Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
eadar-ghaelg-agus-interlingua-vii:-nios-mo-frasai-‘usaideacha’

Eadar-Ghaelg agus Interlingua VII: Níos mó frasaí ‘úsáideacha’

Bímis ionraic, níl ann ach aon chúis phraiticiúil amháin le hEadar-Ghaelg nó le hInterlingua fiú i saol na linne seo – is é sin, chun an Béarla a sheachaint.

Dar liomsa, mar chainteoir dúchais Béarla, is cúis fhiúntach é seo óir cé go bhfuil sé maith gur féidir linn ar fad labhairt le chéile, ní fiú mórán é sin más ionann é agus ár gcultúr féin a chailleadh.

Cibé ar bith, bainimis triall as a labhairt lenár gcomh-Ghaeil sa Ghaeilge agus le clann na Laidine bealach ar bith is féidir linn.

Dála an scéil, an raibh a fhios agat go bhfuil a leithéid de rud ann agus Eadar-Slavais? Iarracht is ea é na Slavaigh a chur ag caint le chéile – ní dhéanfadh sin aon dochar.

Cibé ar bith, seo níos mó nathanna cainte ‘úsaideacha’ in Eadar-Ghaelg.

Como vos vos appella? / Qual es vostre nomine?

GÉ: Cad é an t-ainm atá ort?

GA: Dè an t-ainm a th’ oirbh?

GM: Cre’n ennym t’ort 

Sa chéad dul síos, creidim gur fear ‘cad é / dé’ a úsáid mar fhoirm cheisteach san abairt áirithe seo, ar an ábhar go bhfuil sé in úsáid in Éirinn agus in Albain, mar sin féin, cén Gaeilgeoir nach dtuigfeadh ‘Cre’n ennym t’ort’ gan iarracht ar bith. Ach cén leagan de, ‘cad é’ nó ‘dé’?

Níor chuala mé ‘cad é’ ach uair amháin sa Ghaeltacht in Éirinn, i Maigh Eo, ar an gCeathrú Thaidhg. Ag an am sin, fiche bliain ó shin, Gaeltacht láidir a bhí ann. Ní raibh sé de mhisneach orm dul ar ais, eagla orm go mbrisfeadh sé mo chroí.

‘Goidé/caidé > Dé’ atá againn in Ultaibh. ‘Cad’ a chloisim ó ‘nua-chainteoirí’ de ghnáth ó dheas. ‘Céard’ a chuala mé de ghnáth i gConamara agus mé ag cur fúm ann.

Is suimiúil go bhfuil ‘caidé’ le fáil i bhfoclóir GA ‘Am Faclair Beag’ chomh maith. Giorrúchán é ‘Dé’ de ‘ciod é’ ar ndóigh. Tá ‘gu dé’ ar fáil in Albain chomh maith, dar le cara de mo chuid.

Creidim féin go bhfuil an fhoirm ‘caidé’ lárnach, intuigthe agus dílis go leor don tsanasaíocht, mar sin de, is é an Eadar-Ghaelg a mholfainn ar Como vos vos appella? / Qual es vostre nomine ná:

EG: Caidé an t-ainm at’ort?

Mar sin de, freagróidh muid an cheist…

 

Io me appella X / Mi nomine es X

GM: Ta’n ennym orrym / Ta … yn ennym orrym

GA: Is mise…

GÉ: … an t-ainm atá orm

Arís eile, tá na trí theanga Ghaeilge an-chosúil le chéile sa chás áirithe seo agus is beag an baol go mbeadh míthuiscint ar bith ann.

EG: Is mise X / X an t-ainm atá orm.

 

De ubi vos veni? De ubi vos es?

GÉ: Cárb as duit? (Ul) Cad as duit? (Mum), Cé as thú? (Con)

GA: Co às a tha thu?

GM: Cre voish t’ou?

Tá an-éagsúlacht ann maidir leis an cheist ‘De ubi vos veni?’ sa Ghaeilge.

Ar mhaithe le simplíocht agus le cosúlachtaí leis an teanga bheo, mholfainn an leagan a leanas:

EG: C’as atá tú?

Creidim, dá n-úsáidfí an briathar ‘bí’ istigh ann, go dtuigfeadh Albanach nó Manannach níos fearr tú.

 

Io veni de X / Io es de X

GM: Ta mee voish …

GÉ: Is as … mé

GA: ‘Sann à … a tha mi / Tha mi à …

Seo ceann deacair go leor, óir tá an trí theanga beagán difriúil ar an cheist áirithe seo, is gá teacht chun comhréiteach.

Seo an dá réiteach a bheadh agam, cuimhnigh gur cumarsáid atá i gceist, chan ‘ard-Ghaeilge’:

EG: Tá mé à(s)* X

Is á(s) X a tá mi.

*s roimh ghúta.

 

Como sta vos? – Io sta ben / assi assi / mal

Shocraigh mé ar ‘cionnus tá tú’ mar leagan don cheist ‘como sta vos’ Interlingua cheana agus ar ‘tá mi gu math’ don fhreagra ‘io sta ben’.

assi assi

Tá ‘assi assi’ le haistriú mar sin, agus ritheann an focal ‘togha’ liom, focal atá an-choitianta anois in Éirinn de bhrí go bhfuil sé in úsáid i gConamara, an Ghaeltacht is láidre dá bhfuil fágtha againn, ach tá leaganacha de ar fáil in áiteanna eile chomh maith:

GÉ (Con.) Tá mé togha

GÉ (Ul.) Tá mé toghna

GA: Tha mi taghta

I nGaeilge Mhanann, tá an focal ‘ ‘teiy’ le fáil san fhoclóir ach ní heol dom an úsáidtear sa chiall seo agus tuigtear dom gur glacadh as Gaeilge na hÉireann é’, níl aon fhadhb agamsa leis sin dála an scéil. Mar sin féin, tugann an focal sin réiteach dom – an focal ‘toghtha’ a chur le chéile, fuaimnithe mar ‘teiy-ah’. Bainfidh mé úsáid sa chaint agus feicfidh mé má thuigeann daoine. Focal ‘cruthaithe’ é ar ndóigh.

EG: Tá mi toghtha

Nó thiocfadh linn triall a bhaint as nath cainte níos simplí, a thuigfeadh gach duine a bhfuil Gaeilge acu:

EG: Tá mi ceart go leor / tá mi math go leor.

 

Io sta mal

Agus faoi dheireadh, ‘Io sta mal’, tá an Eadar-Ghaeilg soiléir sa chás sin dar liom:

 

GA: Tha mi gu dona

GÉ: Tá mé go dona

GM: Ta mee donney

EG: Tá mi gu dona

 

 

 

Níos mó