Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-duais-mhor-liteartha-an-oireachtais-buaite-ag-tadhg-mac-dhonnagain

Duais mhór liteartha an Oireachtais buaite ag Tadhg Mac Dhonnagáin

| NÓS Suíomh Gréasáin |

Is é an t-údar Tadhg Mac Dhonnagáin a bhuaigh duais mhór liteartha an Oireachtais i mbliana dá úrscéal Madam Lazare. Mícheál Ó Laoghaire a tháinig sa dara háit i gcomórtas A1 (Úrscéal – Ficsean Ginearálta) dá shaothar Cuairt an Uachtaráin.

Fógraíodh buaiteoirí uile Chomórtais Liteartha an Oireachtais ag ócáid ar líne ar maidin. 23 catagóir ar fad a bhí i gcomórtas na bliana seo – 15 comórtas do scríbhneoirí fásta agus ocht gcomórtas do scríbhneoirí óga. €27,000 an duaischiste a bronnadh ar na buaiteoirí éagsúla.

I measc na mbuaiteoirí eile bhí Feargal Ó Béarra, a bhuaigh an comórtas Próis lena shaothar Buile; agus Pádraig Mac Fhearghasa lena cnuasach filíochta Oilithreacht na gCríoch Déanach.

Bronnadh duais ar 15 fear agus ar ochtar ban i gcomórtais na ndaoine fásta. Ochtar buachaillí agus seisear cailíní a bhuaigh duaiseanna i gcomórtais na scríbhneoirí óga.

“Déanaim comhghairdeas leis an scríbhneoirí ar fad a bhain duais amach i mbliana. Tá tábhacht faoi leith ag baint leis na comórtais liteartha agus muid  ag iarraidh freastal ar an ngréasán scríbhneoirí ar fud an domhain agus litríocht agus nua-scríbhneoireacht na Gaeilge a chur chun cinn chomh maith le scríbhneoirí óga nua a mhealladh le dul i mbun pinn,” a dúirt Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir an Oireachtais.

Rannóg Buaiteoirí
Úrscéal – Ficsean Ginearálta 1. Tadhg Mac Dhonnagáin – Madame Lazare
2. Mícheál Ó Laoghaire – Cuairt an Uachtaráin
Ficsean do Dhaoine Óga (9-12) 1. Bróna Ní Uallacháin/Páid Ó Neachtain – A+
2. Gabriel Rosenstock – Scéilíní Scanrúla
Ficsean do Dhaoine Óga (13-15) 1. Richie Conroy – Dialann Emily Porter
2. Iarla Mac Aodha Bhuí – Deargadh Anoir
Saothar Próis Feargal Ó Béarra – Buile
Ábhar don Fhoghlaimeoir Fásta 1. Catherine Foley – Scéalta Grá
2. Seoirse Ó Dochartaigh – Cúl na Cruaiche
Cur chun cinn na Gaeilge Catherine Foley – Oscail an Doras agus Tiocfaidh Siad
Gearrscéal 1. Alan Titley – Amritsar
2. Eithne Ní Ghallchobhair – Soineann
Scéal do Dhéagóirí 1. Éamonn Ó Loingsigh – An Cailín ón Eastát
Dán Róisín Sheehy – Filleann Fianna
Cnuasach Filíochta Pádraig Mac Fhearghasa – Oilithreacht na gCríoch Déanach
Aiste Innealltóireachta Helen Ní Mhurchú – Nascanna
Dráma Aonghnímh Róisín Sheehy – An Bhean a Saolaíodh ar Charraig
Comórtas Cuimhneacháin Aoidh Uí Ruairc A. Áine Ní Ghlinn – An Tornapa Mór
B. Brian Ó Gibne – An Faolchú Mór, Feoiliteach, Fuilteach, Fíochmhar
C. Gabriel Rosenstock – Cúig Eala Áille
Saothar Creidimh/ Ábhar Marana Gabriel Rosenstock – Iontas na nIontas
Aiste Fealsúnachta Alan Titley – An Tost gan Insint
Comórtais Liteartha don Scríbhneoir Óg
Aiste 1. Conor Ó Gallchóir – An tUasal Seosamh Ó Ceallaigh
2. Máire Ní Chinnéide – Seán de Grá
Iriseoireacht Sibéal Ní Shéaghdha – Léirmheas ar Samson
Shonagh Ní Thuathail Peelo – Na Díoltóirí Sráide
Conor Ó Gallchóir – Covid-19 agus an Ghaeltacht
Siobhán Ní Neachtain – Ardteist Chovid (ní hé an Gnáthrud)
Scéal Fionnán Ó Baoighill – Iúpatar
Manus Ó Baoighill – Saibhir Daibhir
Aifric Ní Scolaí – Gearr go mbeidh sé ina Shamhradh
Cillian Ó Baoill – Na Daoine Maithe
Dán Amhlaoibh Ó Síocháin – Gearradh na gCrann
Sibéal Ní Shéaghdha – Ar an bhFarraige
Brian Mac Donncha – Dúchas
Gormfhlaith Ní Shíocháin – Sa Choill

Níos mó