Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-amhras-ar-ghearoid-denvir-faoi-thiomantas-an-stait-don-ghaeilge-agus-don-ghaeltacht

Amhras ar Ghearóid Denvir faoi thiomantas an stáit don Ghaeilge agus don Ghaeltacht

| Tuairisc.ie | ,

Tá amhras léirithe ag Uachtarán nua-cheaptha an Oireachtais, Gearóid Denvir, faoi thiomantas an stáit, idir “an rialtas tofa agus bhuanrialtas na státseirbhíse” don Ghaeilge ná don Ghaeltacht.

Ag labhairt dó ag ócaid a insealbhaithe mar Uachtarán ar Oireachtas 2020 i mBóthar na Trá, Gaillimh aréir, dúirt an t-iar-ollamh le Nua-Ghaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh go dtagann an tráth a gcaitear “cearta bunúsacha a éileamh trí labhairt amach gan fuacht gan faitíos” agus dúshlán na bunaíochta a thabhairt mar a rinne bunaitheoirí Chonradh na Gaeilge i dtús an fichiú haois, agus muintir Ghluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta leathchéad bliain ó shin.

Agus é ag tagairt d’easpa tiomantais an stáit don Ghaeilge, thagair Gearóid Denvir “don síorionsaí agus an síorchreimeadh ar ionad na Gaeilge sa gcóras oideachais, nó sna forais éagsúla stáit atá ceaptha a bheith faoi réir ag forálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla”.

Dúirt sé go dtagann pobal na Gaeilge le chéile ag an Oireachtas le “ceiliúradh a dhéanamh orainn féin, ar ár n-oidhreacht, ar ár bhféiniúlacht mar dhaoine daonna agus mar bhaill dár bpobail éagsúla”.

Dúirt an tUachtarán nua go raibh “fís áirithe againn i gcomhpháirtíocht lena chéile maidir leis an gcineál Éireann is ansa linn, fís atá fréamhaithe san aisling a chruthaigh agus a chothaigh an tOireachtas agus bunaitheoirí an stáit ó thús.”

Pobal “forásach bisiúil nua-aoiseach” é pobal na teanga, dar le Denvir agus bhí moladh ar leith aige ar an óige as a bpáirtíocht i bhféile an Oireachtais.

“Saibhreas oidhreachta cultúrtha agus teanga atá na daoine óga seo a thabhairt leo le dúchas agus le hoiliúint, saibhreas nár chodail amuigh, ach a chuireas agus a chuirfeas ar a súile dóibh cé hiad féin, agus cé dar díobh iad, agus iad ag dul i mbun an tsaoil mhóir,” a dúirt sé.

Dúirt an tUachtarán nua-cheaptha go raibh sé ag freastal ar an Oireachtas ón bhliain 1967 nuair a tionóladh é san RDS i mBaile Átha Cliath, “i bhfoisceacht leathmhíle den áit inar rugadh agus inar tógadh mé” agus tá sé ag freastal ó shin air bliain i ndiaidh bliana. Níl aige ach “cuimhní geala Oireachtais” agus is “onóir agus pribhléid ar leith” dó a bheith ina Uachtarán ar Oireachtas na Gaeilge don bhliain 2020, a dúirt sé.

Níos mó