Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
An Chaint
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
An Coimisinéir Teanga
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
An Chaint
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
An Coimisinéir Teanga
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-bas-26-duine-eile-a-raibh-covid-19-orthu-fogartha-o-dheas,-beagnach-1,400-bas-deimhnithe-in-eirinn-o-thus-na-raige

Bás 26 duine eile a raibh Covid-19 orthu fógartha ó dheas, beagnach 1,400 bás deimhnithe in Éirinn ó thús na ráige

Tá 26 duine eile a raibh Covid-19 orthu básaithe ó dheas.

Cúigear eile le Covid-19 a bhásaigh sa Tuaisceart.

1,386 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn de thoradh na paindéime domhanda, 1,087 duine ó dheas den teorainn agus 299 duine ó thuaidh di.

D’fhógair an Roinn Sláinte ó dheas tráthnóna go raibh 701 cás nua den choróinvíreas deimhnithe, rud a fhágann go bhfuil 22,570 cás den ghalar deimhnithe in Éirinn, 19,262 cás ó dheas agus 3,308 cás ó thuaidh,

Tá tátsáil déanta ar 22,262 duine ó thuaidh agus bhí 127,319 tástáil do Covid-19 déanta ó dheas faoin lá inné.

I dteannta a chéile atá an Roinn Sláinte ag cur na bhfigiúirí ar fáil anois do na daoine ar deimhníodh Covid-19 mar shiocair bháis acu agus na daoine gur dócha le dochtúir gurbh é.

Den 26 bás a fógraíodh inniu, deimhníodh 23 acu i saotharlann. Sa trí chás eile chreid doctúir go raibh baint ag an ráig den Covid-19 leis an mbás.

Beirt ar tugadh an Covid-19 mar shiocair bháis dóibh roimhe seo, tá sé deimhnithe anois nárbh amhlaidh an scéal.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Fheidhmeannacht na Seirbhísí Sláinte Paul Reid inniu go raibh plean nua aontaithe acu leis an Roinn Sláinte chun 100,000 tástáil don choróinvíreas a dhéanamh in aghaidh na seachtaine.

Dúirt Reid go dtógfaí córas nua tástála agus cuardaigh a d’fhéadfaí brath air dá mbeadh paindéim eile amach anseo ann.

Dheimhnigh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte inné gur bhásaigh 21 duine in aon teach altranais amháin i mBaile Átha Cliath, Ospidéal Naomh Muire i bPáirc an Fhionnuisce.

Tá áit do nach mór 200 duine san ionad cónaithe ina ndéantar cúram do dhaoine atá amach sna blianta.

Is é cás Ospidéal Naomh Muire an léiriú is duairce ar chruachás na n-ionad cónaithe agus cúraim a bhfuil “géarchéim náisiúnta” tugtha air.

Údar imní é ag na húdaráis sláinte thuaidh agus theas go bhfuil daoine ag éirí réchúiseach faoin scoitheadh sóisialta agus na beartais eile a tugadh isteach chun dul i ngleic leis an ngalar a bhfuil os cionn 200,000 duine sa domhan curtha den saol aige.

Tá ráite ag an Taoiseach Leo Varadkar gurb amhlaidh go gcaithfí síneadh ama trí seachtaine eile a chur leis an dianghlasáil má bhíonn daoine ag sárú na srianta Covid-19, fiú ar feadh cúpla uair an chloig.

Dúirt sé go raibh greim maith againn ar an ngalar sa phobal agus go raibh seans maith go maolófaí na srianta ar an 5 Bealtaine.

“Fúinne go léir atá sé,” a dúirt sé.

Idir an dá linn, mhaígh an tUachtarán Donald Trump nárbh fhiú “an tairbhe an trioblóid” na hócáidí preasa conspóideacha a bhíonn gach tráthnóna aige.

Ag an bpreasócáid dheireanach a bhí ag Trump thug le fios go mb’fhéidir go bhféadfaí instealladh díghalráin a fháil mar leigheas ar an víreas.

Is substaintí contúirteacha iad díghalráin agus d’fhéadfaidís a bheith nimhiúil má ligtear isteach sa gcorp iad.  Fiú amháin tá contúirt ag baint le díghalráin má theagmhaíonn siad leis an gcraiceann, na súile ná an córas riospráide.

Dúirt Trump gurbh amhlaidh gur ag caint go “searbhasach” a bhí sé.

Thug NHS Shasana le fios inniu go raibh 336 duine eile básaithe de thoradh na paindéime agus 18,420 duine ar a laghad atá básaithe in ospidéil Shasana ó thús na ráige.

Fógraíodh 14 bás eile sa Bhreatain Bheag mar a bhfuil 788 duine le Covid-19 básaithe agus 18 eile a bhásaigh in in Albain mar a bhfuil 1,249 ar an taifead.

Níos mó