Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
pairturu-ar-an-ngrian-sa-tir-seo-trathnona

Páirturú ar an ngrian sa tír seo tráthnóna

| tuairisc | ,

Tá urú iomlán na gréine i Meiriceá ag tarraingt cuid mhór cainte is iontais agus daoine ag súil le spéir ghlan ionas go mbeidh an t-urú iomlán sin le feiceáil go soiléir

Páirturú ar an ngrian sa tír seo tráthnóna

Beidh páirturú ar an ngrian sa tír seo tráthnóna ó thart ar a 7.55pm nuair a ghabhfas an ghealach sa mbealach ar an ngrian agus beidh sí sa solas orainne mar go gclúdóidh sí idir 20-30% den ghrian agus í ag dul thairsti.

Tá urú iomlán na gréine i Meiriceá ag tarraingt cuid mhór cainte is iontais agus daoine ag súil le spéir ghlan ionas go mbeidh an t-urú iomlán sin le feiceáil go soiléir sna Stáit Aontaithe, i Meicsiceo agus i gCeanada. Tá daoine tar éis taisteal ós na ceithre hairde go dtí na stáit bheaga Maine agus Vermont sna Stáit Aontaithe leis an urú iomlán agus an 20 nóiméad dorchadais a fheiceáil mar go meastar gur glaine a bheidh an spéir sa bhfuacht ansin ná aon áit eile sna Stáit Aontaithe.

Tá an t-iontas seo anocht ag brath go mór ar an aimsir mar lena fheiceáil i gceart caithfidh an spéir a bheith glan mar má bhíonn brat scamall sa spéir, folóidh siad an t-urú.

Ach an spéir a bheith glan, ba cheart go mbeadh an páirturú le feiceáil againn anocht le dul faoi na gréine idir 7.50pm agus 8.50pm, ag brath ar an áit sa tír ina bhfuil duine. Agus an ghealach ag dul thairsti feicimid an t-urú mar scáil ar chuid den ghrian.

Ar an drochuair san oileán seo ar chósta an Atlantaigh, is caol an seans go nochtfar an páirturú dúinn mura n-athróidh cúrsaí aimsire idir seo agus sin mar tá rabhadh buí báistí i bhfeidhm sa tír go dtí meán oíche anocht.

Má bhíonn sé le feiceáil, is ar an gcósta thiar agus i nDún na nGall is fearr a bheidh amharc le fáil ar an urú anocht. Faoin tráth sin den lá beidh an ghrian ar hob dul a luí san iarthar agus is mó den pháirturú a bheidh le feiceáil thiar ná san taobh thoir. Ó tharla 4.2 céim domhanfhaid idir oirthear na tíre seo agus an t-iarthar tá 17 nóiméad idir éirí agus luí na gréine ar an dá thaobh den tír.

Ag brath ar an áit a mbeidh tú le dul faoi na gréine anocht, d’fhéadfadh suas le 55% de thrastomhas na gréine a bheith faoi urú na gealaí agus deir Réalteolaíocht Éireann gur páirturú domhain go maith é sin.

Deirtear linn go bhfuil dóchúlacht 35% ann go bhfeicfear an páirturú i nGaillimh ach Béal an Mhuirthead an áit is fearr le bheith ag breathnú leataobhach ar an spéir, ag 44%. An 29 Márta 2025 a bheidh an chéad pháirturú eile ar an ngrian sa taobh seo domhan.

Is í comhairle na réalteolaithe d’aon duine a shantaíonn an t-iontas nádúrtha seo a fheiceáil dul go dtí áit oscailte éigin óna bhfuil léargas glan ar fhíor na spéire thiar. Garraí nó páirc fhairsing, cnoc a bhfuil a aghaidh siar nó réimse uisce amhail bruach farraige nó locha.

Tá fainic curtha ag Réalteolaíocht Éireann ar dhaoine faoin gcontúirt do na súile a bhaineann le bheith ag stánadh díreach ar an urú agus molann siad do dhaoine gan sin a dhéanamh agus a bheith fíorchúramach na súile a chosaint le spéaclaí gréine.

Bíonn urú ar an ngrian nuair a ghluaiseann an ghealach díreach idir an domhan agus an ghrian, rud a fhágann an domhan seo faoi scáil na gealaí..

Ní bhíonn aon urú ar an ngrian le feiceáil riamh ach i gcuid den phláinéad seo mar níl an ghealach ach an ceathrú cuid d’achar an domhain agus mar sin níl ar a cumas an domhan uilig a chlúdach agus í ag gabháil idir muid agus an ghrian.

Níos mó