Tá Príomh-Aire na Breataine Boris Johnson buailte ag an gcoróinvíreas.
Dúirt Johnson ar maidin go leanfadh sé air “mar cheannaire” ar fheachtas a Rialtais i gcoinne an víris.
Dúirt Johnson go raibh teocht ard aige agus nach raibh stopadh air ach ag casacht.
Fógraíodh ar maidin go raibh toradh dearfach ar an tástáil a cuireadh ar Johnson do Covid-19, an víreas a bhfuil an saol curtha bunoscionn aige ar fud an domhain.
Dúirt urlabhraí ó Shráid Downing go raibh siomptóim éadroma inné ar Phríomh-Aire na Breataine agus gur cuireadh tástáil air ina dhiaidh sin don choróinvíreas “ar chomhairle phearsanta” Phríomh-Oifigeach Leighis Shasana, an tOllamh Chris Whitty.
Rinne baill foirne den NHS an tástáil ag Uimh. 10 agus bhí toradh dearfach uirthi.
De réir na dtreoracha, tá an Príomh-Aire á choinneáil féin amach ó dhaoine i Sráid Downing.
Over the last 24 hours I have developed mild symptoms and tested positive for coronavirus.
I am now self-isolating, but I will continue to lead the government’s response via video-conference as we fight this virus.
Together we will beat this. #StayHomeSaveLives pic.twitter.com/9Te6aFP0Ri
— Boris Johnson #StayHomeSaveLives (@BorisJohnson) March 27, 2020