Deir Volodymyr Zelensky, Uachtarán na hÚcráine, go raibh Éire ar cheann de na tíortha a bhí mall nó drogallach maidir le seasamh go hiomlán le hiarratas a thíre ar bhallraíocht san AE.
Ag labhairt dó ar nasc físe leis an gComhairle Eorpach, dúirt Zelensky go raibh an Eoraip “ábhairín beag déanach” lena hiarracht stop a chur le hionradh na Rúise. Dá mbeadh stop curtha leis an bpíblíne Nord Stream 2 agus smachtbhannaí curtha i bhfeidhm ar an Rúis níos luaithe bhí seans ann an t-ionradh a stop sular thosaigh sé, a mhaígh Zelensky.
Ina óráid is déanaí, mhol ceannaire na hÚcráine na tíortha san Eoraip a deir sé atá ag seasamh go hiomlán lena thír agus thagair sé do roinnt tíortha a mheas sé go raibh nó go bhfuil amhras áirithe faoina gcuid tacaíochta.
“An Liotuáin – linn. Tá an Laitvia linn. Tá an Eastóin linn. Tá an Pholainn linn,” arsa Zelensky.
“An Fhrainc , Emmanuel [Macron], creidim go láidir go mbeidh tú linn. Tá an tSlóivéín linn. An tSlóvaic – linn. Tá Poblacht na Seice linn. Tuigeann an Rómáin cad is dínit ann. Creidim go bhfuil an Ghréig ag seasamh linn. An Ghearmáin…beagáinín níos déanaí. Germany … An Phortaingéil – bhuel, beagnach… Tá an Chróit ag seasamh linn. An tSualainn— ba chóir don bhuí agus gorm seasamh le chéile i gcónaí. An Fhionlainn — tá a fhios agam go bhfuil sibh linn. Tá an Ísiltír ar son an réasúin agus mar sin tiocfaimid ar chomhthuiscint. Málta — creidim go n-éireoidh linn. An Danmhairg — creidim go n-éireoidh linn.”
“Lucsamburg— tuigimid a chéile. An Chipir— creidim go láidir go bhfuil tú linn. An Iodáil— go raibh maith agaibh as bhur gcuid tacaíochta. An Spáinn — tiocfaimid ar chomhthusicnt. An Bheilg — tiocfaimid ar argóintí. An Ostair, i dteannta le muintir na hÚcráine, seo deis daoibh. Tá mé cinnte de. Éire — bhuel, beagnach.”
Cháin an tUachtarán Zelensky go láidir an Ungáir as a seasamh neodrach i leith an chogaidh.
Rinne sé achainí eile ar cheannairí na hEorpa ballraíocht san AE a thabhairt don Úcráin.
“Ní am é seo chun a bheith idir dhá chomhairle. Seo an t-am cinneadh a dhéanamh. Creidimid ionaibh. Tá bhur dtacaíocht uainn. Creidimid i bhur ndaoine. Creidimid san Aontas Eorpach. Agus creidimid go mbeidh an Ghearmáin linn ar uair seo na cinniúna.”
Tabharfaidh Zelensky óráid do Dháil Éireann agus seanad Éireann an mhí seo chugainn.
Ghabh sé buíochas le hÉirinn as a cuid tacaíochta níos túisce an mhí seo nuair a labhair sé ar an nguthán leis an Taoiseach Micheál Martin. Dúirt Martin leis go raibh muintir na hÉireann “ag seasamh go hiomlán” leis an Úcráin. Ghabh Zelensky buíochas le hÉirinn as cabhair dhaonnúil a thabhairt don Úcráin, tacú leis an smachtbhannaí ar an Rúis agus glacadh le teifigh atá ag éalú ón gcogadh.
Idir an dá linn, tuairiscítear go bhfuil dul chun cinn déanta ag fórsaí na Rúise in Mariupol, an chathair chalafoirt atá faoi léigear le nach mór mí anuas. Deirtear gur bhain trúpaí na Rúise lár na cathrach amach inné.
Tuairiscítear go bhfuil Kharkiv fós á bombardú le sliogáin agus go bhfuil dul chun cinn beag á dhéanamh ag an Rúis in Donetsk agus Luhansk.
Ach tuairiscítear chomh maith go bhfuil ag éirí níos fearr leis an Úcráin i gceantair eile. Tá longa scriosta acu ag calafort Berdyansk, atá gafa ag an Rúis, agus tá trúpaí na Rúise curtha ar a gcosaint ag ar arm na hÚcráine siar ó thuaidh ó Kyiv. Tá stop curtha chomh maith le hiarracht na Rúise an ceantar Chernihiv a thimpeallú.
Tuairiscítear go bhfuil bailte tógtha ar ais ag an Úcráin ón Rúis taobh thoir de Kyiv.
De réir tuairisce ó Reuters, tá ag teip ar 60% de na diúracáin atá á scaoileadh ag an Rúis.
Tá na mílte maraithe agus 3.6 milliún duine teite ón gcogadh ó chuir Vladimir Putin, Uachtarán na Rúise, tús leis an ionradh mí ó shin, ionradh a bhfuil scrios déanta aige do go leor den Úcráin.