Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
saoire-in-eirinn:-deireadh-seachtaine-i-gcontae-an-chlair-agus-arainn

Saoire in Éirinn: Deireadh Seachtaine i gContae an Chláir agus Árainn

| hannah ni chonghaile | ,

Níor fhág mé Éire ó 2020. *Gasp* Tá an méid san le feiscint inár dtír bheag álainn féin. Áit amháin atá go hálainn ná Contae an Chláir. Cé go bhféadfá seachtainí fada a chaitheamh ann, muna bhfuil ach deireadh seachtaine agat seo chugaibh cúpla moladh.

An Leacht

Baile beag deas is ea é An Leacht (Leacht Uí Chonchubhair mar ab fhearr aithne ar an áit fadó). Tagann scata daoine ar thóir na dtonnta agus tá roinnt mhaith teaghlach ann, agus atmaisféar deas laethanta saoire timpeall.

D’fhanamair in Airbnb, ach dá mbeinnse ag filleadh ar an áit aríst, raghainn ag campáil agus tá fuíollach roghanna ann sa dúthaigh leis sin a dhéanamh, ach é a chur in áirithe roim ré.

Má bhíonn fonn iasc agus sceallóg ort agus tú ar do laethanta saoire cois trá, tá ualach takeaways ach níl áit níos fearr ná Spooneys ar an bPromanáid. Tá an sceaimpí agus sceallóga go diail agus ag €13.50 ní bhrisfidh sé an banc.

Ó thaobh saol na hoíche de sa Leacht, tá rogha mhaith tithe tábhairne ann. Ceol beo chun tosaigh sa bheár agus popcheol maith a chuirfeadh éinne ag rince sa chúlbheár in The 19th agus fuíollach spáis, áiteanna le suí síos, ceol beo ach gan a bheith ró-ard in Satterys.

Theastaigh uainn surfáil a thriail fad is a bhíomar sa Leacht, ach faraor ní raibh oiread is tonn amháin le feiscint ann i gcaitheamh an deireadh seachtaine. Bead ag filleadh ar an áit chun imeacht ag surfáil, cinnte. Muna bhfuil an aimsir agat nó muna bhfuil fonn ort imeacht ag surfáil, is fiú go mór an tsiúlóid cois na trá a dhéanamh agus imeacht ag snámh.

Faigh an bád ó Dhúlainn go hÁrainn

Níl mórán turasanna chomh deas leis an gceann isteach ar an mbád ó Dhúlainn go hÁrainn na Gaillimhe leis an Doolin Ferry Company. Téigh ag a naoi a chlog ar maidin. Beidh sé fuirist spás pairceála a aimsiú, níl ach costas €5 air le haghaidh an lae, agus tá an carrchlós díreach in aice leis an gcé.

Tá an turas fada a dhóthaint ag 45 nóimint (go háirithe má bhíonn duine agaibh sceimhlithe roim an bhfarraige), ach stopann an bád seo chun daoine a bhailiú agus a fhágaint ag Inis Oírr agus Inis Meáin, agus is deas na hoileáin eile a fheiscint.

Istigh ar an oileán, ar an gcéad dream cuairteoirí den lá, tá rogha na rothar agat agus má bhíonn grúpa agaibh ann (agus má bhíonn airgead tirim agaibh), seans go bhfaighdfidh sibh lascaine ar na rothair ó Inis Mór Bike Hire (ar chlé). Muna bhfuil agaibh ach an cárta, is féidir díol leis sin ag Aran Bike Hire (ar dheis).

Is féidir turas bus nó capall is cairt a fháilt leis, agus tá Gaelainn ag an gcuid is mó desna tiománaithe agus is slí ana-dheas é an t-oileán a fheiscint!

Má thá radharcanna aoibhne uaibh is fiú imeacht chomh fada le Dún Aonghasa cois cósta. Tá seans maith go mbeidh scata rónta le feiscint agus is fiú go mór snámh a dhéanamh ag Trá Chill Mhuirbhigh, ar na tránna is deise sa tír, go háirithe ar lá gréine!

Is fiú i gcónaí imeacht chomh fada le Dún Aonghasa agus am a chaitheamh thuas ann. Is siúlóid ciliméadar é ón áit go bhfaightear na ticéidí – costas €3 – agus níl an talamh rómhaith sa chás go mbeadh daoine le glúine dona ann. Seachas sin, is fiú go mór an dún réamhstairiúl agus na radharcanna a fheiscint.

Ina dhiaidh sin, gan dabht, ní féidir Árainn a fhágaint gan imeacht chuig Poll na bPéist! Má bhíonn tú cróga a dhóthaint léimt isteach, is cinnte go mbeidh tú lánsásta leat féin agus ní ligfidh tú d’éinne dearmad a dhéanamh riamh gur dheinis an beart.

Ní raibh an t-am againn stopadh chun piúnt a ól i dTigh Joe Watty ach má bhíonn, faigh ceann ann agus an tarna ceann sa Bar!

Cé gur chóir trí lá a chaitheamh in Árainn chun an áit a fheiscint i gceart, níl a shárú de thuras lae ann!

Tabhair cuairt ar Aillte an Mhothair

Faightear radharc álainn ar Aillte an Mhothair ón mbád farantóireachta ó Dhúlainn, agus is féidir turas ar na hAillte ón bhfarraige a dhéanamh leis an gcomhlacht chéanna (€28 do dhuine fásta). Is féidir an tsiúlóid álainn a dhéanamh, leis, ar bharra na nAillte agus imeacht chomh fada le Ceann Caillí chun an radharc a fheiscint ón dtír, agus cosnóidh sé €12 an duine ort é sin a dhéanamh.

Is féidir turas saghas difriúil a dhéanamh ar na hAillte ó héileacaptar le Adventure001 Ireland. Cosnóidh sé €100 an duine agus deirtear liom go bhfuil sé ana ghairid ach más spéis leat imeacht i héileacaptar, is dócha gur fiú é!

Is iomaí rud eile atá le déanamh i gContae an Bhanner, ach is tosach maith iad na rudaí seo le haghaidh deireadh seachtaine amháin!

Níos mó