Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
teanga-eile-a-staidear-ag-formhor-daltai-a-fuair-dioluine-on-ngaeilge-de-bharr-deacrachtai-foghlama

Teanga eile á staidéar ag formhór daltaí a fuair díolúine ón nGaeilge de bharr deacrachtaí foghlama

| Padraic O Ciardha | ,

Léiríonn figiúirí nua go bhfuil formhór na ndaltaí iarbhunscoile a bhfuil díolúine acu ón nGaeilge de bharr deacrachtaí foghlama i mbun staidéir ar theanga iasachta.

De réir anailíse atá déanta ag Tuairisc ar fhigiúirí nua a fuaireamar ón Roinn Oideachais don scoilbhliain 2021-22, bhí beagnach dhá thrian den 26,000 dalta iar-bhunscoile a raibh díolúine acu de bharr riachtanas speisialta oideachais ag tabhairt faoin bhFraincis, an Ghearmáinis nó an Spáinnis.

Deir lucht an ghaeloideachais go léiríonn líon na ndaltaí a bhfuil díolúine ón nGaeilge acu ach a dhéanann staidéar ar theangacha eile an fhadhb a bhaineann le córas na ndíolúintí.

In 2021-22, bhí díolúine ón nGaeilge ag 41,158 dalta iarbhunscoile ar fad, nó 11% de na daltaí sa chóras. De réir fhigiúirí na Roinne, bronnadh 26,287 acusan de bharr riachtanas speisialta oideachais (RSO). Ciallaíonn sin gur dearbhaíodh go raibh deacracht foghlama ag dalta nó go raibh scór caighdeánach ag an 10ú peircintíl nó faoina bhun aige ar thriail scoite i léamh focal, i léamhthuiscint nó i litriú.

Den 26,287 dalta sin, bhí nach mór 17,000 acu ag tabhairt faoi nuatheanga Eorpach eile seachas an Ghaeilge agus an Béarla – Fraincis (9,144), Gearmáinis (3,298) nó Spáinnis (4,501).

Deir an Roinn go bhféadfadh dalta a rinne staidéar ar níos mó ná teanga amháin a bheith san áireamh faoi dhó nó faoi thrí sa bhfigiúr iomlán, ach meastar gur líon an-íseal a bheadh i gceist ansin.

Is ag leibhéal na Sraithe Sóisearaí is mó a bhí daltaí a raibh díolúine ar bhonn RSO ag tabhairt faoi theanga eile – beagnach 12,000 ar fad. Ní raibh ach beagán os cionn 2,100 dalta i gceist ag leibhéal na hArdteiste ach bhí 40% níos lú daltaí ag an leibhéal sin i gcomparáid leis an tSraith Shóisearach.

Bhí thart ar 2,800 dalta a raibh díolúine acu ar bhonn RSO san idirbhliain ag staidéar teanga iasachta.

Tá ráite ag an saineolaí oideachais, an tOllamh Pádraig Ó Duibhir, go léiríonn líon na ndaltaí le díolúine a dhéanann staidéar ar nuatheangacha Eorpacha eile  “nach bhfuil a leithéid de rud ann agus sain-mhíchumas foghlama teanga”.

“Toisc go bhfuil a leithéid de rud ann agus díolúine, tugann sé an teachtaireacht d’fhoghlaimeoirí́ go bhfuil foghlaim na Gaeilge deacair agus go bhfuil daoine áirithe ann nach féidir leo an Ghaeilge a fhoghlaim,” a dúirt Ó Duibhir, atá ina Stiúrthóir ar SEALBHÚ, ionad teangeolaíochta in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.

Tá molta ag Ó Duibhir fáil réidh le díolúintí sa bhunscoil. Níor cheart, a deir sé, díolúine a bhronnadh ach ar an 2-3% de dhaltaí, dar leis, a bhfuil deacrachtaí foghlama tromchúiseacha acu.

Tá ceist na ndíolúintí go mór i mbéal an phobail faoi láthair agus sraith cruinnithe á reáchtáil ag Coiste Gaeilge an Oireachtais faoin ábhar.

Bhí ionadaithe ó eagraíochtaí teanga, ó cheardchumainn na múinteoirí agus na bpríomhoidí agus ó Chumann Disléicse na hÉireann i measc na ndaoine a tháinig os comhair an choiste go dtí seo. Bhí imní mhór ar a bhformhór faoin chóras na díolúine mar atá.

Tá an tAire Oideachais Norma Foley agus oifigigh a Roinne le bheith os comhair an choiste amárach.

Níos mó