Rogha na Seachtaine #2 | Ceolchoirm | King Kong Company ag an bPicnic Leictreach
Buaicphointe an deireadh seachtaine do roinnt ag an bPicnic Leictreach ná an scoth-thaispeántas ón ngrúpa a tháinig le chéile i bPort Láirge
Bhí King Kong Company ag ceiliúradh 6 bliana ag seinm ag an bPicnic Leictreach an deireadh seachtaine seo a chuaigh thart. I measc an cheoil leictreonaigh ag an bhféile bhí King Kong Company agus chruthaigh siad fuilibiliú ollmhór ag ardán Chorp & Anam oíche Dhomhnaigh. Cé go raibh scleondar mór millteach san aer thug King Kong Company meabhrúcháin chairdúla don slua ar fad chun aire a thabhairt dá cheile agus iad ag baint súp as an gceol, athrú meoin a bhí éagsúil ach deas le cloisteáil ag an am céanna.
Some great @EPfestival pics by @shootingrock. Take us back… #ep19 pic.twitter.com/BssD40L5yV
— King Kong Company (@KingKongComp) September 3, 2019
Dúnadh an geata iontrála mar gheall ar an slua don grúpa ceoil a bhuail lena chéile in Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge (WIT) tamall de bliainta ó shin. “It’s a lock in” a dúradh ag an am – níl aon bhealach níos fearr chun sceitimíní i measc an tslua an a chruthú. Creid nó ná creid ach sheinn siad faoi dhó ar an Domhnach agus chuir siad deireadh dodhearmadta leis an deireadh seachtaine ar fad do chuile dhuine a bhí i láthair.
Tá King Kong Company go mór le moladh as an taispeántas ilghnéitheach físiúil a chuir siad chun stáitse. Molann muid go mór mór an grúpa a fheiceáil má tá deis agat. Sin an fáth gurb iad ár Rogha na Seachtaine seo.
Is féidir ceol, dátaí camchuairte agus nuacht a aimsiú ar shuíomh King Kong Company anseo.
Seo thíos blaiseadh den cheol ón bhféile i mbliana.