Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-instealladh-eile-dochais-–-cosaint-95%-o-vacsain-eifeachtach-eile

Instealladh eile dóchais – cosaint 95% ó vacsaín éifeachtach eile

Tá éifeachtacht beagnach 95% léirithe ag vacsaín nua in aghaidh an Covid-19 ón gcomhlacht Meiriceánach Moderna.

Sna sála ar na torthaí dearfacha a d’fhógair Pfizer an tseachtain seo caite a tháinig scéal Moderna agus údar dóchais eile é do dhaoine ar fud an domhain atá ag súil go n-éireoidh le vacsaíní an phaindéim Covid-19 a chloí.

Dúirt Moderna gur “lá iontach” a bhí ann agus go bhfuil rún acu iarratas a dhéanamh sna seachtainí beaga seo ar cheadúnas chun an vacsaín nua a úsáid.

Bhí 30,000 duine sna Stáit Aontaithe páirteach i dtriail Moderna agus tugadh dhá dháileog den vacsaín nua do leath acu, ceithre seachtaine idir an péire. Placebo nó vacsaín bhréige a bhí san instealladh a fuair an leath eile.

Den chéad 95 duine a raibh comharthaí sóirt an Covid-19 orthu ní raibh siad ach ar chúigear a fuair an vacsaín. An placebo a fuair an 90 duine eile a fuair ráig den Covid-19.

Tá sé ráite ag Moderna go ndéanfar iarratas ar cheadúnas ó na rialtóirí sna Stáit Aontaithe laistigh de chúpla seachtain agus go bhfuil súil acu go mbeidh 20 milliún dáileog ar fáil sna Stáit Aontaithe roimh dheireadh na bliana. Tá rún ag an gcomhlacht billiún dáileog a chur ar fáil ar fud an domhain an bhliain seo chugainn.

Tá sé á mheabhrú ag saineolaithe go bhfuil sé luath fós agus gan ar fáil ach sonraí áirithe go fóill. Tá ceisteanna tábhachtacha fós le freagairt, ceisteanna amhail cén fhad a mhairfidh an imdhíonacht nó an chosaint a thabharfadh an vacsaín seo do dhuine. Tá na trialacha den dá vacsaín nua fós ar siúl ag Moderna agus Pfizer.

As an 95 a ghlac páirt sa triail agus a tholg Covid-19 bhí 11 acu an-tinn, ach is údar dóchais gur placebo a bhí faighte ag chuile dhuine den aonar déag sin.

Tá vacsaín nua forbartha sa Rúis, vacsaín an Sputnik V, agus léiríonn na chéad sonraí go bhfuil éifeachtacht 92% ag an gceann sin.

Is é an tslí a oibríonn an vacsaín Moderna, a bhfuil dhá dháileog di riachtanach, ná go n-instealltar ábhar géiniteach, an mRNA, isteach sa gcolainn. Úsáideann na cealla an t-ábhar sin chun na s-próitéiní (próitéiní spící) a úsáideann an víreas chun na cealla a ionsaí a chaitheamh amach.

Bíonn dromchla an víris clúdaithe leis na próitéiní spící sin agus is fúthu sin is mó a thugann córas imdhíonachta na colainne agus é ag iarraidh an t-ionfhabhtú a ghlanadh amach as an gcolainn. 

D’fhéadfadh impleachtaí a bheith ag an gcur chuige sin don chóir leighis a bheadh ar fáil do ghalair go leor eile.

Níos mó