Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
eadar-ghaelg-iv:-ag-caint-san-aimsir-chaite

Eadar-Ghaelg IV: Ag caint san aimsir chaite

| ciaran dunbar | ,

Bíonn sé de nós againn a bheith ag scéalaíocht, mar sin de bíonn muid ag caint san aimsir chaite go minic. Tosaíonn daoine ag foghlaim na haimsire caite go measartha luath in aistear foghlama teanga ar bith.

Thar bhriathar ar bith eile, is é an briathar ‘’ a bhíonn á úsáid againn sa Ghaeilge. Mar sin de, is é sin an briathar is tábhachtaí agus is úsáidí san Eadar-Ghaelg.

Bha v Bhí

Ar bhealach, tá seo deacair go leor don chainteoir Eadar-Ghaelg (i. Gael ar bith atá ag iarraidh Gaeilge a labhairt le cainteoirí canúintí/teangacha Gaeilge eile gan tiontú ar an mBéarla) óir caithfear rogha a dhéanamh idir ‘bhí’ (GÉ), ‘bha’ (GA agus Gaeilge Aontroma) agus ‘va’ (GM), i. ‘bha’.

Mar sin féin, níor cheart go mbeadh sé deacair, dá mbeadh fios ag duine ar ‘bhí/bha‘ (agus tá anois!) – sin an fhadhb réitithe – ach scriosfadh sé sin an spraoi!

Ach fan go fóill, seans go bhfuil ‘bha’ agus ‘bhí’ níos ciotaí ná mar a shílfeá. Thuigfeadh Éireannach ‘bha’ gan mórán stró measaim ach tá seans ann go mbeadh mearbhall ar Albanach ar chlos ‘bhí’ di. Seans go sílfeadh sí gur an aimsir fháistineach atá i gceist! Is é sin go gcloisfeadh sí ‘bhidh’ ( : bheidh). Is ionann ‘bidh’ agus ‘beidh’ in Albain, agus in amanna ‘bíonn’- go bunúsach, tá an aimsir fháistineach caillte acu.

Anois, dá mbeadh an saol agus an Ghaeilge ar mo mhian agam, thitfeadh muid go léir siar ar Ghaeilge an Chéitinnigh, ar an nGaeilge choitianta, agus d’úsáidfeadh muid foirmeacha mar seo a leanas eadrainn féin:

  • Do bhás 
  • Do bháis 
  • Do bhí sé / sí
  • Do bhámair 
  • Do bhábhair 
  • Do bhádar 

 
Ach faraor géar, ní thuigfeadh gnáth-Ghaeil an lae inniu na foirmeacha sin (cé is moite de Chúige Mumhan seans). Mar sin féin, is féidir a thuiscint go furasta cárb as a dtagann ‘bhí’ agus ‘bha’.

Seo mar atá an an briathar ‘’ san aimsir chaite sa Chaighdeán Oifigiúil (CO):

  • bhí mé
  • bhí tú
  • bhí sé/sí
  • bhíomar
  • bhí sibh
  • bhí siad

 

Agus seo mar atá sé i nGaeilge Mhanann:

  • Va mee (Bha mi)
  • V’ou (Bha thú)
  • V’eh (Bha é)
  • V’ee (Bha í)
  • Va shin (Bha sinn)
  • Va shiu (Bha siu) 
  • V’ad (Bha iad)

 

Agus i nGaeilge na hAlban:

  • Bha mi
  • Bha thu
  • Bha e
  • Bha i
  • Bha sinn
  • Bha sibh
  • Bha iad

 

Sa chéad dul síos, is ionann ‘va’ agus ‘bha’ ar ndóigh. Mar sin de, ní fadhb mhór í sin. Mar sin, ‘bha’ nó ‘bhí’?

Ar an ábhar gur úsáideadh ‘bha’ in Éirinn agus go bhfuil údarás na Gaeilge stairiúla aige, mholfainn é a úsáid san Eadar-Ghaelg (seachas don tríú pearsa uatha – ag leanúint nós na Gaeilge Clasaicí).

Mar a scríobh mé cheana, measaim gur fearr nós na hAlban agus Mhanann (agus Oileán Reachraidh) a leanúint maidir leis na forainmneacha de, is é sin le rá an fhoirm chuspóireach a úsáid i gcónaí – thuigfeadh Éireannach sin níos éasca ná mar a thuigfeadh Albanach ‘sé, sí agus siad’.

Mar sin de, seo mo mholadh don bhriathar ‘’ san aimsir chaite san Eadar-Ghaelg (Tá Interlingua taobh leis):

  • Bha mi (Io esseva)
  • Bha tú (Tu esseva)
  • Bh’í (i. Bhí í) (Illa esseva)
  • Bh’é (i. Bhí é) (Ille / Illo esseva)
  • Bha sibh (Vos esseva) 
  • Bha sinn (Nos esseva)
  • Bh’iad (Illes/Illas/Illos esseva)

 

Creidim go bhfuil cothrom na Féinne ann idir na canúintí go léir agus níos tábhachtaí arís, creidim go dtuigfí iad go forleathan cé go gcaithfidh mé ‘triall allamuigh’ a reáchtáil – bain triail as agus abair liom cén toradh a bheas air más féidir.

Mar sin féin, dá mbeinn ag iarraidh ‘Eadar-Ghaelg’ scríofa a chruthú, is iad na foirmeacha a leanas a mholfainn:

  • Bhás 
  • Bháis 
  • Bhí sé / sí
  • Bhámair 
  • Bhábhair 
  • Bhádar 

 

Mar sin féin, d’imigh ‘Ceart na Gaeilge’ agus tháinig ‘Caint na nDaoine’.

Is féidir breathnú ar fhíseán ar an ábhar anseo.

__________________________________________________________

Is féidir na trí alt eile sa tsraith seo le Ciarán Dunbar a léamh anseo: 

Idir-Ghaeilge

‘Cionnus tá tú?’ – comhtheanga na mórGhaeltachta

Comhtheanga na nGael: Eadar-Ghaelg III

The post Eadar-Ghaelg IV: Ag caint san aimsir chaite appeared first on NÓS.

Níos mó