Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
diultaithe-ag-comhairle-chontae-na-gaillimhe-do-phairc-na-mara-i-gconamara

Diúltaithe ag Comhairle Chontae na Gaillimhe do Pháirc na Mara i gConamara

Tá cor bainte as feidhmeannaigh in Údarás na Gaeltachta, agus as pobal cheantar Iorras Aithneach, de bharr droim láimhe a bheith tugtha ag Comhairle Chontae na Gaillimhe le tionscnamh Pháirc na Mara i gCill Chiaráin in iarthar Ghaeltacht Chonamara.

Shocraigh rannóg pleanála na Comhairle tráthnóna inné nach gceadóidís an Pháirc Thionscail Mhara atá aitheanta ag Údarás na Gaeltachta mar dheis le borradh a chur faoin eacnamaíocht agus faoin bhfostaíocht i gceantar atá buailte go dona de bharr easpa jabanna.

Bheadh na scórtha milliún infheistíochta i gceist idir airgead poiblí agus príobháideach agus meastar go bhféadfadh cuid mhaith de 200 post a bheith ar fáil go díreach, no go hindíreach de bharr fhorbairt Pháirc na Mara.

Ní raibh an chéad amharc faighte ar ar líne tráthnóna inné ar na cúiseanna atá leis an diúltú ach tuigtear go raibh cúrsaí caomhnaithe – Limistéar faoi Chaomhnú Speisialta go háirithe – agus cúrsaí soláthair uisce, i measc na n-ábhar a bhí ag déanamh imní do phleanálaithe Chomhairle Chontae na Gaillimhe.

Bhí tráthnóna inné ar an uair ba dheireanaí a bhí leagtha síos le haghaidh cinneadh ón gComhairle Contae agus bhí sé ina ardtráthnóna sular fógraíodh an toradh.

Bhí Páirc na Mara ar an  bpríomhchloch ar phaidrín Údarás na Gaeltachta sa bPlean Gnímh cúig bliana a fógraíodh arú anuraidh d’Iorras Aithneach – Carna agus Cill Chiaráin – agus do Ros Muc.   Rinneadh ullmhúchán ar an iarratas pleanála sa tréimhse sin agus cuireadh an t-iarratas ar an bhforbairt faoi bhráid Chomhairle Chontae na Gaillimhe ós cionn bliana ó shin.

Tá tionscail a bheadh bunaithe ar ábhar agus ar obair fharraige agus chladaigh i gcroílár phlean Pháirc na Mara.  Chuir ós cionn scór comhlacht suim sa bplean agus é ar intinn acu – a bheag no a mhór – lonnú air Pháirc na Mara.

Tuigtear gur chuir tuilleadh dreamanna suim sa tionsncamh de réir mar a bhí an t-am ag dul ar aghaidh, comhlachtaí i dtionscail bhreisluacha na feamainne, mar shampla.

Tá tacaíocht an Rialtais i bprionsabal ag Páirc na Mara mar cheann de na tionscail a chuirfeadh rath ar cheantair tuaithe.  Cuireadh €2 milliún as an Státchiste go leataobh mar thaca leis an iarracht.  Tá snaidhm coinnithe ar an tsuim airgid sin fós.

Bhí Aire Stáit na Gaeltachta agus Príomh-Aoire an Rialtais san am, Seán Kyne, ar dhuine acu siúd a gheall tacaíocht láidir do Pháirc na Mara.

Thug an tAire Stáit Gaeltachta atá ann faoi láthair, Jack Chambers cuairt ar an suíomh níos túisce i mbliana.

Ach fiú agus go raibh sé fabhrach don iarracht chonaic an tAire Stáit Kyne dhá bhliain ó shin go mbeadh daoine ann a chuirfeadh in aghaidh na Páirce chomh maith.

Ag  labhairt dó le toscaireacht as Iorras Aithneach, mheabhraigh an tAire Stáit Kyne go mbíonn deis ag an bpobal a gcuid tuairimí a chur i láthair na n-údarás pleanála nuair a théann iarratais isteach.

“Tá cead ag daoine a dhul in aghaidh forbairtí, ach tá cead acu tacú le forbairtí freisin agus sin rud tábhachtach san gcóras pleanála,” a deir Kyne.

Is féidir le duine ar bith tacaíocht a léiriú agus is féidir le grúpaí pobail sin a dhéanamh freisin, a dúirt sé.  Ag cur leis sin, dúirt an Teachta Dála as Gaillimh go bhféadfadh saol agus saothrú a bheith ag daoine óga i dtionscnaimh mar seo amach anseo agus go bhféadfadh siadsan aighneachtaí a chur isteach freisin, dá dtogródh sé leo.

Rinne grúpaí áitiúla i gConamara comhairle an Aire Stáit agus cuireadh beagnach leathchéad aighneacht tacaíochta chuig an gComhairle Contae nuair a chuir Údarás na Gaeltachta iarratas isteach ar chead pleanála bliain agus dhá mhí ó shin.

Cuireadh beagán aighneachtaí isteach in aghaidh na forbartha freisin agus bhí an eagraíocht Galway Bay against Salmon Cages.

Níos deireanaí anuraidh, chuir an Chomhairle Contae céad ceist amach chuig an Údarás agus iad ag iarraidh tuilleadh soiléirithe faoi chodanna den iarratas pleanála.  B’éigean d’Údarás na Gaeltachta, agus a gcuid comhairleoirí, a dhul go bun an údair arís leis na ceisteanna seo a fhreagairt.

Chuaigh aighneachtaí isteach arís, a bhformhór as Conamara ag tacú leis an iarratas ach bhí beagán aighneachtaí arís ann a bhí diúltach faoi phlean Pháirc na Mara. Ba as taobh amuigh de Chonamara a bhformhór sin.

Níl a fhios faoin tráth seo cén cosán atá amach roimh phlean Pháirc na Mara.  Creideann siad siúd atá i bhfabhar an Phlean gurb é an t-aon bhealach réadúil le bonn agus borradh a chur faoi cheantar láidir Gaeltachta atá buailte ag an imirce agus an dífhostaíocht.

Iad siúd atá ina aghaidh, tá siad den bharúil gur cothú a bheadh i bPáirc na Mara do thionscail na mbradán feilme, tionscal a bhfuil truailliú agus dainséar ag baint leis, dar leo. Deir siad agus go ndéanfadh sé dochar don taobh tíre agus don timpeallacht.

Beidh scrúdú á dhéanamh ag Údarás na Gaeltachta ar na cúiseanna atá leis an diúltú ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe.   Bheadh sé chomh dóigh céanna go  gcuirfidís achomharc faoi bhráid an Bhoird Pleanála.

Ní féidir a chur as an gcomhaireamh go dtarraingeofaí Éisteacht Phoiblí faoin ábhar ó thús deireadh go tosach.

Níos mó