Rogha na Seachtaine #4 | Clár Faisnéise | Explained
Is dócha go bhfuil treocht áirithe le feiceáil ar Netflix faoi láthair maidir le cláracha a bhaineann le siceolaíocht agus intinn an duine. Bíonn cláracha ar nós Mindhunter, Black Mirror, Ozark agus You i mbéal an phobail gan ach cúpla ceann a lua. Do Rogha na Seachtaine seo roghnaigh muid an clár faisnéise Explained a luíonn go dlúth leis an treocht seo. Déanann an clár cíoradh ar réimse leathan coincheap a bhaineann le saol na linne seo: ón mbearna phá idir na hinscní, go dtí an stocmhargadh agus cúrsaí astralaíochta.
Tá sraith iomlán nua eisithe le déanaí darbh ainm The Mind Explained ina dtugtar léargas agus míniú ar ár n-intinní dúinn. Is í Emma Stone reacaire na sraithe agus pléitear le 💭 bríonglóidí, 💡 cuimhní, 🥴 imní, 🌀 aireachas agus 🍄drugaí sícideileacha.
“Ever wonder what’s happening inside your head? From dreaming to anxiety disorders, discover how your brain works with this illuminating series.”
Our @Netflix miniseries – The Mind, Explained – is here! Over 5 episodes we dive deep into:
💭 dreams
💡memories
🥴 anxiety
🌀mindfulness
🍄psychedelicsStream it now: https://t.co/TBSu9MffOphttps://t.co/cca3TaByCC
— Vox (@voxdotcom) September 12, 2019
Léirítear an t-eolas uilig i mbealach éifeachtach gonta agus bíonn gach clár idir 16–18 nóimeád ar an meán. Baineann siad úsáid as físghrafaicí faisnéise tarraingteacha chun an t-eolas a chur i láthair agus coinnítear suim an lucht féachana mar gheall air seo.
Is sraith de chuid Vox í Explained a bhíonn ag plé le cúrsaí nuachta agus tuairmaíochta den chuid is mó agus tá cáil áirithe bainte amach acu mar gheall ar an iriseoireacht mhínitheach a dhéanann siad.
Molaimid go mór súil a chaitheamh ar Explained. Tá teacht air ar Netflix anseo.
Caith súil ar an Explained faoi Monogomy anseo 👇