Cúrsaí Iarchéime trí Ghaeilge – Cúige Chonnacht
Díríonn an t-alt seo ar na cúrsaí iarchéime le Gaeilge atá á bhfógairt ag na hinstitiúidí oideachais i gCúige Chonnacht. Leanann sé ar aghaidh ó na hailt Cúrsaí Iarchéime trí Ghaeilge – Cúige Laighean agus Cúrsaí Iarchéime trí Ghaeilge – Cúige Mumhan, a chuir tús leis an tsraith seo.
Tá súil againn go mbeidh an liosta seo úsáideach duit agus tú ag smaoineamh ag dul ar aghaidh le do thuras foghlama.
Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh (ATU)
Tháinig Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Maigh Eo, An Institiúid Teicneolaíochta, Sligeach agus Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn le chéile chun Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh a bhunú.
|
|
Teideal agus fad an chúrsa & nasc chuige | Achoimre Ghearr ón gColáiste |
Gaeilge Fheidhmeach agus Aistriúchán (Ard-Dioplóma)
(eolas breise le fáil ó Europus) bliain amháin (6-mhí) |
Beidh an cúrsa ardghairmiúil seo dírithe ar dhaoine ar mian leo a bheith ina n-aistritheoirí gairmiúla agus beidh modúil ar leith sa chúrsa dírithe ar ghnéíthe eile de thionscal na teanga. |
Ollscoil na hÉireann, Gallimh
|
|
Teideal agus fad an chúrsa & nasc chuige | Achoimre Ghearr ón gColáiste |
Nua-Ghaeilge (MA)
bliain amháin (lánaimseartha) |
An bhfuil fonn ort ardcháilíocht a bhaint amach i Léann na Gaeilge? An bhfuil suim agat breis scileanna taighde, anailíse agus cur i láthair a fhorbairt? An bhfuil tú ag smaoineamh ar thaighde a dhéanamh ag leibhéal na dochtúireachta amach anseo? Má tá, b’fhéidir gurb é an MA sa Nua-Ghaeilge an cúrsa duitse. |
Cleachtas Gairmiúil sna Meáin (MA/Dioplóma)
bliain amháin (lánaimseartha) |
Páirtnéireacht eisceachtúil idir Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus Raidió Teilifís Éireann is ea an MA (Cleachtas Gairmiúil sna Meáin) atá á chur ar fáil trí mheán na Gaeilge ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge. Faoin bpáirtnéireacht seo, déanfaidh tú staidéar agus anailís chriticiúil ar na meáin agus ar chruinnscríobh na Gaeilge san Ollscoil agus ar líne; agus déanfaidh tú staidéar ar chleachtais ghairmiúla chomhaimseartha sna meáin in aonaid Ghaeilge éagsúla de chuid RTÉ i gConamara agus i mBaile Átha Cliath. |
Oideachas (Máistir Gairmiúil san [MGO])
dhá bhliain (lánaimseartha) |
Clár in Oideachas Tosaigh Múinteoirí go hiomlán trí mheán na Gaeilge, ag leibhéal máistreachta, thar dhá bhliain, is ea an Máistir Gairmiúil san Oideachas in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Tá an-tóir ar chéimithe an chláir agus iad fostaithe i nGaelcholáistí agus in iarbhunscoileanna Gaeltachta ar fud na tíre agus i scoileanna ar fud an domhain. Tá sé aitheanta ag an gComhairle Mhúinteoireachta mar chlár oiriúnach chun críocha clárúcháin mar mhúinteoir iar-bhunoideachais in Éirinn agus san AE. |
Léann Teanga (MA/Dioplóma)
dhá bhliain (páirtaimseartha) |
Is é aidhm an chúrsa seo oiliúint i ngnéithe den Léann Teanga a chur ar mhic léinn a chuirfidh ar a gcumas feidhmiú go gairmiúil trí Ghaeilge, in earnálacha éagsúla. Tabharfar léargas do na mic léinn ar bhunghnéithe faoi leith den Léann Teanga. Díríonn na mic léinn, trí mhodúil sainábhair, ar cheann amháin de na príomhdhisciplíní seo a leanas: Aistriúchán nó Pleanáil Teanga. |
Aistriúchán Closamhairc (Teastas Iarchéime)
bliain amháin |
