Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-leagan-gaeilge-de-bhileog-eolais-faoi-covid-19-le-daileadh-nach-mor-mi-i-ndiaidh-an-leagain-bhearla

Leagan Gaeilge de bhileog eolais faoi Covid-19 le dáileadh nach mór mí i ndiaidh an leagain Bhéarla

| Tuairisc.ie | ,

Tá ráite ag an Roinn Sláinte go bhfuil sé i gceist acu leagan Gaeilge de bhileog eolais an Rialtais a scaipeadh ar an bpobal “an tseachtain seo”, nach mór mí ó dáileadh an leagan Béarla di ar theaghlaigh an Stáit.

Ach seachas cás na bileoige, ní raibh aon rud eile le rá ag an Roinn faoin scéala nach bhfuil ach fíorbheagán den ábhar faoin ghéarchéim sa tsláinte phoiblí atá á chur amach acu ar fáil i nGaeilge.

Nuair a lorg Tuairisc.ie ráiteas ón Roinn Sláinte faoin easpa Gaeilge san ábhar atá á fhoilsiú acu faoin phaindéim, chuir siad liosta ar ais chugainn de na dualgais atá orthu i leith na Gaeilge, cuid acu ar léir iad a bheith á sárú acu.

De réir na comhairle is déanaí i nGaeilge atá á cur ag an rialtas ar an phobal maidir le Covid-19 “is féidir go leanfaidh an chuid is mó de dhaoine ar aghaidh ag dul ar obair, ar scoil nó chuig áiteanna poiblí eile mar is gnách” agus i mBéarla amháin nach mór atá na fógraí sláinte phoiblí, an chomhairle sláinte is déanaí, na preasráitis, na feasacháin laethúla agus na póstaeir agus grafaicí atá á bhfoilsiú ag an Rialtas i dtaobh an ghalair mharfaigh.

Dúirt an t-iar-aire Gaeltachta agus Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil, Éamon Ó Cuív, le Tuairisc.ie go bhfuil “easpa measa” á léiriú ar phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge ag an Rialtas agus ag na húdaráis Sláinte. 

“Léiríonn sé easpa measa ar phobal na Gaeltachta agus ar phobal na Gaeilge ar fud na tíre nach bhfuil gach eolas á chur amach ag an stát faoin ngéarchéim seo i mBéarla agus i nGaeilge,” arsa Ó Cuív. 

Dúirt an t-iar-aire Gaeltachta go raibh gearán déanta aige leis an Choimisinéir Teanga maidir le bileog eolais faoin choróinvíreas a seoladh chuig gach duine sa tír i mBéarla amháin. 

Dúirt an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill le Tuairisc.ie go scrúdófar aon ghearán a fhaightear faoi ábhar Gaeilge a bhaineann leis an ngéarchéim ar an mbealach céanna a ndéantar scrúdú ar aon ghearán eile a fhaigheann a oifig.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, gur chóir go mbeadh eolas “tábhachtach agus riachtanach” ón rialtas á chur ar fáil don phobal uile i dteangacha oifigiúla an stáit. 

“Ní hé nach bhfuil na hacmhainní ag an stát cheana féin le cinntiú go bhfuil gach rud aistrithe. Tá siad acu. Is ceist cur chuige atá ann,” a dúirt Julian de Spáinn. 

Níos mó