Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
‘the-boy,-the-mole,-the-fox-and-the-horse’-ar-fail-i-ngaeilge

‘The Boy, The Mole, The Fox and the Horse’ ar fáil i nGaeilge

| Maitiu O Coimin | ,

Tá leagan Gaeilge den leabhar iomráiteach pictiúr The Boy, The Mole, The Fox and the Horse ó pheann Charlie Mackesy ar fáil anois agus é curtha i nGaeilge bhinn ag Máire Zepf agus Antain Mac Lochlainn. 

Bhí an-tóir go deo ar an leagan Béarla a foilsíodh den chéad uair in 2019 agus bhuaigh an leabhar gradam ‘Leabhar na Bliana’ ó Barnes & Noble i Meiriceá agus ó Waterstones sa Bhreatain an bhliain chéanna. 

Chuaigh téamaí an leabhair faoin ngrá, faoin gcairdeas, agus faoin muinín i bhfeidhm go mór ar an bpobal léitheoireachta i mBéarla agus moladh an leabhar as an ardán a tugadh ann do chúrsaí meabhairshláinte. Cé gur do léitheoirí óga a scríobhadh an leabhar ealaíonta, bhí an-tóir ag léitheoirí fásta ann freisin.

D’oibrigh an bheirt Ultach as lámh a chéile leis an togra, a tosaíodh os cionn dhá bhliain ó shin, a chur i gcrích. Dúirt Antain Mac Lochlainn, an t-aistritheoir aitheanta, gur thaitin sé leis a bheith ag obair le haistritheoir eile ar an leabhar agus gur chuir sé go mór leis an togra go raibh an bheirt acu in ann ceisteanna deacra aistriúcháin a fhuascailt le chéile. 

“B’fhéidir gurbh fhiú gach aistriúchán a dhéanamh ar an dóigh seo. Tá an oiread sin taithí ag Máire a bheith ag scríobh don aos óg bhí sé go deas duine mar sin a bheith ar bord, tá tuiscint an-mhaith aici ar an litríocht don aos óg. Má bhí duine amháin in amhras faoi leagan Gaeilge de nath nó d’fhocal, bhí an duine eile ann le cuidiú a thabhairt,” a dúirt sé le NÓS. 

Ní raibh an leabhar léite ag Antain sular iarr an tSnáthaid Mhór, teach foilsitheoireachta atá lonnaithe i mBéal Feirste, sular iarr siad air tabhairt faoin aistriúchán. 

“Déarfainn gur mé an t-aon duine in Éirinn nach raibh sé léite agam. Nuair a luaigh siad liom é chuir siad PDF chugam agus thaitin an leabhar go mór liom. Tá dearcadh iontach folláin ann, agus teachtaireacht dheas ann faoi a bheith go deas duit féin. 

“Bhain go leor dúshlán leis an obair aistriúcháin féin. Bíonn an Ghaeilge níos foclaí ná an Béarla agus chruthaigh sin fadhbanna spáis mar tá an pheannaireacht iontach ealaíonta an-tábhachtach don leabhar. Tá an ghné ealaíne iontach tábhachtach, agus bíonn an Ghaeilge níos foclaí ná an Béarla. Thug muid beirt, Ultaigh, faoi deara go raibh ‘conas’ agus ‘bhíos’ níos oiriúnaí mar gheall ar chúrsaí spáis!” a dúirt sé. 

Tá an leabhar féin thar a bheith ealaíonta agus bíonn an t-údar, Charles Mackesy, thar a bheith pointeáilte faoi na haistriúcháin a dhéantar ar a shaothar. Tá na léaráidí agus an pheannaireacht an-tábhachtach chomh maith le caighdeán an chló. Dúirt Antain le NÓS gur tosaíodh ag obair ar an leagan Gaeilge breis agus dhá bhliain ó shin agus cé go raibh an téacs réidh sách luath sa phróiseas gur ghá an-chúram a dhéanamh do ghnéithe eile de – an ghné ealaíne go mór mór.  

Craolfar leagan cartúin den scéal ar an BBC sa Bhreatain faoi Nollaig.

Tá An Buachaill, an Caochán, an Sionnach agus an Capall ar fáil anois ó shiopaí leabhar ar fud na hÉireann. 

Ar ábhar eile, thug Antain Mac Lochlainn leid go raibh “cainteanna” ann le deireanas faoin gcéad leabhar eile sa tsraith Croinicí Nairnia ach nach bhfuil aon eolas cinnte eile ann faoi leagan Gaeilge de Prince Caspian. Tá An Leon, an Bandraoi agus an Prios Éadaigh agus An Capall agus a Ghiolla aistrithe ag Antain cheana. 

Níos mó