Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-arnie:-oideas-simpli-do-mhanglam-gan-alcol

Arnie: oideas simplí do mhanglam gan alcól

| Ruairi Egan |

Is aoibhinn linne, muintir na hÉireann, a bheith ag dul ar oícheanta amach — ag bualadh lenár gcairde, ag dul ag damhsa, agus ag clabaireacht lena chéile go ceann na maidine. Tá pleananna na nGael d’oícheanta amach (agus, mo léan, d’Oireachtas na Samhna) ar fóraoil i mbliana agus sinn suite sa bhaile ag caitheamh i ndiaidh chuile rince a roinneamar, gach Pop-Up Gaeltacht agus chuile phionta a d’ólamar. Is aoibhinn linn uilig an comhluadar, craic agus an canadh ar fad a thagann le hoíche amach, ach ní hamhlaidh do chách leis na deochanna alcólacha.

Ní minic go mbíonn mórán rogha dí gan alcól ar fáil sa teach tábhairne. De ghnáth bíonn beoir amháin nó dhó, i mbuidéal, agus b’fhéidir manglam gan alcól, nó mocktail, amháin ar fáil. 

Tá sé níos coitianta gan ól anois ná mar a bhí, agus daoine ag cuartú oícheanta amach nuair a bhíonn freagracht orthu an mhaidin dár gcionn. Uaireanta is rogha phearsanta é agus uaireanta eile, níl cúis eile ann seachas nach dteastaíonn ón duine ól. 

Ní gan mhíbhuntáistí a bhíonn an rogha sin. Bíonn daoine amhrasach faoin té nach n-ólann, ag ceapadh go bhfuil breithmheas á dhéanamh orthu. Níos measa fós, uaireanta ní thugtar cuireadh don té nach n-ólann toisc go bhfuil tuairim ag an tromlach nach mbainfear sult as an oíche gan alcól, agus nach dteastódh uathu teacht. 

Níor tharla sé dom buíochas le Dia, toisc nach staonaim ón ól, tuigim an tarraingt a ghabhann le cúpla pionta faoin ngrian (nó in íoslach ar Shráid Fhearchair), ach ní theastaíonn sé uaim i gcónaí. Ach tá sé tarlaithe do dhaoine a bhfuil aithne agam orthu. Bíonn siad chomh sceitimíneach céanna faoin oíche amach, cén fáth nach féidir leo a rogha féin a dhéanamh bheith i láthair?

Tháinig an-cháil ar The Virgin Mary i lár Bhaile Átha Cliath nuair a d’oscail sé mar bheár gan alcól. Thug sé deis dóibh siúd nach n-ólann le bheith ábalta rogha leathan a bheith acu le hól ar oíche amach gan an brú céanna. 

Anois, tá na mílte roghanna de mocktails ar fáil. D’fhreastail mé ar oíche mocktails sa choláiste sular dúnadh é agus bhí sé níos taitneamhaí ná oíche ar bith ar fhreastail mé uirthi le cúpla seachtain roimhe. Bhí daoine fós ag casadh ceoil, an chlabaireacht chéanna ag tarlú ar cúl, deochanna milse i lámh chuile dhuine agus mé féin ag fiosrú céard is tinneas cinn ann an mhaidin dár gcionn. 

Ba é an ‘Arnie’ an mocktail ab fhearr liom ón oíche. Bhí orm dul ag cuartú an oidis ó mo chara ag tús an tsamhraidh nuair a thosaigh an aimsir ag dul i bhfeabhas le go bhféadfainn é a ól sa bhaile agus an ghrian ag scalladh orm sa ghairdín

Arnie

Oideas

~ 100ml leann sinséir

~ 100ml 7Up

35ml grinidín

15ml sú liomóide

oighear

Roghnach : Slisín liomóide agus píosa peirsile

Modh

Líon gloine le hoighear. Doirt isteach an leann sinséir.

Beidh cumadh an-phroifisiúnta ort sa chéim seo. Tomhais an grinidín agus sú liomóide le cur leis an leann sinséir. Measc ar fad le chéile é (nó creath i gcroiteoir é má tá an fearas agat!).

Doirt an 7Up os cionn, cuir isteach slisín liomóide agus peirsil má theastaíonn uait agus bain sult as!

Níos mó