Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
‘ni-choir-go-mbeadh-ar-thuismitheoir-ar-bith-rogha-a-dheanamh-idir-tacaiocht-da-phaiste-agus-an-ghaelscolaiocht’

‘Ní chóir go mbeadh ar thuismitheoir ar bith rogha a dhéanamh idir tacaíocht dá pháiste agus an Ghaelscolaíocht’

Tá gearán déanta ag Comhairle na Gaelscolaíochta leis an Roinn Oideachais agus leis an Údarás Oideachais ó thuaidh faoin fhreastal atá á dhéanamh ar pháistí sa chóras Gaeloideachais a bhfuil riachtanais bhreise acu

‘Ní chóir go mbeadh ar thuismitheoir ar bith rogha a dhéanamh idir tacaíocht dá pháiste agus an Ghaelscolaíocht’

Tá gearán déanta ag Comhairle na Gaelscolaíochta leis an Roinn Oideachais agus an tÚdarás Oideachais ó thuaidh faoin fhreastal atá á dhéanamh ar pháistí a bhfuil riachtanais bhreise acu sa chóras Gaeloideachais.

Deir Comhairle na Gaelscolaíochta, an eagraíocht a dhéanann ionadaíocht ar an Ghaeloideachas ó thuaidh, go bhfuil polasaí ar leith de dhíth lena chinntiú go bhfuil freastal níos fearr á dhéanamh ar pháistí le sainriachtanais oideachais atá ag fáil a gcuid oideachais trí Ghaeilge.

Dúirt Príomhfheidhmeannach na Comhairle, Maria Thomasson le Tuairisc, go mbíonn “dúshláin bhreise” i gceist i gcás páistí le riachtanais bhreise atá ag fáil a gcuid oideachais trí Ghaeilge mar go bhfuil na hacmhainní agus na seirbhísí uilig “deartha do chóras aonteangach”.

“Tá Comhairle na Gaelscolaíochta den tuairim go bhfuil polasaí de dhíth ar Roinn an Oideachais agus ar an Údarás Oideachais maidir le sainriachtanais oideachais in earnáil na Gaelscolaíochta.

“Tá uirlisí measúnaithe agus diagnóiseacha de dhíth go práinneach atá fóirsteanach don suíomh tumoideachais. Tá seirbhísí tacaíochta atá fóirsteanach do pháistí atá ag foghlaim trí mheán na Gaeilge uainn.”

Dúirt Thomasson go bhfuil an cur chuige céanna de dhíth maidir le seirbhísí agus acmhainní in earnáil na Gaelscolaíochta is atá ar fáil i scoileanna Béarla le freastal mar is cóir ar pháistí a bhfuil riachtanais bhreise acu.

“Tá líonra réigiúnach do SpiMs nó Sainsoláthar i Scoileanna Príomhshrutha de dhíth ar an earnáil, le nach mbeidh ar thuismitheoir ar bith rogha a dhéanamh idir an tacaíocht chuí dá pháiste agus an Ghaelscolaíocht.

“Agus, thar aon rud eile, tá foireann ar leith le taithí agus le tuiscint cheart ar idirghabhálacha cuí tumoideachais de dhíth chun áiseanna agus tacaíocht shainithe a chruthú do dhaltaí agus do chleachtóirí Gaelscoile.”

Dúirt an tAire Oideachais Paul Givan san Fheidhmeannas an tseachtain seo go ndéantar “iarrachtaí, nuair is féidir” síceolaithe oideachais a bhfuil Gaeilge acu agus “taithí acu ar an dátheangachas” a chur ar fáil do pháistí in earnáil an Ghaeloideachais.

Thug Givan le fios fosta go raibh a Roinn ag obair le Comhairle na Gaelscolaíochta ar athbhreithniú ar an soláthar do riachtanais speisialta in earnáil an Ghaeloideachais ó thuaidh.

Dúirt Thomasson go bhfuil “abhcóideacht agus ionadaíocht leanúnach láidir” ar siúl ag an eagraíocht leis an Roinn agus an tÚdarás Oideachais faoin cheist le roinnt blianta anuas ach nach bhfuil an Gaeloideachas mar chuid de phlean úr ‘Sainriachtanais Oideachais an Údaráis Oideachais’, a bheas i bhfeidhm ó Mheán Fómhair 2024 ar aghaidh.

“Tá gearán déanta againn leis an Údarás Oideachais agus leis an Roinn Oideachais faoi seo agus leanfaidh muid orainn go dtí go mbeidh an tacaíocht chuí ar fáil do dhaltaí na hearnála,” a dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle na Gaelscolaíochta, Maria Thomasson.

Níos mó