a bhí i mbás an 48 duine a bhásaigh sa dóiteán i gclub oíche an Stardust i 1981. Fógraíodh an bhreith sin ag an gcoiste ionchoisní sa Rotunda ar ball.

Breis is dhá scór bliain ó tharla an tubaiste, ba é breithiúnas ghiúiré na n-ionchoisní gur maraíodh go neamhdhleathach an 48 duine óg a bhásaigh an oíche léanmhar sin.

Tar éis a gcríonnacht a dhéanamh le breis is trí seachtaine, d’fhill seachtar ban agus cúigear fear an choiste dáréag ar Sheomra na bPiléar in Ospidéal an Rotunda tráthnóna inniu lena gcinneadh tromlaigh agus a mbreithiúnas a chur ar fáil don Chróinéir an Dr Myra Cullinane.

Gártha sástachta agus bualadh bos an freagra a bhí ag an slua mór de dhaoine muinteartha na marbh a bhí i láthair sa gcúirt ar chinneadh an ghiúiré.

Mhol an cróinéir tiomantas agus díograis theaghlaigh an 48 duine a bhásaigh le blianta fada.

Dúirt an cróinéir an Dr Myra Cullinane nár mhaolaigh na blianta fada sin uafás na fianaise a chualathas ag na hionchoisní. Ghabh sí buíochas leis an ngiúiré a chuir a saol féin ar leataobh le bliain ar mhaithe le beart a dhéanamh ar son na seirbhíse poiblí. .

Oíche San Vailintín, an 14 Feabhra 1981, bhí 841 duine ag ceiliúradh fhéile an ghrá ag dioscó agus comórtas rince i gClub an Stardust in Ard Aidhin i dtuaisceart na príomhchathrach, nuair a réab tine mharfach tríd an gclub. D’fhág an dóiteán sin 48 duine óg idir 16-27 bliain marbh agus 214 duine leonta i gcorp agus in intinn. Ón oíche léanmhar sin tá feachtas ar siúl ag muintir na marbh ag iarraidh a fháil amach céard ba shiocair leis an sléacht a sciob a gclann uathu.

Chinn an giúiré go raibh na bealaí éalaithe ar fad as bálseomra an chlub oíche faoi ghlas, ceangailte le slabhraí nó go raibh bac éigin sa mbealach orthu nuair a tharla an tine.

Chinn an giúiré freisin gur chuidigh na tíleanna cairpéid a bhí ar bhallaí an Stardust leis an tine a scaipeadh.

Chinn an giúiré freisin gur i gcófra te sa bpríomhbheár a thosaigh an tine agus gur fabht leictreachais ba shiocair léi.

Mhol an giúiré go ndéanfaí athbhreithniú go rialta ar na rialacháin tógála agus go ndéanfaí cigireacht sábháilteachta ó dhóiteáin ar gach ionad gach bliain seachas an sprioc atá ann faoi láthair go ndéanfaí an chigireacht sin ar 70% díobh gach dara bliain.

Oíche San Vailintín, an 14 Feabhra 1981, bhí 841 duine ag ceiliúradh fhéile an ghrá ag dioscó i gClub an Stardust in Ard Aidhin i dtuaisceart na príomhchathrach, nuair a réab tine mharfach tríd an gclub. D’fhág an dóiteán sin 48 duine óg idir 16-27 bliain marbh agus 214 duine leonta i gcorp agus in intinn. Ón oíche léanmhar sin tá feachtas ar siúl ag muintir na marbh ag iarraidh a fháil amach céard ba shiocair leis an sléacht a sciob a gclann uathu.

Is fada an fanacht é 43 bliain le freagra na ceiste sin a fháil agus ó mhaidin inniu bhí a muintir ag cruinniú le chéile i seomra na bpiléar sa Rotunda.

Tá ionchoisní ar siúl i gCúirt Chróinéara Cheantar Bhaile Átha Cliath le breis is 100 lá, an ceann is faide riamh sa tír seo agus éisteacht tugtha d’fhianaise ó bhreis is 300 duine – idir oibrithe sa gclub oíche an dóiteáin, lucht tarrthála a tháinig ar an láthair, daoine a tháinig slán ón tine agus saineolaithe tine.

Cuireadh in iúl don ghiúiré go raibh cúig rogha acu ó thaobh a mbreithiúnais – bás timpisteach, bás de bharr míthapa, marú neamhdhleathach, breithiúnas oscailte, agus breithiúnas inste.

Nuair a chuir cathaoirleach an ghiúiré in iúl inné nár fhéad siad teacht ar bhreithiúnas d’aon ghuth, dúirt an cróinéir, an Dr Myra Cullinane, leo go nglacfaí le breithiúnas tromlaigh. Go luath ina dhiaidh sin dúradh go raibh an seachtar ban agus an cúigear fear ar an gcoiste dáréag tagtha ar chinneadh. Dúirt an Cróinéir go gcuirfí an cinneadh sin in iúl ag a 2.00pm inniu ionas go mbeadh deis ag muintir na marbh a bheith i láthair sa gcúirt nó féachaint ar na himeachtaí a bhain lena ndaoine gaoil ar líne.

Tá an Taoiseach Simon Harris sa Bhruiséil inniu agus dúirt sé gur thuig sé “cé chomh crua agus chomh tochtmhar atá an lá inniu do theaghlaigh na marbh”. Dúirt sé freisin go mbeadh sé féin mar Thaoiseach “réidh le labhairt leis na teaghlaigh nuair a bheadh torthaí na n-ionchoisní ar fáil, ach le hómós do na teaghlaigh agus dá bhfeachtas fada ar son an chirt agus na fírinne, is cóir fanacht go mbeadh sin déanta”.

Cuireadh tús leis an ócáid inniu trí shiocair leighis bhás gach aon duine den 48 duine a bhásaigh sa tine a léamh amach in ord aibítre.

Níos mó