SEAL SA ZÓN DEARG: Cuimhní ceanúla, is contúirt an Coróinvíreas.
An tsaoire is fearr a bhí agam riamh.* (*in ainneoin gur san Iodáil a bhí mé, le coicís anuas.)
San aerfort dom, imithe tríd an tslándáil, mo mhála ar mo dhroim is mo phas im’ phóca.
Téacs ansan ó dhuine (nach n-ainmneod ar bhonn béasaí): ‘Molta ag an CDC gan taisteal go dtí an
Iodáil ach i gcás práinne’.
Is deireadh mhí Feabhra atá ann agus tá an Coróinvíreas tar éis teacht ó
Wuhan, an tSín, go dtí Milano, agus ag scaipeadh go réidh tríd an Eoraip. Táimse in ainm is dul go
Napoli, 700 km ó dheas, ar feadh cúpla lá, agus ansin chun na Sicile i gcomhair seachtaine. Mo
roghanna: lean le mo phlean nó cas timpeall. Beartaím ar an gcéad rogha.
Bhíos ag fanacht le seisear cairde in Napoli, in árasán príobháideach a bhí faighte againn ar
cíos: beirt a bhí ag obair sa tSicil ar fheirm, duine atá ar an ollscoil san Iodáil, beirt eile a bhí sa Róimh
ar laethanta saoire lena leanbh, agus duine eile a tháinig sall, maraon liom fhéin, don turas seo.
Ar ár dtarna lá, chuamar ar fad ar thuras go Pompeii. Fuaireamar treoraí pearsanta don
ghrúpa, a bhí ar fheabhas. Seandálaí áitiúil darb ainm Francesco. “Cuireadh 80% dár n-áirithintí ar
ceal ó lá Fhéile Vailintín, is do mhí Mhárta”, arsa sé, agus é curtha amach faoin damáiste a bhí á
dhéanamh don earnáil. Ach ‘is olc an ghaoth…’ agus dá bharr seo, bhí Pompeii níos ciúine ná riamh.
Grúpa cairde a bhí ionainn a bhuail le chéile agus muid ag déanamh staidéar ar an Stair sa choláiste,
agus bhíomar ar bís.
Chífeá corrdhuine agus masc orthu, ach fós féin ní raibh imní ar dhaoine. ‘Keep
calm and Carry on’. Bhí buidéal de jeil alcólach a thug mo mháthair dom ceangailte de mo bhríste le
fáiscín beag, agus bhaineas síorúsáid as thar an gcúpla lá- gach uair tar éis dom espresso a ghlacadh
nó sóinseáil a fháil, agus gach cúpla nóiméad muna rabhas in aice le folcadán agus gallúnach, chun
mé fhéin a choimeád ar mo chompord. Ba chúis gháirí é seo do mhuintir na háite a bhí ar comhaois
liom, agus sinne lasmuigh de phub an oíche úd tar éis Pompeii. Ghlacadar pic leis, agus bhíodar
gealgháireach go maith. Nach tapaidh mar a athraíonn cúrsaí!
Chaitheamar cúpla lá eile ag dul go músaeim, na catacóim, gairdíní poiblí, agus ag ithe pizza
is pasta go dtí go rabhas ata amach leis an mbia breá agus rian mo choda orm. Ansan fuaireamar
traein go hOileán na Sicile; (téann an traein thar an mbád farantóireachta. Ní fhaca riamh rud mar
é!) An chéad stop: Taormina. Neamh ar thalamh! Chomh glan séimh sin, agus cuid de na
radhairc is áille dá bhfaca riamh. Chuas fhéin is cara i gcomhair rith fhada tar éis dúinn leaindeáil ann
chun an cúpla lá craosach a dhíbirt dínn féin. Is áit an-chnocach é Taormina, agus by daid
bhraitheamar an rith sna cosa an lá dár gcionn. Ansan chaitheamar lá suaimhneach ar an dtráigh,
agus istoíche, réitíomar béile dúinn fhéin mar ghrúpa sa tigh.
Is sa dá lá dheireannacha den turas, agus Catania sroichte againn, go mbraithfeá athrú san
aer, maidir le meon na ndaoine, agus an teannas a bhí ag méadú. Gach uair a osclófá na nuachtáin –
Coróinvíreas. Gach uair a chífeá teilifís – agallamh le dochtúir éigin, agus preabfhógraí ón rialtas le
treoracha dá mbraithfeá breoite. Is mór an trua gur ag an am sin a bhíos ann, toisc gur cathair
ghleoite é Catania. Sráideanna móra oscailte, le Piazza beaga ar na cúlsráideanna; An Duomo ina
sheasamh go láidir ar thaobh amháin den Chearnóg láir; Sliabh Etna ag brúchtaíl leis sa chúlra.
