Tuairiscítear go bhfuil an chéad chás den choróinvíreas aimsithe in Éirinn nach bhfuil baint aige le turas thar lear.
De réir tuairiscí tráthnóna, tá an galar Covid-19 tolgtha ag duine i gCorcaigh nach raibh i dtuaisceart na hIodáile le déanaí agus nach raibh aon teagmháil aige le haon duine den naonúr othar eile atá buailte ag an ngalar in Éirinn.
Tá diansrianta ar chuairteoirí i bhfeidhm in Ospidéal na hOllscoile i gCorcaigh mar a bhfuil cúram leighis á chur ar fhear meánaosta atá á choinneáil ó dhaoine eile.
Tá dian-iarrachtaí ar bun teacht ar aon duine a raibh gartheagmháil ag an othar leo, lucht leighis san áireamh.
Deich gcás den ghalar atá aimsithe in Éirinn go n-uige seo agus thar tír isteach a tháinig an víreas i ngach cás acusan.
Trí cinn de chásanna atá ó thuaidh, dhá cheann atá in oirthear na tíre, ceithre cinn atá san iarthar agus tá ceann amháin, an ceann is déanaí, sa deisceart. Bhí ochtar de na daoine atá buailte leis an ngalar i dtuaisceart na hIodáile le déanaí agus bhí an duine eile, duine den triúr ó thuaidh, i ngartheagmháil le duine sa Bhreatain a raibh toradh dearfach ar an tástáil a cuireadh air don víreas ina dhiaidh sin.
Cuirfidh an tuairisc is déanaí faoi ngalar in Éirinn leis an imní go mbeidh an galar á scaipeadh i measc an phobail laistigh den tír féin.
Dúirt príomhfheidhmeannach an HSE inniu nár chóir do dhaoine iomarca scanraidh a bheith orthu ach gur dócha ná a mhalairt go scaipfidh an galar Covid-19 níos leithne in Éirinn.
Mhol sé don phobal cloí le comhairle lucht sláinte maidir le glaineacht agus sláinteachas.
Tháinig caint cheannasaí an HSE sna sála ar fholáireamh a thug Tedros Adhanom Ghebreyesus, ceannasaí an WHO, gur chóir do thíortha a bheith ag ullmhú do thréimhse fhada ina mbeadh an galar ag scaipeadh go treán i measc an phobail. D’iarr ceannasaí an WHO ar gach rialtas a gcuid a dhéanamh chun an Covid-19 a smachtú ina dtír féin.
Dúirt ceannasaí an HSE Paul Reid tráthnóna go rabhthas ag ullmhú do chéimeanna níos measa ar eagla go rachadh cúrsaí in olcas.
Tá 85 tír buailte ag Covid-19, tá os cionn 97,500 cás den ghalar ar an taifead agus tá breis is 3,300 duine básaithe dá bharr.