Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-titim-ar-lion-na-ndaoine-le-gaeilge-ata-a-gceapadh-sa-statseirbhis-agus-sna-gardai-–-figiuiri-nua

Titim ar líon na ndaoine le Gaeilge atá á gceapadh sa státseirbhís agus sna Gardaí – figiúirí nua

| Tuairisc.ie |

Níor ceapadh mar státseirbhíseach anuraidh oiread agus duine amháin ó na painéil speisialta a bunaíodh lena chinntiú go mbeadh baill foirne le líofacht i nGaeilge ag obair i ranna Rialtais na tíre.

Ceapadh 15 duine ó na painéil Ghaeilge go dtí seo i mbliana ach ba ag an ngrád is ísle sa státseirbhís – grád Oifigeach Cléireachais – a bhí gach duine acu agus níor ceapadh aon duine chuig aon cheann de na ceithre ghrád níos airde – Oifigeach Feidhmiúcháin, Oifigeach Riaracháin, Ard-Oifigeach Feidhmiúcháin agus Príomh-Oifigeach Cúnta – a bhfuil painéil Ghaeilge ar fáil dóibh.

An tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, Paschal Donohoe, a thug an t-eolas sin mar fhreagra ar cheist Dála ón Teachta Éamon Ó Cuív. 

Thug an tAire le fios gur 64 duine a ceapadh chuig poist a raibh riachtanas Gaeilge luaite leo sa státseirbhís le ceithre bliana anuas ach bhain 49 de na ceapacháin sin leis na blianta 2016 agus 2017. Ba le linn na bliana 2017 is mó a ceapadh baill foirne chuig poist Ghaeilge nuair a fostaíodh 20 Oifigeach Cléireachais, 4 Oifigeach Feidhmiúcháin, 4 Oifigeach Riaracháin, Ard-Oifigeach Feidhmiúcháin amháin agus dhá Phríomh-Oifigeach Cúnta.

Cuireadh tús leis an gcóras le painéil de chainteoirí Gaeilge a bhunú do phoist sa státseirbhís sa bhliain 2013 nuair a cuireadh deireadh leis an gcóras a bhí ann roimhe sin go gceadófaí marcanna bónais do dhaoine a raibh líofacht i nGaeilge agus i mBéarla acu sa chomórtas earcaíochta nó i gcás arduithe céime sa státseirbhís.

Státseirbhís
Grád 2016 2017 2018 2019 Iomlán
Oifigeach Cléireachais 0 20 0 15 35
Oifigeach Feidhmiúcháin 18 4 0 0 22
Oifigeach Riaracháin 0 4 0 0 4
Ard-Oifigeach Feidhmiúcháin 0 1 0 0 1
Príomh-Oifigeach Cúnta 0 2 0 0 2
Iomlán 18 31 0 15 64

Léiríonn na figiúirí is deireanaí go bhfuil titim shuntasach freisin ar an ráta ag a bhfuil earcaigh le Gaeilge á gceapadh mar bhaill den Gharda Síochána. Glacadh le 35 duine ar phainéal Gaeilge na nGardaí sa bhliain 2013 agus 28 sa bhliain 2016 ach níor glacadh ach le ceathrar sa bhliain 2017, deichniúr in 2018 agus seisear go dtí seo i mbliana.

An Garda Síochána – earcaí le Gaeilge
Bliain Líon
2013 35
2016 28
2017 4
2018 10
2019 6

An tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí atá faoi chúram an Aire Paschal Donohoe a riarann na comórtais earcaíochta don státseirbhís agus don Gharda Síochána.

Tiocfaidh ionadaithe ón eagraíocht sin i láthair cruinniú de chuid Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán i dTeach Laighean tráthnóna inniu. Tá an cruinniú á reáchtáil i gcomhthéacs na leasuithe atá beartaithe ar Acht na dTeangacha Oifigiúla.

Dúirt Cathaoirleach an Choiste, Catherine Connolly TD gur deis a bhí i gcruinniú an lae inniu éisteacht a thabhairt don tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí maidir le gealltanais i leith na Gaeilge.

Níos mó