![aoife-sa-chistin:-scailtin-leanna-uill](/wp-content/themes/yootheme/cache/04/60716-aoife-sa-chistin-scailtin-leanna-uill-04071a46.jpeg)
Aoife sa Chistin: Scailtín leanna úill
Na comhábhair:
1L leann úill
60g siúcra demerara
1 bata cainéil
5 clóbh
1 réalta ainíse
3cm sinséar úr
1 cleimintín, sú agus craiceann
![](https://nos.ie/wp-content/uploads/2022/12/Scailtin-Leann-Ull.jpg)
Téigh an siúcra, an cainéal, na clóibh, an réalta ainíse, an sinséar, an craiceann agus 100ml leann úll i bpota go mbeidh síoróip agat.Ísligh an teas agus doirt isteach an chuid eile den leann úll agus an sú cleimintín. Dein suanbhruith air go ceann 10 nóiméad. Dein an scailtín a scagadh agus roinn amach i ngloiní téite é