Idir Aontú, Sinn Féin agus Fine Gael a bheidh an suíochán deireanach i gCabhán-Muineachán
Líon na suíochán: 5
Cuóta mar % den vóta: 16.7%
Leagan amach an dáilcheantair: Tá an dá chontae, Cabhán agus Muineachán le chéile an uair seo. An cuid den Chabhán a bhí le Sligeach-Liatroim in 2016, tá sé curtha ar ais le Cabhán-Muineachán agus tá suíochán breise sa dáilcheantar agus an cuóta laghdaithe dá réir ó 20% den vóta go 16.7%.
Teachtaí Dála ag seasamh: Heather Humphreys (FG), Brendan Smith (FF), agus Niamh Smith (FF)
Staid na bpáirtithe in Olltoghchán 2016 (sean-dáilcheantar) agus i dtoghcháin áitiúla 2019 (dáilcheantar nua):
Páirtí | Olltoghchán 2016 (%) | Togh Áitiúla 2019 (%) |
---|---|---|
Fianna Fáil | 30 | 33 |
Fine Gael | 32 | 29 |
Sinn Féin | 27 | 22 |
Eile | 11 | 16 |
Anailís: Níl mórán idir na trí pháirtí mhóra, Fianna Fáil, Fine Gael agus Sinn Féin sa dáilcheantar seo. Tá Fianna Fáil níos láidre sa gCabhán agus Sinn Féin níos láidre i Muineachán. Rinne Fianna Fáil go maith agus dhá shuíochán as ceithre cinn a fháil le 30% den vóta in 2016 nuair a fuair Niamh Smyth (FF) an suíochán a bhíodh ag Joe O’Reilly (FG). Níor cheart go mbeadh stró ar bith ar an bpáirtí an dá shuíochán a choinneáil anois ó tharla go bhfuil suíochán breise sa dáilcheantar agus an Seanadóir Robbie Gallagher (FF) ag feidhmiú mar scuabadóir don pháirtí i Muineachán.
Maidir le Fine Gael, níl an Seanadóir Joe O’Reilly (FG) ag seasamh an babhta seo. Ina áit tá an Comhairleoir TP. O’Reilly (FG) as Cabhán, a fuair 1,576 vóta sna toghcháin áitiúla agus seans aige ar shuíochán agus tá Sandra McIntyre (FG) ag seasamh chomh maith.
Níl an Teachta Dála Caoimhghín Ó Caoláin (SF) ag seasamh ach an oiread agus tá an Feisire Eorpach Matt Carthy roghnaithe ag Sinn Féin ina áit. Mí na Bealtaine seo caite a toghadh Matt Carthy (SF) ina MEP den dara huair. Tá soiniciúlacht curtha i leith Shinn Féin agus Carthy mar gur sheas sé do Pharlaimint na hEorpa agus é roghnaithe cheana féin mar iarrthóir don toghchán Dála. Is as Muineachán dó, contae ina raibh 34% de na vótaí ag Sinn Féin sna toghcháin áitiúla. Idir é féin agus Heather Humphreys (FG) a bheas sé cé a bheidh ar bharr an chomhairimh.
Is as Cabhán an dara hiarrthóir atá ag Sinn Féin, Pauline Tully, iarbhean chéile Pearse McAuley, atá i bpríosún faoi láthair faoin ionsaí brúidiúil a rinne sé uirthi Oíche Nollag 2014, nuair a sháigh sé í. Tá neart taithí pholaitiúil ag Pauline Tully (SF), a toghadh ar Chomhairle Chontae Chabháin trí thoghchán i ndiaidh a chéile. D’fhéadfadh sí a bheith san iomaíocht do shuíochán, má roinntear na vótaí atá ag Sinn Féin go cothrom idir í féin agus Matt Carthy (SF).
Ní féidir an Comhairleoir Sarah O’Reilly (Aontú) a chur ar an áireamh. Bhíodh sí le Sinn Féin ach d’éirigh sí as de bharr tacaíocht Shinn Féin don leasú Bunreachta le ginmhilleadh a cheadú. Is í an dara duine is mó í a fuair vótaí sna toghcháin áitiúla in 2019 sa gCabhán, nuair a toghadh í ar an gcéad chomhaireamh le 1,704 vóta, agus í ag seasamh d’Aontú. Is idir Sarah O’Reilly (Aontú), Pauline Tully (SF) agus T.P. O’ Reilly (FG) a bheas sé cé a thógfaidh an cúigiú suíochán, a bheas ag dul go Cabhán, áit a bhfuil Fine Gael i bhfad níos láidre ná Sinn Féin. Beidh aistriú vótaí le fáil ag TP O’Reilly as Achadh an Iúir ó Sandra McIntyre (FG) mar gur as Béal Átha Conaill sa gCabhán di agus cuirfidh sin chun tosaigh é ag deireadh an rása.
Ag seasamh chomh maith, tá Tate Donnelly don Chomhaontas Glas, Gaeilgeoir agus an t-iarrthóir is óige sa toghchán agus gan é ach 21 bliain. Tá Liam Van de Spek ag seasamh do Pháirtí an Lucht Oibre. Fuair sé 591 vóta sna toghcháin áitiúla. Tá Emmet Smith (PBPA) ag seasamh do Solidarity/Neart Le Chéile. Fuair seisean 498 vóta sna toghcháin áitiúla.
Tuar: Heather Humphreys (FG), Matt Carthy (SF), Brendan Smith (FF), Niamh Smith (FF) agus TP O’ Reilly (FG)