Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
‘an-easca-gearan-a-dheanamh-ach-bhi-muidne-ag-iarraidh-reiteach-a-fhail’-–-cluiche-mor-ar-fail-i-ngaeilge

‘An-éasca gearán a dhéanamh ach bhí muidne ag iarraidh réiteach a fháil’ – cluiche mór ar fáil i nGaeilge

Tá leagan Gaeilge curtha ar fáil de cheann de na físchluichí is mó tóir ar domhan.

Tá an cluiche Among Us íoslódáilte ag beagnach 100 milliún duine ar fud na cruinne agus is féidir an cluiche a imirt anois i nGaeilge tar éis do ghrúpa beag díograiseoirí teanga atá scaipthe ar fud na cruinne aistriúchán a chur ar fáil.

Cé go bhfuil Cormac Cinnsealach, Úna-Minh Caomhánach, Mike Drinkwater agus Brian Mac Giolla Mhuire scaipthe ar fud na cruinne – beirt in Éirinn, duine san Iorua agus duine eile san Nua-Shéalainn – thug cluichí agus suim sa Ghaeilge le chéile iad le linn na dianghlasála agus is mar thoradh ar a gcuid oibre atá rogha na Gaeilge anois ar Among Us.

Cé gur cuireadh leaganacha Gaeilge de chluichí ar fáil roimhe seo, líon an-bheag atá i gceist agus is beag rogha atá ag duine a bheadh ag iarraidh cluiche iomlán i nGaeilge a imirt.

Agus í ag labhairt le Tuairisc.ie, dúirt Úna-Minh Caomhánach gur shocraigh sí féin agus an triúr eile tabhairt faoin obair aistriúchán a dhéanamh.

“Tá sé an-éasca gearán a dhéanamh nach bhfuil cluichí ar fáil i nGaeilge ach bhí muidne ag iarraidh réiteach a fháil agus díreach an obair a dhéanamh.”

Mhínigh Caomhánach gur rud beag a bhí i gceist ar dtús agus an ceathrar ag iarraidh go mbeifí in ann Among Us a imirt i nGaeilge.

“Ar dtús, chruthaíomar mod chun leagan Gaeilge a chur ar fáil. De ghnáth le mod, tá ar dhuine bogearra eile a chur isteach sa chluiche chun teanga nó pé rud eile a athrú. Shíl mé go raibh sin ródheacair don ghnáthduine atá ag iarraidh Gaelainn a úsáid.

Bheartaigh Caomhánach dul i dteagmháil le Innersloth, forbróirí Among Us, chun fáil amach an mbeadh aon suim acu leagan Gaeilge oifigiúil a chur ar fáil.

“Sheol mé tvuít agus chlibeáil mé Innersloth, an dream a rinne an cluiche, díreach ag rá ‘Hey leaids, tá sé seo déanta againn. Tá sé ar fáil uainn, tá chuile rud aistrithe. Ar mhiste libh é a chur isteach sa chluiche?’ Bit cheeky, ach dheineas ar aon nós é!”

Sula i bhfad, rinneadh teagmháil le Caomhánach chun an smaoineamh a phlé. Cé nach raibh aon Ghaeilgeoir ag obair le Innersloth a bhí ag iarraidh an teanga a chur chun cinn, deir Caomhánach go rabhthas an-fháilteach roimh an smaoineamh.

“Ní raibh aon duine in Innersloth a labhraíonn an Ghaelainn ach fós bhíodar lánsásta tacaíocht a thabhairt do mhionteanga. Bhí sé sin go diail ar fad go raibh siad sásta glacadh leis an teanga álainn atá againn anseo agus triail a bhaint as.”

Cé gur fhág an obair a bhí déanta ag Caomhánach agus an triúr eile roimhe sin go raibh daoine in ann imirt i nGaeilge, ba léir go raibh i bhfad níos mó oibre i gceist chun leagan iomlán den chluiche a chur ar fáil sa teanga.

“Cheapas go rabhamar togha leis an mod ach bhí na céadta, céadta líne le hathrú,” arsa Caomhánach.

“Bhí go leor leor stuif le haistriú. Chomh maith le déanamh cinnte go raibh gach rud cruinn, bhí orainn rudaí áirithe a chur sa chomhthéacs ceart, bhí logánú le déanamh.”

Cluiche bleachtaireachta é Among Us ina n-oibríonn imreoirí le chéile ar spáslong chun stop a chur le feallaire atá ag iarraidh na himreoirí eile a mharú.

Fágann sin go bhfuil an chumarsáid idir imreoirí an-tábhachtach agus is leis an bhfocal scríofa is mó a dhéantar sin, rud a rinne an t-aistriúchán níos tábhachtaí agus níos deacra fós.

“Tá rud sa chluiche darbh ainm ‘Quick Chat’. Mura bhfuil tú in ann an méarchlár a úsáid, is féidir ‘Quick Chat’ a úsáid díreach trí chnaipe a bhrú,” a mhínigh Caomhánach.

“An fhadhb leis sin ná nach dtuigeann an cluiche rialacha agus gradamach na Gaeilge! Uaireanta, bhí fadhbhanna ann ó thaobh inscne focal agus mar sin de.”

Fágann an ‘Quick Chat’ anois go bhfuil duine “atá ag imirt i nGaeilge in ann cumarsáid ar an bpointe a dhéanamh le duine atá ag imirt i bPolainnis”, mar shampla, a dúirt Caomhánach.

Bhí deacrachtaí eile ann ó thaobh sínte fada a chur ar ghrafaicí áirithe agus cé nach bhfuil gach rud foirfe, dúirt Caomhánach go raibh sé thar a bheith tábhachtach dóibh siúd a bhí ag obair ar an aistriúchán go mbeadh ardchaighdeán ag baint leis.

“Bhíothas buartha nach mbeadh sé go hiomlán foirfe ach tuigfidh na himreoirí céard atá i gceist le haon bhotún agus beidh deis againn rudaí a cheartú amach anseo.”

Cúig mhí tar éis dóibh tosú ar an leagan oifigiúil, cuireadh ar fáil don phobal é an tseachtain seo caite, údar mórtais do Chaomhánach agus dá cairde agus daoine eile anois ag imirt an chluiche i nGaeilge den chéad uair.

“Bhíothas á imirt beo ar Twitch agus bhíothas á imirt, an lá ar seoladh é. Bhí sé an-cool é a fheiscint.

“Bhí sé aisteach ar bhealach. Bhí gach aon líne ar eolas againn, muidne a d’aistrigh iad, ach bhí sé iontach daoine eile a fheiceáil ag imirt.”

Níos mó