B’aoibhinn an rud a bheith ag féachaint air, ach b’ait an rud é na sráideanna a bheith ag folmhú. An
lá úd, chuir an rialtas ordú dianghlasála i bhfeidhm ar fud na tíre. Cosc ar shiopaí is ar bheáir a bheith
oscailte tar éis a 6 a chlog; cosc ar thaisteal inmheánach sa tír gan teastas speisialta a fháil, agus
cúpla riail eile. An mhaidin dár gcionn, chloisfeá na póilíní ag tiomáint timpeall ag rá thar mheigeafón
gan X, Y, agus Z a dhéanamh. Is dócha nár chabhraigh sé le rudaí agus sinne ag spaisteoireacht an lá
céanna, gur leanas orm ag seinnt intreoir ‘Ghost Town’ le The Specials ar an bhfón do mo chairde is
ag gáire chugam fhéin.
Chuir Ryanair m’eitilt abhaile ar ceal, toisc go raibh idirstad le bheith ann i dTuaisceart na
hIodáile (curtha in áirithe agam cúpla mí ó shin). D’fhógair siad nach raibh ach dhá lá againn chun an
tír a fhágaint, nó ní bheimis in ann fágáil go dtí mí Aibreáin. Bhí deacrachtaí eile ag mo chairde
filleadh abhaile. Bhí ar bheirt acu dul go dtí an Róimh le traein chun eitiltí go BÁC a fháil. Bhí cara eile
imníoch óir is go Florence a bhí sise ag filleadh, agus gan a fhios aici an mbeadh a hollscoil oscailte,
an mbeadh cead aici a hárasán a fhágaint… Sa deireadh, b’éigean domsa traein a fháil go Palermo, ar
an dtaobh eile den oileán, eitilt go Stansted, is fanacht thar oíche ann sular eitilt mé go BÁC an
mhaidin dár gcionn. Suíomh gleoite, ach bhraith an t-aerfort in Palermo ar nós an ‘Last Flight from
Saigon’. Daoine buartha: cad a tharlódh dá mbeadh gach éinne sáinnithe ann go ceann 6 seachtaine?
Cad fén obair? Bhuail taom scaoill bean óg ón bPortaingéil in aice liom mar gheall ar an strus. Bhí fir
sna hazmats le gunnaí teochta ag stopadh daoine ar an tslí go dtí na heitiltí amach. Gach rud fós ag
obair, ach foshruth histéire ann. Dheineas cairde le cúpla Sasanach a bhí ag fanacht maraon liom
fhéin. Is é an dearcadh a bhí againne go raibh sé níos fearr a bheith san fhaopach le chéile, seachas
inár n-aonair (ach méadar a bheith eadrainn agus sinne ag caint).
Ach chun ár gcás a dhéanamh míle uair níos measa, feadh na huaire bhí daoine ón mbaile,
ciaptha ag na meáin, ag seoladh teachtaireachtaí (diúltacha den chuid is mó) faoin mbaol ar fad. “Cá
bhfuil tú?! San Iodáil??…” agus seat scáileáin de mholtaí dochtúra ó Instagram. Daoine nár labhras
leo le fada an lá nó ‘cairde’ ag déanamh @ing orm ar Twitter nuair a chífidís aon ní (scéalta
bréagacha go minic) a chuir ar a míchompord iad faoi Covid-19. Cúpla duine dílis lena
dteachtaireachtaí, ach dos na héinne eile atá ina bhun sin: Níl sé ceart go leor mo leithéidse a úsáid
mar chlár dairteanna do bhur hangups príobháideacha – ‘Is binn béal ina thost’ mar a deirtear. Bhí sé
deacair go leor agus imní orainn an mbeimis in ann teacht abhaile. “An de bharr na haimsire deise,
agus an siúl ar fad go bhfuilim ábhairín te, nó an é go bhfuil an víreas orm?”. “An mise an duine atá
chun mo mhuintir a dhéanamh breoite má fhillim, in ainneoin go n-airím go diail?’
Ar oileán na Sicile tá thart ar 5 mhilliún duine. Agus mé á scríobh seo tá 80 cás Covid-19 aimsithe ann. Ar oileán na
hÉireann tá 6.6 milliún duine, thuaidh agus theas, agus breis is 60 cás ar fad ann. Is beag difríocht a
bhí idir a bheith ansan agus anso ag an am, ó thaobh contúirte de. Bígí tuisceanach, le bhur dtoil.
Mar ghrúpa cairde sna fichidí, ní sinne na daoine atá i mbaol, ach tuigim go bhfuil dainséar
ann dóibh siúd atá níos sine, nó dóibh siúd a bhfuil fadhbanna leighis acu, mar a bhíonn le aon ghalar
nó víreas contúirteach. Nílim den mheon áfach go rabhas mícheart dul ar mo laethanta saoire. Tá
atmaisféar corrach in Éirinn faoi láthair, agus ar a laghad thug an cúpla lá a chaitheas i bPárthas na
Sicile sos dom uaidh sin, gan trácht ar na cuimhní ceanúla atá agam. Seal beag gairid chun
suaimhneas is taitneamh na gréine a shú isteach sula gcuirtear go cillín an fhéinaonraithe mé.