Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
nil-aithne-na-ngrast-agam-ar-mo-chol-ochtair-ach-airim-gaol-agam-leis

Níl aithne na ngrást agam ar mo chol ochtair ach airím gaol agam leis

| Domhnall O Braonain | ,

Cúpla seachtain ó shin bhí rogha le déanamh agam an ngabhfainn chuig cóisir lae breithe mo chol ceathrair, fear a bhfuil mé thar a bheith gar leis, cóisir ag a mbeadh muintir agus cairde agus daoine a bhfuil aithne agam orthu nach raibh feicthe agam le tamall fada; an ngabhfainn chuige sin nó chuig cóisir col ochtair liom a bhí díreach th’éis an ard scoil a chríochnú agus mar sin a bheadh thar ar an aois chéanna liom féin. 

Faoi dheireadh thiar thall, chuaigh mé chuig cóisir lae breithe mo chol ceathrair agus tá mé sásta go ndeachaigh mar bhí an-chraic agam ann. Ach bhí rud éicint ag gabháil thart i m’intinn ag rá “nach mbeadh sé cool castáil le gaol leat nach raibh aithne ar bith agat air riamh go dtí anois díreach?”

Anois níl aiféala orm go ndeachaigh mé ag ceiliúradh a lae breithe le mo chol ceathrair ach tá aiféala orm nár thapaigh mé an deis castáil le gaolta liom nuair a bhí an seans ann.

Nach aisteach an nasc atá mé a dhéanamh le duine nach bhfuil aithne na ngrást agam air seachas go bhfuil a fhios agam go bhfuil gaol agam leis. Ní airíonn mé uaim chuile strainséara a chasann orm ar an mbóthar ach mar gheall go raibh na sin-sin-seantuismitheoirí céanna agam leis an duine seo, duine a raibh sé chomh maith dó a bheith ina strainséara dom, airíonn mé beagnach ar nós go bhfuil mé d’uireasa rud éicint gan a bheith théis castáil leis.

Ach má chuimhníonn tú ceart ort féin; cé mhéid duine a bhfuil aithne mhaith acu ar a gcuid col ochtaracha ar aon chuma? Bhí mé ag caint le mo sheanaintín (deirfiúr mo mhamó atá i gceist agam. Níl mé ag tabhairt “sean” ar dhuine ar bith de mo chuid aintíní) sular fhág mé le gabháil go Meiriceá agus cibé cén chaoi ar tháinig muid ar an ábhar faoin bhfocal “col” agus an chaoi a gciallaíonn sé “cosc pósta” agus d’inis sí dom nach mbeadh sé neamhchoitianta ná nach mbeadh sé aisteach fiú dá bpósfadh col ochtaracha fadó. Ní ghabhfá rud ar bith níos gaire i ngaol ach bhí cead is dóigh col ochtaracha a phósadh.

Anois tá aithne agamsa ar chuid de mo chuid col ochtaracha in Éirinn agus bheadh sé chomh maith dóibh a bheith ina ndeirfiúracha agus ina ndeartháireacha dom mar tá an gaol sin róghar le go mbeadh mise ar mo shuaimhneas ag gabháil amach le duine ar bith acu.

Mar sin féin, más fíor don leathanach YouTube Brehon Academy, in aimsir na nGael in Éirinn bhíodh a fhios, ar a laghad ag na huaisle gaelacha, cé mba hiad na gaolta uilig. Thugtaí an gealfhine ar ghrúpa daoine a raibh an seanathair céanna acu (col ceathracha), deirbhfhine ar an dream a raibh an sin-seanathair céanna acu (col seisearacha) agus iarfhine ar an dream a raibh an sin-sin-seanathair céanna acu (col ochtaracha).

Ar aon chuma tá mé i bhfad ón áit ar thosaigh mé. Tá mé á scríobh se ar an Aoine mar gheall go mbeidh mé ag caitheamh an deireadh seachtaine ar an Inis Fada (Long Island) ar cuairt ag col ceathrair mo dheaide (mo chol cúigir) go bhfeice mé mo chuid col seisearacha le mo dheartháir agus mo dheirfiúr (mo chol beirteannaí?).

Níos mó