Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Top tips for people looking for jobs with Irish
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Top tips for people looking for jobs with Irish
Information Sheet on Job Possibilities
‘platai-breatha-groi,-atmaisfear-oscailte-agus-brownies-den-scoth’-–-leirmheas-ar-an-bpota

‘Plátaí breátha groí, atmaisféar oscailte agus brownies den scoth’ – léirmheas ar an bPota

| aifric ni scolai | ,

Pláta breátha groí a leagadh os ár gcomhair um lón Dé Sathairn seo caite nuair a bhuail muid isteach in Pota Caifé ar an Tulaigh. Bhain siad amach gradam Chaifé na Bliana sna Irish Restaurant Awards’ le deireanas agus, os rud é nach raibh mé ann le píosa anois, cé go mbíonn caint i gcónaí agam air, shíl mé go raibh sé thar am agam buaileadh isteach arís. 

Tuairim is mí ó shin, chuir mama glaoch orm le rá liom nach mbeidh greim ar bith á réiteach dom tráthnóna mar go ndeachaigh muintir an tí siar ag an bPota agus mise ag an obair. Tá go maith, arsa mise, tarlaíonn sé sin agus ní chaillfear den ocras mé, ach i mo chroí istigh, bhí mé ag santú na mbrownies a bhíonn acu ann. Níorbh éigin dom tada a rá, bhí ceann tugtha abhaile acu dom sa mbosca beag donn takeway agus é leagtha isteach sa gcuisneoir ar fuarú. Bhí duine éicint sa mbaile ag cuimhneamh orm. 

Ar mhaithe leis an mbrownie sin amháin, bhronnfainnse caifé na bliana air. Slab mór de cháca seacláide, gooey gan a bheith róghooey, crústa deas gur féidir greim a bhaint as, caramal le salann ann ar bharr. Sula raibh cois thar thairseach an dorais agam, bhí a fhios agam go mbeadh sé mar mhilseog agam. Cinnte, bhreathnaigh mé ar a raibh de mhilseoga eile ar taispeáint acu (agus ní raibh aon ghanntan ann), ach ba le fiosracht ba mhó a rinne mé sin. 

(Muna bhfuil suim agat sna brownies, ná bíodh aon imní ort. Go deimhin, dá mba mise thusa, a léitheoir dhil, chinnteoinn go bhfuil duine éigin i mo chomhluadar agus go n-ordaíonn siad rud éigin eile, sa gcaoi is go n-éireoidh leat iad a thriail). 

Tá atmaisféar oscailte san áit, tá feiceáil isteach agat ar an gcistin, áit a bhfeictear muintir an tí ag obair go dian. Tá Gaeilge ag chuile dhuine atá ag obair san áit, agus iad bródúil aisti freisin, rud a chuireann go mór leis. Leagtar béim ar na hamhábhair de dhéantús na háite a chur ar fáil freisin.

Nuair a d’fhiafraigh mé de m’athair, a d’ith greim ann in éineacht liom, céard a bheadh le rá aige faoi, “ardchaighdeán.” Ard-mholadh, más ea. 

Bhí an áit gnóthach – ní raibh bord ar bith folamh níos faide ná chúig nóiméad leis an méid daoine a bhí isteach agus amach, ach níor airigh mé ariamh ar nós go raibh siad ag cur deifir linn ná go raibh an iomarca ag dul ar aghaidh. Chaith muid tráthnóna Sathairn go maith ann, agus mholfainn go mór é d’aon duine eile a bheadh a lorg greim deas le n-ithe! 

Níos mó