![aoife-sa-chistin:-caoineog-veigeanach-phroibhitheach](/wp-content/themes/yootheme/cache/09/60900-aoife-sa-chistin-caoineog-veigeanach-phroibhitheach-09a6cca8.jpeg)
Aoife sa Chistin: Caoineog Veigeánach Phróibhítheach
Is leigheas í a chaoineog seo don phutóg. Tá sí ana-bhlasta mar aon le bheith lán de phróibhithigh.
Na comhábhair
1 úll, gearrtha
1 piorra, gearrtha
100g sméara gorma, reoite
100g sútha craobh, reoite
100g sútha talún, reoite
200g iógairt cócó
200ml uisce cócó nó uisce
![](https://nos.ie/wp-content/uploads/2023/01/Caoineog-650x1024.jpg)
Bain úsáid as próiseálaí bídh chun na comhábhair a bhriseadh suas agus a mheascadh le chéile go dtí go mbíonn caoineog dheas mhín agat.
Tús maith… leath na hoibre!