Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
An Chaint
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
An Coimisinéir Teanga
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
An Chaint
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
An Coimisinéir Teanga
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-ceithre-chas-nua-den-choroinvireas-aimsithe-san-iarthar

Ceithre chás nua den choróinvíreas aimsithe san iarthar

Táthar tagtha ar cheithre chás nua den choróinvíreas in iarthar na tíre, rud a fhágann gur naoi gcinn de chásanna ar fad atá aimsithe in Éirinn go dtí seo.

Beirt fhear agus beirt bhan atá sna hothair agus bhí siad ar fad le chéile sa cheantar céanna i dtuaisceart na hIodáile le déanaí.

Dúradh go raibh an cúram leighis “cuí” á chur ar an gceathrar agus go rabhthas ag obair chun a fháil amach cé hiad na daoine eile a raibh teagmháil acu leo.

Thug an Roinn Sláinte sa tuaisceart le fios níos túisce tráthnóna go raibh dhá chás eile aimsithe ó thuaidh.

Daoine fásta an bheirt is déanaí a bhfuil an galar tolgtha acu sa tuaisceart agus thug Ollscoil na Banríona i mBéal Feirste le fios gur bhain duine acu le pobal na hollscoile sin.

Bhí duine acu i dtuaisceart na hIodáile le déanaí agus bhí teagmháil le déanaí ag an duine eile le duine sa Bhreatain a raibh toradh dearfach ar an tástáil a cuireadh air don víreas ina dhiaidh sin.

Naoi gcás den víreas atá aimsithe in Éirinn go dtí seo, trí cinn ó thuaidh, dhá cheann in oirthear na tíre agus ceithre cinn san iarthar. Bhí ochtar de na daoine atá buailte leis an ngalar i dtuaisceart na hIodáile le déanaí.

Dúirt an tAire Sláinte Simon Harris tráthnóna go bhféadfadh an coróinvíreas a bheith linn “go ceann míonna fada”.

Bhí an méid sin le rá ag an Aire tráth a bhfuil scoileanna á ndúnadh ar fud na hEorpa mar gheall ar an ngalar agus tráth a bhfuil easpa trealaimh chosanta ann de bharr daoine a bheith i mbun scaollcheannacháin.

Is í an chomhairle atá á cur ar mhuintir na hÉireann gan taisteal go tuaisceart na hIodáile mura bhfuil gá leis. Fuair ós cionn 100 duine bás san Iodáil de thoradh an ghalair go n-uige seo.

Dúirt an tAire Sláinte nach mbeadh aon éifeacht le cosc iomlán a chur ar eitiltí chun na hÉireann as na ceantair is measa atá buailte ag an ngalar.

Táthar tagtha ar 85 cás den víreas anois sa Ríocht Aontaithe, mar ar tharla an méadú is mó ar líon na gcásanna in aon lá amháin inniu.

Dúirt príomhoifigeach leighis Shasana gur dócha go raibh “eipidéim” ar an mbealach.

Tuairiscíodh go raibh faoi rialtas na hIodáile cosc a chur ar ócáidí poiblí agus pictiúrlanna agus amharclanna a dhúnadh ar fud na tíre.

Tá bás faighte ag nach mór 3,200 leis an ngalar atá tolgtha ag breis is 93,000 duine in 80 tír.

Bhásaigh 2,981 duine sa tSín agus bhain 80,270 de na cásanna leis an tír sin.

Is í an Chóiré Theas an dara tír is measa atá buailte ag an ngalar agus 5,328 cás a bhí sa tír sin go dtí seo. Tá os cionn 100 cás deimhnithe i Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Dúirt ceannasaí WHO, an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, Tedros Adhanom Ghebreyesus, inniu go rabhthas ag rith amach as mascanna, spéaclaí cosanta agus trealamh cosanta eile toisc a leithéidí a bheith á gceannach ag daoine a bhfuil scaoll iontu.

Dúirt ceannasaí WHO gur géire a theastaigh an trealamh ó oibrithe sláinte. “Ní féidir linn stop a chur le Covid-19 gan cosaint a thabhairt dár n-oibrithe sláinte,” ar sé. Dúirt sé go raibh mascanna máinliachta a shé oiread níos daoire agus aerálaithe trí oiread níos daoire de dheasca an scaollcheannacháin.

Níos mó