Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Top tips for people looking for jobs with Irish
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Top tips for people looking for jobs with Irish
Information Sheet on Job Possibilities
ni-roghnofar-suiomh-d’ionad-searachais-nua-na-ceathrun-rua-roimh-dheireadh-2024

Ní roghnófar suíomh d’ionad séarachais nua na Ceathrún Rua roimh dheireadh 2024

| Padraic O Ciardha | ,

Luadh trí bhaile Gaeltachta i dtuarascáil maidir le séarachas amh a bheith á chur i bhfarraige agus cé go bhfuil ionad cóireála anois ag feidhmiú i gceann acu, beidh roinnt blianta eile ann sula rachfar i ngleic leis an bhfadhb sna bailte eile

Ní roghnófar suíomh d’ionad séarachais nua na Ceathrún Rua roimh dheireadh 2024

Beidh deireadh na bliana seo chugainn ann sula mbeidh suíomh nua roghnaithe don ionad nua séarachais atá beartaithe don Cheathrú Rua, a deir Uisce Éireann agus meastar go mbeidh 2027 ann faoin am go mbeidh an t-ionad tógtha agus ag feidhmiú.

Sa tuarascáil is déanaí de chuid na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil (EPA), bhí an Cheathrú Rua i nGaeltacht Chonamara luaite ar cheann den 26 baile sa stát ina bhfuil séarachas amh á chur i bhfarraige nó amach in aibhneacha nó lochanna.

Tá sé beartaithe le fada ionad cóireála fuíolluisce a thógáil i gceantar na Ceathrún Rua ionas nach mbeadh séarachas amh á sheoladh amach i gCuan Chasla ach níl aon dul chun cinn déanta maidir leis an togra.

Bhí ceadúnas faighte ag Uisce Éireann ionad cóireála a thógáil ar shuíomh ag Céibh an tSrutháin ar an gCeathrú Rua agus tús curtha leis an bpróiseas pleanála in 2018 sular tháinig casadh sa scéal nuair a fógraíodh go raibh cead pleanála tugtha chun ionad oidhreachta agus cultúrtha a thógáil ag an suíomh céanna.

Tá ráite anois ag Uisce Éireann le Tuairisc go bhfuiltear i mbun athbhreithniú a dhéanamh ar na suíomhanna uile ar a bhféadfaí an t-ionad cóireála a thógáil.

Dúradh gur ceapadh soláthraí seirbhísí innealtóireachta mí Mheán Fómhair na bliana seo chun tabhairt faoi “athbhreithniú cuimsitheach” ar na suíomhanna go léir ar an gCeathrú Rua. Dúirt urlabhraí de chuid Uisce Éireann go ndéanfaí staidéar féidearthachta ansin chun an rogha is fearr a chinntiú agus go rachfaí ar aghaidh ansin go dtí céim an deartha.

Dúradh go dtógann sé idir 12-18 mí de ghnáth chun staidéar féidearthachta a chur i gcrích agus go mbeadh sé “i dtreo dheireadh 2024 nuair a chinnteofar an rogha chóireála is fearr”.

Dúirt Uisce Éireann go raibh siad go hiomlán tiomanta do chóras cóireála a chur ar fáil do phobal na Ceathrún Rua “in ainneoin na ndúshlán” atá tagtha chun cinn.

Sa tuarascáil de chuid an EPA, dúradh go mbeadh 2027 ann faoin am go mbeadh cóireáil á déanamh ar an séarachas amh atá ag dul i bhfarraige ar an gCeathrú Rua.

Bhí dhá bhaile Gaeltachta eile i measc na mbailte ina raibh séarachas amh a cur chun farraige dar leis an tuarascáil Cóireáil Fuíolluisce Uirbeach in 2022 – An Spidéal i I gcontae na Gaillimhe agus An Fál Carrach i gcontae Dhún na nGall.

Dúirt Uisce Éireann go raibh an t-ionad cóireála séarachais a tógadh ar an Spidéal ag feidhmiú ón uair a rinneadh an taighde do thuarascáil an EPA agus go gcuirfí stop feasta leis an séarachas amh a bhí á chur amach i gCuan na Gaillimhe.

Maidir leis an bhFál Carrach, dúradh go raibh staidéar timpeallachta ar bun agus go mbeadh toiliú limistéir mhuirí, cead pleanála agus ordú ceannaigh éigeantaigh ag teastáil ansin chun dul ar aghaidh leis an togra.

Deirtear sa tuarascáil gur in 2028 a bheadh cóireáil á déanamh ar an bhfuíolluisce ar an bhFál Carrach.

Níos mó