Ceantar na nOileán i gConamara an ceantar pleanála teanga is mó sa Ghaeltacht ina ndeir daoine go bhfuil labhairt na Gaeilge go han-mhaith acu.
De réir figiúirí nua daonáirimh atá eisithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh 88% de na cainteoirí Gaeilge i limistéar pleanála teanga Cheantar na nOileán a thug le fios sa daonáireamh deireanach go raibh Gaeilge an-mhaith acu.
Cuireadh ceist nua i nDaonáireamh 2022 faoin líofacht a mheas daoine a bhí acu sa Ghaeilge agus bhí trí rogha ag daoine – go bhfuil labhairt na Gaeilge an-mhaith acu, go bhfuil sí go maith acu nó go bhfuil sí go dona acu.
I 16 den 26 limistéar pleanála teanga sa Ghaeltacht, thug níos lú ná leath de na cainteoirí Gaeilge le fios go raibh Gaeilge an-mhaith acu.
Bhí ceithre limistéar ann inar thug níos lú ná an cúigiú cuid de na cainteoirí Gaeilge iontu le fios go raibh Gaeilge an-mhaith acu – na Rosa i nDún na nGall (18%), Maigh Eo Thiar (16%), Oirthear Chathair na Gaillimhe (14%) agus An tEachréidh i gcontae na Gaillimhe (11%).
Sa dara háit ó thaobh na líofachta ar liosta na limistéar pleanála teanga tá an Cheathrú Rua, áit a ndúirt 75% de na daoine a dúirt go raibh Gaeilge acu go raibh sí an-mhaith acu.
Oileáin Árann a bhí sa tríú háit le 78% agus Toraigh a bhí sa cheathrú háit le 75%.
Foilsíodh eolas freisin inné maidir le céatadán na gcainteoirí Gaeilge i mbailte an stáit. Ba é Béal Átha an Ghaorthaidh i gcontae Chorcaí an baile ina raibh an céatadán is mó den daonra os cionn trí bliana d’aois a dúirt gur cainteoirí Gaeilge iad – 89%.
Ba ar an mBun Beag i nDún na nGall agus ar an gCeathrú Rua i gConamara a bhí an sciar is airde de chainteoirí a dúirt go labhraíonn siad an Ghaeilge gach lá, áfach.
Thug 69% de na cainteoirí Gaeilge sna bailte sin le fios gur labhair siad an Ghaeilge gach lá, sciar níos airde ná in aon bhaile eile sa stát.
Limistéir Pleanála Gaeltachta | Líon na gCaintéoirí Gaeilge | Líon na gCainteoirí Laethúla Gaeilge | % na gCainteoirí Laethúla Gaeilge |
---|---|---|---|
Ceantar na nOileán | 1,957 | 1,714 | 88% |
An Cheathrú Rua | 2,227 | 1,897 | 85% |
Oileáin Árann | 1,036 | 812 | 78% |
Toraigh | 112 | 86 | 77% |
Conamara Láir | 2,450 | 1,834 | 75% |
Gaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire agus Loch an Iúir | 4,696 | 3,261 | 69% |
Cois Fharraige | 5,568 | 3,777 | 68% |
Cloich Chionnaola, Gort an Choirce, An Fál Carrach agus Machaire Rabhartaigh | 2,990 | 1,703 | 57% |
Árainn Mhór | 374 | 189 | 51% |
Ciarraí Thiar | 5,000 | 2,476 | 50% |
Na Déise | 1,473 | 689 | 47% |
Cléire | 72 | 32 | 44% |
An Ghaeltacht Láir | 1,099 | 450 | 41% |
Múscraí | 2,870 | 1,135 | 40% |
Ráth Chairn agus Baile Ghib | 1,179 | 425 | 36% |
Dúiche Sheoigheach agus Tuar Mhic Éadaigh | 2,033 | 666 | 33% |
Ciarraí Theas | 1,068 | 257 | 24% |
Dún na nGall Theas | 2,057 | 484 | 24% |
Tuaisceart Dhún na nGall | 1,681 | 385 | 23% |
Bearna agus Cnoc na Cathrach | 6,905 | 1,529 | 22% |
Maigh Eo Thuaidh | 3,882 | 791 | 20% |
Maigh Cuilinn | 2,903 | 567 | 20% |
Na Rosa | 2,540 | 458 | 18% |
Maigh Eo Thiar | 1,330 | 213 | 16% |
Oirthear Chathair na Gaillimhe | 3,362 | 460 | 14% |
An tEachréidh | 4,292 | 455 | 11% |
An Stát | 65,156 | 26,745 | 41% |
Ba iad Dún Chaoin (75%) agus Cill Chuáin (73%) i gCiarraí agus Árainn (74%), Sailearna (71%) agus Camas (71%) i gcontae na Gaillimhe na toghranna ina raibh na céatadáin is airde de chainteoirí Gaeilge a labhair gach lá í, bíodh sin taobh istigh nó taobh amuigh den chóras oideachais.
Níl figiúirí curtha ar fáil ag an CSO maidir le cén céatadán den daonra sna bailte nó sna toghranna sin atá ina gcainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais, slat tomhais níos cruinne ar staid reatha na teanga.
Léirigh figiúirí ón Daonáireamh a cuireadh amach sa samhradh nach bhfuil ach ceithre Limistéar Pleanála Gaeltachta sa tír ina labhraíonn breis is leath den phobal an Ghaeilge chuile lá.
De réir anailís a rinne Tuairisc ar na figiúirí a d’fhoilsigh an Phríomhoifiig Staidrimh, is mionlach iad na cainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais in 22 den 26 Limistéar Pleanála Teanga sa stát.