Comhordaitheoir na Mac Léinn – Tríú Leibhéal
Conradh na Gaeilge
Tá clú agus cáil ar Chonradh na Gaeilge mar eagras deonach atá tiomnaithe do chur chun cinn na Gaeilge ar fud na cruinne. Bunaithe ag Dubhghlas de hÍde, Eoin Mac Néill agus eile é in 1893, tá an eagraíocht ar thús cadhnaíochta in athbheochan úsáid na teanga agus ag múscailt spéise sa Ghaeilge agus sa chultúr Gaelach ó shin i leith.
Tá sé i gceist ag an gConradh, mar chuid den tionscadal ‘Gluaiseacht’ le tacaíocht ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, comhordaitheoir a fhostú le tacaíocht agus comhordú a chur ar fáil do na cumainn Ghaelacha agus do na hoifigigh Gaeilge tríú leibhéal. Eagrófar ceardlanna idirghníomhacha chomh maith ar na féidearthachtaí agus ar na deiseanna fostaíochta agus eile a bhaineann leis an nGaeilge.
Cur síos ar an bpost
Faoi cheannas an Stiúrthóir Óige & Léiriúcháin agus Buanchoiste an Chonartha, beidh de dhualgas ar Chomhordaitheoir na Mac Léinn na dualgais a leanas a chomhlíonadh:
- An tionscadal Gluaiseacht a chur chun cinn sa tríú leibhéal
- Ceardlanna Fostaíochta a eagrú sna coláistí leis na rudaí seo a leanas a chur chun cinn:
– deiseanna fostaíochta Gaeilge san earnáil phoiblí agus lasmuigh di
– cúrsaí tríú leibhéal Gaeilge a chur chun cinn
– deiseanna do na mic léinn lena gcuid Gaeilge a úsáid sa tríú leibhéal agus lasmuigh de - Tacaíocht a chur ar fáil do chumainn Ghaelacha tríú leibhéal agus d’oifigigh Gaeilge sna coláistí tríú leibhéal
- Freastal ar Aontaí Gairme náisiúnta agus áitiúla timpeall na tíre, le gairmeacha le Gaeilge a chur chun cinn
- Dualgais eile de réir mar is gá
Cur síos ar an té a cheapfar
- Caighdeán maith Gaeilge, idir labhartha agus scríofa
- Scileanna láidre cur i láthair / caint phoiblí
- Scileanna láidre idirphearsanta
- Scileanna maithe eagrúcháin, ar a n-áirítear: scileanna ríomhaireachta agus scileanna bainistíocht ama/pleanála
- B’fhearr go mbeadh ceadúnas tiomána iomlán agus teacht ar charr ag an té a cheapfar
Scála Tuarastail:
Oifigeach Feidhmiúcháin, Ciorclán 11/23 1A: €34,562 – €56,969. Caithfear an post a ofráil ag tús an scála. Chomh maith leis sin íocfar 5% den tuarastal mar sholáthar pinsin ach a chomhionann a bheith á íoc ag an bhfostaí tar éis dóibh an tréimhse promhaidh a bhaint amach.
Spriocdháta:
Is gá CV agus litir chumhdaigh a chur chuig post@cnag.ie faoin Mháirt an 7 Bealtaine ag 11:00rn.
Eolas eile:
- Bíonn Conradh na Gaeilge ag feidhmiú ar bhonn uile-Éireann & bíonn cúraim uile-Éireann ag gach fostaí dá réir sin
- Post lánaimseartha ar chonradh bliana atá i gceist leis an ról.
- Socrófar an dáta tosaithe leis an té a éiríonn leo an post a bhaint amach. Táthar ag súil go dtosnóidh an té a cheapfar sa ról seo chomh luath agus gur féidir
- Glacfar le hiarratais as Gaeilge amháin
- Beidh an post seo lonnaithe i mBaile Átha Cliath ach beidh taisteal le déanamh. Tá solúbthacht ann ó thaobh obair ón mbaile de réir Pholasaí Cianoibre Chonradh na Gaeilge
- Beidh na hagallaimh don phost seo ar siúl 10 Bealtaine thar Zoom.
Tá an post seo maoinithe le tacaíocht ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Job Features
Job Category | Conradh na Gaeilge, Earnáil Phoiblí, Gach Folúntas |