Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
seans-go-mbeidh-foluntas-ann-d’aire-stait-gaeltachta-den-cheathru-huair-le-ceithre-bliana

Seans go mbeidh folúntas ann d’aire stáit Gaeltachta den cheathrú huair le ceithre bliana

| Tuairisc.ie | ,

D’fhéadfadh aire stáit nua don Ghaeltacht a bheith á cheapadh sara fada agus drochsheans go mbeadh aon Ghaeilge aige.

Tá Aire Stáit na Gaeltachta Patrick O’Donovan ar dhuine de na daoine is mó atá á lua le hardú céime faoi cheannaire nua Fhine Gael, Simon Harris.

Da bhfaigheadh an Teachta Dála as Luimneach aireacht shinsearach bheadh an ceathrú haire stáit Gaeltachta le ceapadh ón olltoghchán in 2020.

Beidh dhá aireacht shinsearach ar a laghad le líonadh ag Simon Harris nuair a thoghfar ina Thaoiseach é an tseachtain seo chugainn sa Dáil.

Beidh folúntas ina roinn féin, an roinn breisoideachais agus ardoideachais agus beidh air comharba Simon Coveney a roghnú chomh maith. D’fhógair Coveney an tseachtain seo go raibh sé ag éirí as an aireacht fiontar, trádála agus fostaíochta.

Tá Peter Burke, an tAire Stáit do Ghnóthaí Eorpacha, Jennifer Carroll MacNeill, aire stáit sa Roinn Airgeadais, Neale Richmond, aire stáit sa Roinn Fiontar, Hildegarde Naughton, Príomh-Aoire an Rialtais, agus Patrick O’Donovan, aire stáit don Ghaeltacht agus don OPW, ar an gceathrar is mó atá á lua le hardú céime.

Tá Burke, Teachta Dála i ndáilcheantair an Longfoirt agus na hIarmhí ina rogha láidir na coitiantachta d’ardú céime agus meastar go bhfuil buntáiste mór ag O’Donovan ó thaobh na tíreolaíochta de.

Fágann éirí as Coveney nach mbeadh aon aire sinsearach ag Fine Gael ó Chúige Mumhan mura gceapfaí duine ón gcúige sin ina áit.

Tá O’Donovan, arb as an gCaisleán Nua Thiar in iarthar Luimnigh dó, anois ar an dTeachta Dála is sinsearaí ag Fine Gael i gCúige Mumhan. As Baile Átha Cliath an bheirt airí stáit eile is mó atá á lua le hardú céime – Jennifer Carroll MacNeill agus Neale Richmond.

Dá gceapfaí O’Donovan ina aire sinsearach ní mór na roghanna a bheadh ag Simon Harris dá mbeadh sé ag iarraidh go mbeadh Gaeilge éigin ag an aire nua i Roinn na Gaeltachta.

De réir suirbhé a rinne Tuairisc aimsir an toghcháin dheireanaigh, seachtar Teachtaí Dála de chuid Fhine Gael a thug le fios go raibh Gaeilge acu. Duine acu sin Patrick O’Donovan agus duine eile an Taoiseach, go ceann roinnt laethanta eile, Leo Varadkar.

Tá sé fógartha ag ceathrar den chúigear eile Teachtaí Dála de chuid Fhine Gael a bhfuil Gaeilge acu – Fergus O’Dowd, Brendan Griffin, Michael Creed agus an t-iar-aire Gaeltachta, Joe McHugh –  nach mbeidh siad ag seasamh sa chéad toghchán eile.

Hildegarde Naughton, Príomh-Aoire an Rialtais, an t-aon Teachta Dála eile de chuid Fhine Gael a deir go bhfuil dóthain Gaeilge aici chun agallamh beo a dhéanamh ar na meáin chraolta.

Bhí Naughton luaite go láidir mar aire stáit Gaeltachta sarar tugadh an post do O’Donovan ag deireadh 2022. Tá an Teachta Dála as Gaillimh Thiar ina haire stáit sa Roinn Sláinte chomh maith agus í freagrach as an Straitéis Náisiúnta Drugaí. Dá mbabhtálfaí timpeall na haireachtaí stáit atá faoi chúram Fhine Gael, d’fhéadfaí aireacht na Gaeltachta a thabhairt do Hildegarde Naughton in áit an ceann atá aici faoi láthair.

Seachas sin, is beag seans in aon chor go mbeadh Gaeilge ag comharba O’Donovan mura gceapfaí seanadóir sa phost.

Is annamh a tharlaíonn a leithéid ach dúirt, Seán Kyne, leathbhádóir Naughton i nGaillimh Thiar, go leathmhagúil an tseachtain seo go raibh sé chun a rá le Simon Harris go mbeadh sé féin “ar fáil”  dá mbeadh post le líonadh.

Dá dtabharfaí ardú céime do Patrick O’Donovan bheadh folúntas le líonadh i Roinn na Gaeltachta den cheathrú huair le ceithre bliana. Is iad an bheirt a bhí sa phost roimh Patrick O’Donovan, ná Dara Calleary, nach raibh ach cúpla seachtain ann, agus Jack Chambers a bhí ina aire stáit don Ghaeltachta idir 2021-2022.

Níos mó