Siúlóid threoraithe lán-Ghaeilge – 3 lá ar shlí Cholmcille
Siúlóid threoraithe lán-Ghaeilge – 3 lá ar shlí Cholmcille
@ Gleann Cholm Cille
Spórt agus Sláinte"SIÚLÓID THREORAITHE LÁN-GHAEILGE - 3 LÁ AR SHLÍ CHOLMCILLE, 7-9 MEITHEAMH
• 3 lá ag siúl i gceantair áille Ghaeltacht Dhún na nGall – Toraigh, Gartán agus Gleann Cholm Cille
• Craic, ceol agus comhluadar trí Ghaeilge
• Oilithreacht agus oidhreacht Naomh Colmcille
Spásanna teoranta.
Tuilleadh eolais / Foirm iarratas ó sli@forasnagaeilge.ie ó 8ú Aibreán (tar éis saoire na Cásca).
Ón 7 go dtí an 9 Meitheamh 2024 beidh siúlóid agus oilithreacht 3lá i nGaeilge ar Shlí Cholmcille i nDún na nGall. Téann Slí Cholmcille ó Ghleann Cholm Cille in Éirinn go hOileán Í in Albain, agus nascann sé láithreacha a bhaineann le beatha agus le traidisiún an naoimh.
Tá súil go mbeidh an tSlí mar mhacasamhail an Camino de Santiago sa Spáinn. Beidh deis eolas a chur ar an dúlra, slí don cholainn, agus slí don spiorad agus comhluadar i nGaeilge i gcroílár Ghaeltacht Dhún na nGall.
Ó 2020, bhí oilithreacht gach samhradh ar Shlí Cholmcille, agus is í seo an dara siúlóid agus oilithreacht atá go hiomlán i nGaeilge. Tá sí á heagrú ag comharchumainn Ghaeltachta agus ceantair pleanála teanga i nDún na nGall i gcomhar le clár Cholmcille d’Fhoras na Gaeilge. Beidh Séamus Ó Dúchoin, treoraí sléibhe agus cainteoir dúchais ag treorú na siúlóide.
https://www.colmcille.org/ga/
Ainm áite; Slí Cholm Cille. Co. Dhún na nGall - Toraigh- Gleann Cholm Cille- Gártán