Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Top tips for people looking for jobs with Irish
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Top tips for people looking for jobs with Irish
Information Sheet on Job Possibilities
na-ceantair-ghaeltachta-is-mo-ina-bhfuil-gaeilge-‘an-mhaith’-ag-daoine

Na ceantair Ghaeltachta is mó ina bhfuil Gaeilge ‘an-mhaith’ ag daoine

| Tuairisc.ie | , ,

Ceantar na nOileán i gConamara an ceantar pleanála teanga is mó sa Ghaeltacht ina ndeir daoine go bhfuil labhairt na Gaeilge go han-mhaith acu.

Na ceantair Ghaeltachta is mó ina bhfuil Gaeilge ‘an-mhaith’ ag daoine

Ceantar na nOileán i gConamara an ceantar pleanála teanga is mó sa Ghaeltacht ina ndeir daoine go bhfuil labhairt na Gaeilge go han-mhaith acu.

De réir figiúirí nua daonáirimh atá eisithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh 88% de na cainteoirí Gaeilge i limistéar pleanála teanga Cheantar na nOileán a thug le fios sa daonáireamh deireanach go raibh Gaeilge an-mhaith acu.

Cuireadh ceist nua i nDaonáireamh 2022 faoin líofacht a mheas daoine a bhí acu sa Ghaeilge agus bhí trí rogha ag daoine – go bhfuil labhairt na Gaeilge an-mhaith acu, go bhfuil sí go maith acu nó go bhfuil sí go dona acu.

I 16 den 26 limistéar pleanála teanga sa Ghaeltacht, thug níos lú ná leath de na cainteoirí Gaeilge le fios go raibh Gaeilge an-mhaith acu.

Bhí ceithre limistéar ann inar thug níos lú ná an cúigiú cuid de na cainteoirí Gaeilge iontu le fios go raibh Gaeilge an-mhaith acu – na Rosa i nDún na nGall  (18%), Maigh Eo Thiar (16%), Oirthear Chathair na Gaillimhe (14%) agus An tEachréidh i gcontae na Gaillimhe (11%).

Sa dara háit ó thaobh na líofachta ar liosta na limistéar pleanála teanga tá an Cheathrú Rua, áit a ndúirt 75% de na daoine a dúirt go raibh Gaeilge acu go raibh sí an-mhaith acu.

Oileáin Árann a bhí sa tríú háit le 78% agus Toraigh a bhí sa cheathrú háit le 75%.

Foilsíodh eolas freisin inné maidir le céatadán na gcainteoirí Gaeilge i mbailte an stáit. Ba é Béal Átha an Ghaorthaidh i gcontae Chorcaí an baile ina raibh an céatadán is mó den daonra os cionn trí bliana d’aois a dúirt gur cainteoirí Gaeilge iad – 89%.

Ba ar an mBun Beag i nDún na nGall agus ar an gCeathrú Rua i gConamara a bhí an sciar is airde de chainteoirí a dúirt go labhraíonn siad an Ghaeilge gach lá, áfach.

Thug 69% de na cainteoirí Gaeilge sna bailte sin le fios gur labhair siad an Ghaeilge gach lá, sciar níos airde ná in aon bhaile eile sa stát.

Limistéir Pleanála Gaeltachta Líon na gCaintéoirí Gaeilge Líon na gCainteoirí Laethúla Gaeilge % na gCainteoirí Laethúla Gaeilge
Ceantar na nOileán 1,957 1,714 88%
An Cheathrú Rua 2,227 1,897 85%
Oileáin Árann 1,036 812 78%
Toraigh 112 86 77%
Conamara Láir 2,450 1,834 75%
Gaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire agus Loch an Iúir 4,696 3,261 69%
Cois Fharraige 5,568 3,777 68%
Cloich Chionnaola, Gort an Choirce, An Fál Carrach agus Machaire Rabhartaigh 2,990 1,703 57%
Árainn Mhór 374 189 51%
Ciarraí Thiar 5,000 2,476 50%
Na Déise 1,473 689 47%
Cléire 72 32 44%
An Ghaeltacht Láir 1,099 450 41%
Múscraí 2,870 1,135 40%
Ráth Chairn agus Baile Ghib 1,179 425 36%
Dúiche Sheoigheach agus Tuar Mhic Éadaigh 2,033 666 33%
Ciarraí Theas 1,068 257 24%
Dún na nGall Theas 2,057 484 24%
Tuaisceart Dhún na nGall 1,681 385 23%
Bearna agus Cnoc na Cathrach 6,905 1,529 22%
Maigh Eo Thuaidh 3,882 791 20%
Maigh Cuilinn 2,903 567 20%
Na Rosa 2,540 458 18%
Maigh Eo Thiar 1,330 213 16%
Oirthear Chathair na Gaillimhe 3,362 460 14%
An tEachréidh 4,292 455 11%
An Stát 65,156 26,745 41%

Ba iad Dún Chaoin (75%) agus Cill Chuáin (73%) i gCiarraí agus Árainn (74%), Sailearna (71%) agus Camas (71%) i gcontae na Gaillimhe na toghranna ina raibh na céatadáin is airde de chainteoirí Gaeilge a labhair gach lá í, bíodh sin taobh istigh nó taobh amuigh den chóras oideachais.

Níl figiúirí curtha ar fáil ag an CSO maidir le cén céatadán den daonra sna bailte nó sna toghranna sin atá ina gcainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais, slat tomhais níos cruinne ar staid reatha na teanga.

Léirigh  figiúirí ón Daonáireamh a cuireadh amach sa samhradh  nach bhfuil ach ceithre Limistéar Pleanála Gaeltachta sa tír ina labhraíonn breis is leath den phobal an Ghaeilge chuile lá.

De réir anailís a rinne   Tuairisc ar na figiúirí a d’fhoilsigh an Phríomhoifiig Staidrimh, is mionlach iad na cainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais in 22 den 26 Limistéar Pleanála Teanga sa stát.

Níos mó