Súil Siar ar PEIG.ie 2022
Seo achoimre ghearr ar na hábhair ar PEIG.ie a chuireadh an suim is mó iontu an bhliain seo. Tá meascán ann d’ailt as Béarla agus as Gaeilge, leis na cinn atá dírithe ag foghlaimeoirí á léamh níos mó trí Bhéarla ná trí Ghaeilge, mar a bheifeá ag súil leis.
Is léir ón achoimre seo go bhfreastalaíonn PEIG ar ghrúpaí éagsúla – foghlaimeoirí, tuismitheoirí, daoine atá ag iarraidh a saol féin, agus a saol oibre a fheidhmiú trí Ghaeilge, agus dreamanna eile.
Foghlaimeoirí
Bhain foghlaimeoirí an-úsáid as PEIG an bhliain seo, mar is gnáth. Bhí an-tóir ar an leathanach faoi ranganna Gaeilge don duine fásta, agus an-suim freisin san eolas faoi chúrsaí tríú leibhéal le Gaeilge agus sna hailt éagsúla a d’fhoilsíodh fúthu, cúige ar chúige. Thaitin na hailt faoi áiseanna ar líne go mór leis na foghlaimeoirí – áiseanna don téarmaíocht agus ghramadach, agus don fhuaimniú teanga. Thaitin na hailt a chuir lena stór focail go mór leo freisin, cosúil leis an gceann seo faoi fhéinchúram, nó leis an gceann seo faoi Oíche Shamhna.
Cuardaitheoirí Poist
D’fhógraíodh beagnach 600 folúntas ar PEIG i 2022, agus ní haon ionadh é, mar sin, go raibh an-suim san alt le CV samplach Gaeilge. Is iad na folúntais a bhain le haistriúcháin is mó a chuireadh suim iontu, chomh maith leis na poist a bhain le pleanáil teanga. Cuireadh an-suim sna hailt faoi fhostaíocht sa Ghaeilge – na gairmeacha le Gaeilge, na fostóirí, agus na poist féin. Cuireadh suim freisin sna hailt ginearálta faoin fhostaíocht – ailt le leideanna chun dul ag obair thar lear, nó conas litir fhoirmiúil a scríobh i nGaeilge.
Tuismitheoirí
Bhí ábhair againn do thuismitheoirí freisin – thaitin alt le moltaí d’ainmneacha Gaeilge do pháistí go mór le daoine, in éineacht le halt le moltaí faoi conas paistí a thógáil le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht. An bhliain seo, cuireadh an-suim arís san eolas faoi na coláistí samhraidh.
An saol trí Ghaeilge
Bhí an-tóir ar ábhair a chabhraigh le daoine níos mó dá saol a chaitheamh trí Ghaeilge. Ceann de na leathanaigh is mó a bhí á leamh ná an leathanach faoi chiorcail comhrá. Bhí an-suim san alt nuashonraithe ar phodchraoltaí Gaeilge agus ar an alt faoi na múinteoirí Gaeilge le leanúint ar Instagram. Foilsíodh go leor leabhair iontacha sa Ghaeilge an bhliain seo agus ní iontas ar bith é dá bharr sin go raibh an-suim san alt le heolas faoi shiopaí agus fhoilsitheoirí leabhair Gaeilge.
Cuireadh an-suim freisin sna hailt faoi bhronntanais agus chártaí Nollag a bhí le fáil ó ghnóthaí ar ár n-Eolaire Gnó. Dar ndóigh, bhí daoine ag lorg slite chun airgead a shábháil freisin. Bhí an-chuid léitheoirí ar ábhair spraíúla cosúil le puzail focal agus ainmneacha Gaelacha do pheataí.
Maidir leis na hailt nuachta, cuireadh an-suim sna hailt faoi Oireachtas na Samhna, agus an clampar sna meáin maidir le ceisteanna teanga, cosúil leis an gceann faoin téarma “Gaeilgeoir” a tharraing achrann i mí an Mheithimh. I mí Iúil thugadh an-suntas don liosta de Theachtaí Dála agus Sheanadóirí a bhí ag foghlaim Gaeilge.