Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
eire-luaite-ag-zelensky-mar-thir-a-bhi-mall-no-drogallach-maidir-le-seasamh-go-hiomlan-leis-an-ucrain

Éire luaite ag Zelensky mar thír a bhí mall nó drogallach maidir le seasamh go hiomlán leis an Úcráin

Deir Volodymyr Zelensky, Uachtarán na hÚcráine, go raibh Éire ar cheann de na tíortha a bhí mall nó drogallach maidir le seasamh go hiomlán le hiarratas a thíre ar bhallraíocht san AE.

Ag labhairt dó ar nasc físe leis an gComhairle Eorpach, dúirt Zelensky go raibh an Eoraip “ábhairín beag déanach”  lena hiarracht stop a chur le hionradh na Rúise. Dá mbeadh stop curtha leis an bpíblíne Nord Stream 2 agus smachtbhannaí curtha i bhfeidhm ar an Rúis níos luaithe bhí seans ann an t-ionradh a stop sular thosaigh sé, a mhaígh Zelensky.

Ina óráid is déanaí, mhol ceannaire na hÚcráine na tíortha san Eoraip a deir sé atá ag seasamh go hiomlán lena thír agus thagair sé do roinnt tíortha a mheas sé go raibh nó go bhfuil amhras áirithe faoina gcuid tacaíochta.

“An Liotuáin – linn. Tá an Laitvia linn. Tá an Eastóin linn. Tá an Pholainn linn,” arsa Zelensky.

“An Fhrainc , Emmanuel [Macron], creidim go láidir go mbeidh tú linn. Tá an tSlóivéín linn. An tSlóvaic – linn. Tá Poblacht na Seice linn. Tuigeann an Rómáin cad is dínit ann. Creidim go bhfuil an Ghréig ag seasamh linn. An Ghearmáin…beagáinín níos déanaí. Germany … An Phortaingéil – bhuel, beagnach… Tá an Chróit ag seasamh linn. An tSualainn— ba chóir don bhuí agus gorm seasamh le chéile i gcónaí. An Fhionlainn — tá a fhios agam go bhfuil sibh linn. Tá an Ísiltír ar son an réasúin agus mar sin tiocfaimid ar chomhthuiscint. Málta — creidim go n-éireoidh linn.  An Danmhairg — creidim go n-éireoidh linn.”

“Lucsamburg— tuigimid a chéile. An Chipir— creidim go láidir go bhfuil tú linn. An Iodáil— go raibh maith agaibh as bhur gcuid tacaíochta. An Spáinn — tiocfaimid ar chomhthusicnt. An Bheilg — tiocfaimid ar argóintí. An Ostair, i dteannta le muintir na hÚcráine, seo deis daoibh. Tá mé cinnte de. Éire — bhuel, beagnach.”

Cháin an tUachtarán Zelensky go láidir an Ungáir as a seasamh neodrach i leith an chogaidh.

Rinne sé achainí eile ar cheannairí na hEorpa ballraíocht san AE a thabhairt don Úcráin.

“Ní am é seo chun a bheith idir dhá chomhairle. Seo an t-am cinneadh a dhéanamh. Creidimid ionaibh. Tá bhur dtacaíocht uainn. Creidimid i bhur ndaoine. Creidimid san Aontas Eorpach. Agus creidimid go mbeidh an Ghearmáin linn ar uair seo na cinniúna.”

Tabharfaidh Zelensky óráid do Dháil Éireann agus seanad Éireann an mhí seo chugainn.

Ghabh sé buíochas le hÉirinn as a cuid tacaíochta níos túisce an mhí seo nuair a labhair sé ar an nguthán leis an Taoiseach Micheál Martin. Dúirt Martin leis go raibh muintir na hÉireann “ag seasamh go hiomlán” leis an Úcráin. Ghabh Zelensky buíochas le hÉirinn as cabhair dhaonnúil a thabhairt don Úcráin, tacú leis an smachtbhannaí ar an Rúis agus glacadh le teifigh atá ag éalú ón gcogadh.

Idir an dá linn, tuairiscítear go bhfuil dul chun cinn déanta ag fórsaí na Rúise in Mariupol, an chathair chalafoirt atá faoi léigear le nach mór mí anuas. Deirtear gur bhain trúpaí na Rúise lár na cathrach amach inné.

Tuairiscítear go bhfuil Kharkiv fós á bombardú le sliogáin agus go bhfuil dul chun cinn beag á dhéanamh ag an Rúis in Donetsk agus Luhansk.

Ach tuairiscítear chomh maith go bhfuil ag éirí níos fearr leis an Úcráin i gceantair eile. Tá longa scriosta acu ag calafort Berdyansk, atá gafa ag an Rúis, agus tá trúpaí na Rúise curtha ar a gcosaint ag ar arm na hÚcráine siar ó thuaidh ó Kyiv. Tá stop curtha chomh maith le hiarracht na Rúise an ceantar Chernihiv a thimpeallú.

Tuairiscítear go bhfuil bailte tógtha ar ais ag an Úcráin ón Rúis taobh thoir de Kyiv.

De réir tuairisce ó Reuters, tá ag teip ar 60% de na diúracáin atá á scaoileadh ag an Rúis.

Tá na mílte maraithe agus 3.6 milliún duine teite ón gcogadh ó chuir Vladimir Putin, Uachtarán na Rúise, tús leis an ionradh mí ó shin, ionradh a bhfuil scrios déanta aige do go leor den Úcráin.

Níos mó