Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Top tips for people looking for jobs with Irish
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Top tips for people looking for jobs with Irish
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-cosaint-faoi-dhlithe-frith-fhuatha-lorgtha-ag-misneachd-do-chainteoiri-gaidhlig

Cosaint faoi dhlíthe frith-fhuatha lorgtha ag Misneachd do chainteoirí Gàidhlig

Tá éileamh déanta ag an ngrúpa feachtais Misneachd, macasamhail ‘Misneach’ na hÉireann, ar údaráis na hAlban go n-aithneofaí cainteoirí mionteangacha i reachtaíocht a thugann cosaint do mhionlaigh ó choireanna fuatha. 

Lorgaíodh tuairimí an phobail ar an ‘Bile Eucoir Gràin agus Òrdugh Poblach (Alba)’ (Bille Coireanna Fuatha agus Oird Poiblí (Albain) agus chuir an grúpa achainí isteach an tseachtain seo caite. Tá éilithe acu go gcuirfí an téarma ‘mionteanga’ sa mbille Hate Crime and Public Order (Scotland) Bill, le cainteoirí Gàidhlig agus cainteoir mionteanga eile in Albain a chosaint ó fhuath atá bunaithe ar theanga duine. 

Sa cháipéis a d’eisigh an grúpa in 2018 Plean Radacach airson na Gàidhlig, mhaígh an grúpa gur chóir cúrsaí teanga a lua taobh le cine, creideamh, míchumas, gnéasúlacht, agus cúrsaí inscne sa reachtaíocht. Dúradh sa gcáipéis sin gur cheart cosaint a thabhairt do theanga na comharthaíochta, don Choirnis, don Bhreatnais, agus don Ghaeilge in Albain chomh maith. 

Dúirt Misneachd gur údár dóchais dóibh gur thug an Tiarna Bracadale, a rinne athbhreithniú ar an reachtaíocht in aghaidh coireann fuatha in Albain, go bhfuil “cás sách láidir ann gur ‘grúpa eitneach’ iad lucht labhartha na Gàidhlig” maidir leis an bplé atá ar bun faoi láthair faoi choireanna fuatha sa tír.

Maíonn an grúpa, áfach, nach leor a rá go bhfuil “cás sách láidir” ag lucht labhartha na Gaeilge, ach gur chóir an chosaint a dhaingniú sa reachtaíocht. Deir siad go gcabhródh foráil faoi chúrsaí teanga sa dlí dul i ngleic leis an “aineolas forleathan” ar chearta teanga atá ann i measc an phobail Béarla in Albain. 

“Mar bhuíon Gàidhlig, tá sinn ag seasamh i ndlúthpháirtíocht le grúpa mionteanga eile, lena n-áirítear teangacha eile dúchais na hAlban (Albainis, Teanga na Comharthaíochta), teangacha ó phobail na n-inimirceach, agus mionteangacha eile dúchais na Ríochta Aontaithe (an Bhreatnais, an Ghaeilge, agus an Coirnis).

“Is deis í seo cosaint agus aitheantas a thabhairt do gach mionlach teanga sa tsochaí. Tugann sinn faoi deara an t-éileamh a rinne Coimisinéir Teanga na Breataine Bige go rachfaí i ngleic leis an bhfuath in aghaidh na Breatnaise le déanaí,” a dúradh i ráiteas a d’eisigh an grúpa. 

Níos mó