Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
filleadh-agus-feall-–-deireadh-le-baghcat-an-dup-ar-stormont

Filleadh agus feall – deireadh le baghcat an DUP ar Stormont

| Poilin Ni Chiarain | ,

Ní haon ribín réidh an cúrsa atá roimh cheannaire an DUP agus feidhmeannas Stormont féin

Filleadh agus feall – deireadh le baghcat an DUP ar Stormont

Pictiúr: Leah Farrell / RollingNews.ie

Jeffrey Donaldson caithréimeach, tacaíocht a pháirtí aige chun éirí as an mbaghcat ar Stormont ach údar imní is ea an ‘cúigiú colún’ san DUP.

 Ní haon ribín réidh an cúrsa atá roimh cheannaire an DUP agus feidhmeannas Stormont féin.

Faoiseamh dá lán ab ea fógra cheannaire an DUP do na meáin ag a haon a chlog maidin Dé Máirt go raibh tacaíocht chomhairle feidhmiúcháin an pháirtí faighte aige chun filleadh ar roinnt na cumhachta in Stormont.

Bhí an ceann is fearr faighte ag Jeffrey Donaldson ar na heasaontóirí laistigh agus lasmuigh dá pháirtí. Éacht ab ea é sin i bhfianaise an dráma, nó scigdhráma, a bhain le cruinniú an pháirtí.

Bhí an t-ionad le haghaidh teacht le chéile an bhreis is  120 comhalta den chomhairle in ainm is a bheith príobháideach ach sceitheadh an t-eolas chuig feachtasóirí atá in aghaidh athbhunú Stormont gan an teorainn i Muir Éireann a bheith curtha ar ceal. Bhí leathchéad lucht agóide ansin roimh na toscairí ag agairt orthu ‘feall’ agus ‘cúlú’ a chosc.

Níos measa fós bhí an blagaire dílseach, Jamie Bryson, ag tvuíteáil cuntas ar an gcruinniú fad is a bhí sé ag tarlú. Cheap daoine ag an gcruinniú gur duine éigin a bhí i láthair a thug rochtain ar ghuthán do Bryson. Feall a thug Donaldson air sin. Maíodh níos deireanaí gur bugáilte a bhí na himeachtaí.

Mhair an cruinniú cúig uaire an chloig agus ceistíodh Donaldson go dian. Dúirt an ceannaire gur thacaigh móramh den pháirtí leis ach níor foilsíodh toradh an vóta. Tá a fhios go bhfuil Nigel Dodds, Sammy Wilson agus Ian Paisley in éadan an mhargaidh chomh maith le dornán de na Teachtaí Tionóil ach ba ag na daoine a chreideann gurb é leas an phobail agus neartú an Tuaiscirt sa Ríocht Aontaithe é Stormont a bheith ag feidhmiú a bhí an svae.

Níor tugadh le fios don phobal cé na téarmaí a réitíodh idir an DUP agus rialtas na Breataine, ach i bhfianaise chomh minic is a rinne an Bhreatain feall orthu cheana bhí ceannaire an DUP diongbháilte nach nglacfadh sé le muc i mála.

Bhogfadh an DUP nuair a bheadh coinníollacha comhlíonta ag rialtas na Breataine. Thug an Státrúnaí Chris Heaton-Harris le fios go bhfoilseofar páipéar ceannais an rialtais De Céadaoin agus go rithfear reachtaíocht – ordú i gcomhairle, seachas bille – Déardaoin. D’fhágfadh sin go mb’fhéidir go mbeadh cruinniú Tionóil ann De hAoine nó Dé Sathairn.

Chuir an Státrúnaí na páirtithe eile atá i dteideal a bheith sa bhFeidhmeannas in Stormont ar an eolas faoi rún faoin margadh. Bhíodar sásta nach raibh rud ar bith ann a thiocfadh salach ar Chomhaontú Aoine an Chéasta. Níor thug siadsan aon leide go raibh Creat Windsor/an Prótacal iar-Bhreatimeachta cealaithe.

Dúirt Jeffrey Donaldson inniu, Dé Máirt, go mbeadh deireadh scun scan le seiceáil nó dearbhú custaim ar earraí ón mBreatain Mhór a bheadh le húsáid i dTuaisceart Éireann. Athrú suntasach é sin, más fíor. Nó fadhb mhór do Jeffrey más snas ar an margadh é.

Beidh a naimhde – Jim Allister an TUV, an blagaire Bryson agus na daoine eile a bhí in éindí le ceannaire an DUP ar léirsithe in éadan an phrótacail agus Chreat Windsor – ar a ndícheall ag iarraidh tuisle a bhaint as.

Tá siad ag rá gur chlis Donaldson ar a fhocal agus ní ligfidh siad deis ar bith tharstu chun iarracht a dhéanamh é a chur dá bhonn. Ina theannta sin. tá ‘umhlú do Chéad-Aire ó Shinn Féin’ á chaitheamh mar achasán ag roinnt cheana féin. Lá stairiúil do náisiúnaithe a bheas ann Michelle O’Neill a bheith sa chéad-aireacht, ach beidh obair dhúshlánach le déanamh ag Feidhmeannas nua chun fóint ar an bpobal agus chun muinín sa pholaitíocht réigiúnach a chothú.

Níos mó