Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta

Cúrsaí Iarchéime trí Ghaeilge – Cúige Chonnacht

| fionnuala |

Díríonn an t-alt seo ar na cúrsaí iarchéime le Gaeilge atá á bhfógairt ag na hinstitiúidí oideachais i gCúige Chonnacht. Leanann sé ar aghaidh ó na hailt Cúrsaí Iarchéime trí Ghaeilge – Cúige Laighean agus Cúrsaí Iarchéime trí Ghaeilge – Cúige Mumhan, a chuir tús leis an tsraith seo.

Tá súil againn go mbeidh an liosta seo úsáideach duit agus tú ag smaoineamh ag dul ar aghaidh le do thuras foghlama.

Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh (ATU)

Tháinig Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Maigh Eo, An Institiúid Teicneolaíochta, Sligeach agus Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn le chéile chun Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh a bhunú.

Teideal agus fad an chúrsa & nasc chuige Achoimre Ghearr ón gColáiste
Gaeilge Fheidhmeach agus Aistriúchán (Ard-Dioplóma)

(eolas breise le fáil ó Europus)

bliain amháin (6-mhí)

Beidh an cúrsa ardghairmiúil seo dírithe ar dhaoine ar mian leo a bheith ina n-aistritheoirí gairmiúla agus beidh modúil ar leith sa chúrsa dírithe ar ghnéíthe eile de thionscal na teanga.

Ollscoil na hÉireann, Gallimh

Teideal agus fad an chúrsa & nasc chuige Achoimre Ghearr ón gColáiste
Nua-Ghaeilge (MA)

bliain amháin (lánaimseartha)
dhá bhliain (páirtaimseartha)

An bhfuil fonn ort ardcháilíocht a bhaint amach i Léann na Gaeilge? An bhfuil suim agat breis scileanna taighde, anailíse agus cur i láthair a fhorbairt? An bhfuil tú ag smaoineamh ar thaighde a dhéanamh ag leibhéal na dochtúireachta amach anseo? Má tá, b’fhéidir gurb é an MA sa Nua-Ghaeilge an cúrsa duitse.
Cleachtas Gairmiúil sna Meáin (MA/Dioplóma)

bliain amháin (lánaimseartha)
dhá bhliain (páirtaimseartha)

Páirtnéireacht eisceachtúil idir Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus Raidió Teilifís Éireann is ea an MA (Cleachtas Gairmiúil sna Meáin) atá á chur ar fáil trí mheán na Gaeilge ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge. Faoin bpáirtnéireacht seo, déanfaidh tú staidéar agus anailís chriticiúil ar na meáin agus ar chruinnscríobh na Gaeilge san Ollscoil agus ar líne; agus déanfaidh tú staidéar ar chleachtais ghairmiúla chomhaimseartha sna meáin in aonaid Ghaeilge éagsúla de chuid RTÉ i gConamara agus i mBaile Átha Cliath.
Oideachas (Máistir Gairmiúil san [MGO])

dhá bhliain (lánaimseartha)

Clár in Oideachas Tosaigh Múinteoirí go hiomlán trí mheán na Gaeilge, ag leibhéal máistreachta, thar dhá bhliain, is ea an Máistir Gairmiúil san Oideachas in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Tá an-tóir ar chéimithe an chláir agus iad fostaithe i nGaelcholáistí agus in iarbhunscoileanna Gaeltachta ar fud na tíre agus i scoileanna ar fud an domhain. Tá sé aitheanta ag an gComhairle Mhúinteoireachta mar chlár oiriúnach chun críocha clárúcháin mar mhúinteoir iar-bhunoideachais in Éirinn agus san AE.
Léann Teanga (MA/Dioplóma)

dhá bhliain (páirtaimseartha)

