Tá an mórscoláire Gaeilge agus eitnicheoleolaí ceannródaíoch Breandán Ó Madagáin tar éis bháis.
Bhí sé tinn le tamall.
Ollamh le Gaeilge agus iarcheann roinn na Gaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh ab ea an Madagánach arbh as Luimneach ó dhúchas dó.
Bhain Breandán Ó Madagáin aitheantas amach go háirithe mar gheall ar an obair cheannródaíoch a rinne sé ar stair an tsean-nóis agus bhí baint mhór aige le forbairt léann amhránaíocht thraidisiúnta na hÉireann.
Chuir sé tús le cúrsaí ar an amhránaíocht thraidisiúnta in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, rud a chabhraigh go mór le borradh a chur faoin sean-nós sa saol acadúil agus lasmuigh.
Ba bhall chomh maith é d’Acadamh Ríoga na hÉireann agus thug sé deich mbliana ina chathaoirleach ar Bhord an Léinn Cheiltigh in Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath.
Ba é Breandán Ó Madagáin chomh maith a chuir chun cinn an tuiscint gurbh amhlaidh go gcantaí fhormhór d’fhilíocht na mBard agus gur as sin a d’fhás an traidisiún béil agus an sean-nós.
Ar an saothar taighde ceannródaíoch eile bhí An Ghaeilge i Luimneach 1700-1900 stair chás na Gaeilge i Luimneach, mar a rugadh é féin i 1932.
Ar na leabhair eile leis a foilsíodh bhí Caointe Agus Seancheolta Eile/ Keenings and other Old Irish Musics, Gnéithe den Chaointeoireacht agus Languages and Celtic Peoples.
In 2002 d’fhoilsigh Cló Iar-Chonnacht, Téada Dúchais… cnuasach aistí ó 24 scoláire eile in ómós don Ollamh Ó Madagáin agus a shaothar.
Bhí Breandán Ó Madagáin ina léachtóir sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath idir 1966-1975 agus ina OIlamh le Gaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh idir 1975-1997.
Fágann sé a bhean chéile Claire, agus a gclann Donnchadh, Eoin, Éadaín, Murchadh, Gormlaith, Fionnuala, agus Cathal.
Beidh Breandán Ó Madagáin á thórramh i dTeach Altranais Blake Manor amárach idir 5.00pm go dtí 7.00pm agus beidh aifreann a shochraide i Séipéal Naomh Colmán ag meán lae Dé Sathairn. Cuirfear ina dhiaidh sin é i reilig Dhroim Mucú.