Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
An Chaint
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
An Coimisinéir Teanga
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
An Chaint
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
An Coimisinéir Teanga
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-219-cas-nua-deimhnithe-agus-beirt-eile-le-covid-19-basaithe

219 cás nua deimhnithe agus beirt eile le Covid-19 básaithe

Tá beirt eile básaithe de thoradh Covid-19 in Éirinn agus 219 cás nua deimhnithe ag an Roinn Sláinte ó dheas. 1,273 cás den ghalar atá deimhnithe anois in Éirinn, 1,125 ó dheas den teorainn agus 148 ó thuaidh. Deimhníodh 20 cás eile ó thuaidh inniu, mar a bhfuil 148 cás anois.

Ochtar atá básaithe in Éirinn de thoradh na paindéime domhanda, seisear ó dheas agus beirt ó thuaidh. Beirt fhear in oirthear na tíre atá sa bheirt is déanaí a cailleadh.

De réir an eolais is déanaí ó Roinn Sláínte (atá bunaithe ar an 836 cás a bhí ann Dé Sathairn 21 Márta)

  • Fir a bhí i gceist le 55% de na cásanna agus mná iad 44%
  • Bhí 37 braisle i gceist ar bhain 210 cás leo
  • An aois ar an meán a bhí ann i measc na n-othar na 44 bliain d’aois
  • Cuireadh cúram san ospidéal ar 239 duine, nó 29%
  • As na daoine sin, cuireadh 25 duine in ICU, nó Aonad Dianchúram
  • Oibrithe sláinte a bhí i gceist le 208 cás, nó duine as gach ceathrar
  • I mBaile Átha Cliath a bhí an líon is mó cásanna, 56%, agus bhí  Corcaigh sa dara háit, le  104 cás, nó 12%
  • scaipeadh sa phobal ba chúis le 45% de chásanna, gartheagmháil le hothar eile ba chúis le 23% agus taisteal thar lear ba chúis le 31%

Idir an dá linn, dúirt ceann feadhain an WHO, Tedros Adhanom Ghebreyesus, inniu go bhfuil ag géarú ar an luas atá faoi scaipeadh Covid-19.

Dúirt ardstiúrthóir na hEagraíochta Domhanda Sláinte, áfach, go bhféadfaí an galar a chur dá bhuille agus a chúrsa athrú ach an scoitheadh sóisialta a chleachtadh agus fanacht ag baile.

De réir an eolais is déanaí ón WHO bhí 67 lá idir an chéad chás den ghalar agus an 100,000ú cás, bhí 11 lá idir an 100,000ú cás agus an 200,000 cás, agus ní raibh ach ceithre lá idir an 200,000ú cás agus an 300,000ú cás.

Tá sé deimhnithe go bhfuil breis is 100,000 duine a bhí buailte ag Covid-19 ar fud an domhain tagtha chucu féin.

De réir an áirimh atá á dhéanamh ag Ollscoil Johns Hopkins ar líon na gcásanna den víreas ar fud an domhain, sa tSín atá 60,000 de na daoine a raibh an galar orthu ach atá tagtha chucu féin. Tuairiscítear go bhfuil breis is 8,000 duine tagtha chucu féin san Iaráin agus breis is 7,000 duine atá i gceist san Iodáil.

Breis is 350,000 cás de Covid-19 atá ar an taifead anois agus os cionn 15,000 duine curtha den saol ag an galar. Baineann níos mó ná an tríú cuid de na básanna sin leis na trí thír is measa atá buailte, an Iodáil, an tSín agus an Spáinn.

Tá 602 duine eile a bhí buailte ag Covid-19 básaithe san Iodáil agus 6,078 duine anois caillte sa tír sin de thoradh an ghalair. In ainneoin í a bheith fós ar an tír is measa atá buailte ag an bpaindéim, tá údar dóchais faoi dheireadh ag muintir na hIodáile agus laghdú tagtha ar líon na marbh ansin don dara lá as a chéile.

Idir an dá linn, os cionn 60,000 duine atá cláraithe ar líne mar chuid de mhórfheachtas earcaíochta an HSE, atá ag iarraidh cur lena bhfoireann chun dul i ngleic leis an ngéarchéim Covid-19.

Níos mó