Is comhpháirtíocht é an clár seo idir OÉ Gaillimh agus Táirgí Media Idirnáisiúnta (TMI)—ceann de na gnólachtaí fotheidealúcháin/aistriúcháin closamhairc is bisiúla in Éirinn trí chéile. Is é aidhm an chláir oiliúint i ngnéithe den aistriúchán don scáileán—ar a n-áirítear fotheidealúchán idirtheangach, fotheidealúchán inteangach, fotheidealúchán beo, aistriúchán scripteanna don teilifís, tráchtaireacht fuaime, seirbhísí rochtana do chomhdhálacha – a chur ar rannpháirtithe. |
Ardscileanna Gaeilge do Mhúinteoirí
dhá bhliain (páirtaimseartha) |
Tá an teastas iarchéime 30 ECTS seo á thairiscint go páirtaimseartha do mhúinteoirí cáilithe ar mhian leo cur lena scileanna teanga agus ardchumas cruinnis a bhaint amach. Tá sé oiriúnach do mhúinteoirí bunscoile agus iar-bhunscoile, do mhúinteoirí Gaeilge agus do mhúinteoirí atá ag teagasc ábhair trí Ghaeilge i ngaelscoileanna, i ngaelcholáistí agus i scoileanna Gaeltachta. |
Ateangaireacht Chomhdhála (MA/Dioplóma)
bliain amháin |
Déanfar staidéar ar an dá chineál ateangaireachta: ateangaireacht leantach agus ateangaireacht chomhuaineach. Bainfear úsáid as cleachtaí éagsúla chun oiliúint sna scileanna seo a chur ar mhic léinn: cleachtaí cuimhne; ateangaireacht gan nótaí; ateangaireacht le hamharc; teicnící um breacadh nótaí agus an taisclann institiúide. Is iad an Ghaeilge, an Béarla, an Fhraincis, an Spáinnis, an Iodáilis agus an Ghearmáinis atá á dtairiscint mar theangacha an chúrsa seo. |
Gaeilge Fheidhmeach (Ard-Dioplóma)
dhá bhliain (páirtaimseartha) |
Is cúrsa dhá bhliain atá i gceist leis an Ard-Dioplóma sa Ghaeilge Fheidhmeach atá dírithe go príomha ar mhic léinn a bhfuil céim onóracha bainte amach acu cheana féin i ndisciplín seachas an Ghaeilge ach atá ag iarraidh an Ghaeilge a shaothrú mar ábhar acadúil ag leibhéal 8. |
Léann an Aistriúcháin (MA)
dhá bhliain |
Is é aidhm an chúrsa seo oiliúint i ngnéithe den aistriúchán a chur ar mhic léinn a chuirfidh ar a gcumas feidhmiú go gairmiúil in earnáil an aistriúcháin. Tabharfar léargas do na mic léinn ar shainghnéithe den aistriúchán. Déanfar scrúdú grinn ar an leagan is déanaí de Chaighdeán Oifigiúil na Gaeilge mar bhunchloch d’obair an aistritheora. Chomh maith le hoiliúint sna cineálacha téacsanna aistriúcháin is coitianta, tabharfar dúshlán an mhic léinn chomh maith i sainréimsí an aistriúcháin liteartha, an aistriúcháin reachtaíochta, an aistriúcháin téacsleabhar, an aistriúcháin fotheidealúcháin agus na heagarthóireachta. |
Léann an Aistriúcháin (Teastas Iarchéime)
bliain amháin nó dhá bhliain |
Tá an cúrsa seo á chur ar fáil ar mhaithe leo siúd ar spéis leo oiliúint i ngnéithe de Léann an Aistriúcháin a chuirfeadh ar a gcumas scileanna aistriúcháin a fheidhmiú go gairmiúil, in earnálacha éagsúla. Déanfar scrúdú grinn ar an leagan is déanaí de Chaighdeán Oifigiúil na Gaeilge mar bhunchloch d’obair an aistritheora. Chomh maith le hoiliúint sna cineálacha téacsanna ginearálta is minice a bhíonn á láimhseáil ag aistritheoirí, tabharfar dúshlán an mhic léinn chomh maith i sainréimsí an aistriúcháin liteartha agus an aistriúcháin reachtaíochta. |
Tá tuilleadh eolais ar chúrsaí iarchéime agus faoi chúrsaí foghlama agus cruinnis teanga ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge.
Ailt Ábhartha Eile
- Cúrsaí Iarchéime trí Ghaeilge – Cúige Mumhan
- Cúrsaí Iarchéime trí Ghaeilge – Cúige Laighean
- Cúrsaí Iarchéime trí Ghaeilge – Cúige Uladh
- Tabharfaidh an t-alt seo níos mó eolais duit ar chúrsaí fochéime agus iarchéime go náisiúnta: Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal