Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
An Chaint
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
An Coimisinéir Teanga
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
An Chaint
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
An Coimisinéir Teanga
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-‘dul-chun-cinn-stairiuil’-i-moltai-faoin-ngaeilge-ach-ni-chuirfidh-siad-deireadh-le-‘cos-ar-bolg’-–-conradh-na-gaeilge

‘Dul chun cinn stairiúil’ i moltaí faoin nGaeilge ach ní chuirfidh siad deireadh le ‘cos ar bolg’ – Conradh na Gaeilge

| Tuairisc.ie |

Tá ráite ag Conradh na Gaeilge gur “dul chun cinn stairiúil” do phobal na Gaeilge an reachtaíocht teanga atá molta mar chuid den iarracht feidhmeannas Stormont a athbhunú.

Tá foláireamh tugtha ag an eagraíocht áfach go bhfuil “bearnaí” sna moltaí a d’fhágfadh, dar leo, go leanfaí go fóill leis an “cos ar bolg” agus “imeallú” ar Ghaeilgeoirí ó thuaidh.

Dúirt an eagraíocht go gcaithfí níos mó ama a chaitheamh ag scagadh na moltaí a fógraíodh aréir agus gur léir nach raibh siad inchurtha leis an méid a gealladh faoi acht Gaeilge i gComhaontú Chill Rímhinn in 2006.

Leag an Dr Niall Comer, Uachtarán, Conradh na Gaeilge, béim, áfach, ar a “stairiúla” is a bhí na moltaí a thabharfadh stádas oifigiúil don Ghaeilge sa Tuaisceart den chéad uair.

“Níl aon cheist ann ach gur dul chun cinn stairiúil í an reachtaíocht seo do phobal na Gaeilge, mar gurb í seo an chéad uair go mbeidh stádas oifigiúil ag an Ghaeilge, go mbeidh cosaintí dlíthiúla ann don teanga, agus go mbeidh Coimisinéir teanga ann, uilig don chéad uair i stair an stáit.

“Tháinig an t-athrú seo mar thoradh ar dhianfheachtasaíocht, ar ghluaiseacht phobalbhunaithe a d’athraigh an dóigh a mbítear ag amharc ar cheist na Gaeilge, agus an dóigh a mbeidh an stát ag caitheamh linn mar phobal agus leis an Ghaeilge mar theanga chomh-roinnte.”

Dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, urlabhraí de chuid Chonradh na Gaeilge agus an ghrúpa feachtais An Dream Dearg go raibh “bearnaí ollmhóra” sa reachtaíocht a bhí molta.

“Tá an reachtaíocht seo ag teacht chun tosaigh mar Bhille a bhaineann leis an Ghaeilge a chuirfear isteach i gComhaontú Aoine an Chéasta mar phíosa nua, leis féin. Má ghlactar leis seo inniu, cinnteoidh muidne go gcloífear leis na forálacha seo agus ar chur i bhfeidhm iomlán na reachtaíochta seo, agus cuirfidh muid faoi scrúdú na moltaí agus na bearnaí ollmhóra sa phíosa seo sna laethanta, sna seachtainí agus sna míonna chun tosaigh.

“Tá ceisteanna suntasacha anseo. Titeann seo go mór faoi na geallúintí a rinneadh in 2006, áit ar gealladh Acht Gaeilge bunaithe ar an Bhreatain Bheag. Tá bearnaí móra anseo i gcomparáid leis an mhéid atá sa Bhreatain Bheag agus ó dheas araon.”


Mionsonraí faoi reachtaíocht Ghaeilge foilsithe i bplean na rialtas d’athbhunú Stormont

Sáinn Stormont – leis na páirtithe an imirt agus a bplean fuascailte foilsithe ag an dá rialtas

Beidh ‘veto’ ag an DUP maidir le reachtaíocht Ghaeilge ó thuaidh – Jeffrey Donaldson


Dúirt Mac Giolla Bhéin, duine de bhunaitheoirí fheachtas An Dream Dearg gur “ábhar ollmhór frustrachais” a bhí ann gur fágadh ceist na comharthaíochta “ar lár ar fad” i bplean na rialtas, New Decade, New Approach.

“Foinse ollmhór teannais a bheas anseo a dhéanfas mórfhadhbanna a nochtadh sa tréimhse amach romhainn. Déanfar féidearthachtaí maidir le soláthar comharthaíochta fríd na caighdeáin teanga a fhiosrú agus a scrúdú láithreach,” a dúirt Mac Giolla Bhéin.

D’aontaigh sé chomh maith le maíomh an DUP go mbeadh veto go bunúsach ag an bpáirtí sin maidir le haon reachtaíocht teanga a thabharfaí isteach don Ghaeilge.

Tá beirt Choimisinéirí, ceann don Ghaeilge agus don Ultais, agus oifig chultúir agus féiniúlachta mar chuid de phlean nua an dá rialtais d’athbhunú an fheidhmeannais in Stormont trí bliana ó thit sé.

Maidir leis na dualgais teanga a bheadh i gceist sa státchóras thabharfadh an Coimisinéir Teanga isteach córas caighdeáin faoina ndéanfaí rangú ar eagrais phoiblí agus freagrachtaí a leagan orthu dá réir, ach is le cead an Chéad-Aire agus an LeasChéad-Aire a dhéanfadh an Coimisinéir sin.

“De dheasca ról agus dualgais an an Choimisinéara Teanga a bheith faoi chumhacht Oifig an Chéad-Aire agus an Leas-Chéad Aire beidh veto ann i gcoinne príomhfhorálacha na reachtaíochta maidir le seirbhísí.

“Níl ceist ar bith ann ach, má úsáidtear aon veto chun an teanga a ionsaí nó chun cosc a chur ar sheirbhísí go mbeidh baol ollmhór ann d’aon Fheidhmeannas nua.”

Cuireadh fáilte roimh mholtaí eile sa cháipéis, cealú an dlí a chosc úsáid na Gaeilge sna cúirteanna, straitéis don Ghaeilge agus bunú lárionaid aistriúcháin ina measc.

Leanfaidh Conradh na Gaeilge leis an scagadh atá á dhéanamh acu ar na moltaí.

“Tosóidh muid anois ag cur na reachtaíochta faoi scrúdú, mar aon leis na bhearnaí, a éascaíonn imeallú agus cos ar bolg go fóill. Tá comhairle dlí á lorg againn ar roinnt de na forálacha anseo, go háirithe an píosa maidir leis an stádas oifigiúil,” a dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin.

Dúirt sé go raibh an reachtaíocht tábhachtach ach gur tábhachtaí cur i bhfeidhm na reachtaíochta.

Níos mó