Is é aidhm an chúrsa seo oiliúint i ngnéithe den Léann Teanga a chur ar mhic léinn a chuirfidh ar a gcumas feidhmiú go gairmiúil trí Ghaeilge, in earnálacha éagsúla. Tabharfar léargas do na mic léinn ar bhunghnéithe faoi leith den Léann Teanga. Díríonn na mic léinn, trí mhodúil sainábhair, ar cheann amháin de na príomhdhisciplíní seo a leanas: Aistriúchán nó Pleanáil Teanga.
Aistriúchán Closamhairc (Teastas Iarchéime)

bliain amháin

Is comhpháirtíocht é an clár seo idir OÉ Gaillimh agus Táirgí Media Idirnáisiúnta (TMI)—ceann de na gnólachtaí fotheidealúcháin/aistriúcháin closamhairc is bisiúla in Éirinn trí chéile. Is é aidhm an chláir oiliúint i ngnéithe den aistriúchán don scáileán—ar a n-áirítear fotheidealúchán idirtheangach, fotheidealúchán inteangach, fotheidealúchán beo, aistriúchán scripteanna don teilifís, tráchtaireacht fuaime, seirbhísí rochtana do chomhdhálacha – a chur ar rannpháirtithe.
Ardscileanna Gaeilge do Mhúinteoirí

dhá bhliain (páirtaimseartha)

Tá an teastas iarchéime 30 ECTS seo á thairiscint go páirtaimseartha do mhúinteoirí cáilithe ar mhian leo cur lena scileanna teanga agus ardchumas cruinnis a bhaint amach. Tá sé oiriúnach do mhúinteoirí bunscoile agus iar-bhunscoile, do mhúinteoirí Gaeilge agus do mhúinteoirí atá ag teagasc ábhair trí Ghaeilge i ngaelscoileanna, i ngaelcholáistí agus i scoileanna Gaeltachta.
Ateangaireacht Chomhdhála (MA/Dioplóma)

bliain amháin

Déanfar staidéar ar an dá chineál ateangaireachta: ateangaireacht leantach agus ateangaireacht chomhuaineach. Bainfear úsáid as cleachtaí éagsúla chun oiliúint sna scileanna seo a chur ar mhic léinn: cleachtaí cuimhne; ateangaireacht gan nótaí; ateangaireacht le hamharc; teicnící um breacadh nótaí agus an taisclann institiúide. Is iad an Ghaeilge, an Béarla, an Fhraincis, an Spáinnis, an Iodáilis agus an Ghearmáinis atá á dtairiscint mar theangacha an chúrsa seo.
Gaeilge Fheidhmeach (Ard-Dioplóma)

dhá bhliain (páirtaimseartha)

Is cúrsa dhá bhliain atá i gceist leis an Ard-Dioplóma sa Ghaeilge Fheidhmeach atá dírithe go príomha ar mhic léinn a bhfuil céim onóracha bainte amach acu cheana féin i ndisciplín seachas an Ghaeilge ach atá ag iarraidh an Ghaeilge a shaothrú mar ábhar acadúil ag leibhéal 8.
Léann an Aistriúcháin (MA)

dhá bhliain

Is é aidhm an chúrsa seo oiliúint i ngnéithe den aistriúchán a chur ar mhic léinn a chuirfidh ar a gcumas feidhmiú go gairmiúil in earnáil an aistriúcháin. Tabharfar léargas do na mic léinn ar shainghnéithe den aistriúchán. Déanfar scrúdú grinn ar an leagan is déanaí de Chaighdeán Oifigiúil na Gaeilge mar bhunchloch d’obair an aistritheora. Chomh maith le hoiliúint sna cineálacha téacsanna aistriúcháin is coitianta, tabharfar dúshlán an mhic léinn chomh maith i sainréimsí an aistriúcháin liteartha, an aistriúcháin reachtaíochta, an aistriúcháin téacsleabhar, an aistriúcháin fotheidealúcháin agus na heagarthóireachta.
Léann an Aistriúcháin (Teastas Iarchéime)

bliain amháin nó dhá bhliain

Tá an cúrsa seo á chur ar fáil ar mhaithe leo siúd ar spéis leo oiliúint i ngnéithe de Léann an Aistriúcháin a chuirfeadh ar a gcumas scileanna aistriúcháin a fheidhmiú go gairmiúil, in earnálacha éagsúla. Déanfar scrúdú grinn ar an leagan is déanaí de Chaighdeán Oifigiúil na Gaeilge mar bhunchloch d’obair an aistritheora. Chomh maith le hoiliúint sna cineálacha téacsanna ginearálta is minice a bhíonn á láimhseáil ag aistritheoirí, tabharfar dúshlán an mhic léinn chomh maith i sainréimsí an aistriúcháin liteartha agus an aistriúcháin reachtaíochta.

Tá tuilleadh eolais ar chúrsaí iarchéime agus faoi chúrsaí foghlama agus cruinnis teanga ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge.

Ailt Ábhartha Eile