Tá os cionn míle duine a raibh Covid-19 orthu básaithe in Éirinn ó thús na ráige.
1,019 duine ar a laghad atá básaithe faoin tráth seo, 769 duine ó dheas den teorainn agus 250 duine ó thuaidh di.
Fógraíodh tráthnóna 49 bás eile ó dheas.
Deichniúr ar tugadh an Covid-19 mar shiocair bháis dóibh roimhe seo, tá sé deimhnithe anois nach amhlaidh an scéal.
Deimhníodh 631 cás nua agus 16,671 cás atá deimhnithe ar fad ó dheas den teorainn.
Tá ar a laghad 250 duine le Covid-19 básaithe sa Tuaisceart faoin tráth seo. Ochtar eile a bhásaigh sna hospidéil inné agus tuairiscíodh chomh go raibh 26 bás eile a tharla le roinnt laethanta anuas curtha le taifead na Gníomhaireachta Sláinte Poiblí.
2,798 cás deimhnithe atá sa Tuaisceart agus 19,469 cás atá in Éirinn san iomlán.
Maidir le líon na ndaoine in ionaid chúraim a bhásaigh go dtí seo, bhain 525 bás le tithe altranais agus ionaid chúraim eile.
Deimhníodh i saotharlann baint a bheith ag Covid-19 le 412 de na cásanna sin, nó 54% den 769 bás atá deimhnithe go dtí seo. Meastar go raibh Covid-19 ar 113 duine eile in ionaid chúraim a fuair bás.
Deir an Ghníomhaireacht Sláinte Phoiblí go bhfuil 297 duine in ionaid chúraim agus altranais ó thuaidh a bhfuil an Covid-19 tolgtha acu.
Tá foireann ón tSeirbhís Náisiúnta Sláinte tugtha isteach le cuidiú a thabhairt sna hionaid altranais agus meastar go bhfuil tuilleadh daoine sna hionaid sin i mbaol ón ngalar.
Níl an pobal ná na polaiteoirí ar aon fhocal faoi chinneadh a rinneadh ó thuaidh na reiligí a dhúnadh
Tá iarrtha ag an DUP agus an UUP go gceadófaí cuairteanna faoi shrianta ar reiligí ach ní thacaíonn Alliance ná Sinn Féin lena moladh.
Dúnadh na reiligí an mhí seo caite nuair a d’fhógair an Feidhmeannas in Stormont an dianghlasáil.
Tá ráite ag an Roinn Sláinte gur ceist í sin don fheidhmeannas ar fad agus gur ceist í a gcaithfidh airí comhaontú ina leith.
Tá €10 milliún curtha ar fáil ag an Rialtas ó dheas do scoileanna le déileáil leis an míbhuntáistí digiteacha atá ag daltaí áirithe.
Caithfear díriú go práinneach ar ríomhairí glúine a chur ar fáil do na daltaí Ardteiste sin a bhfuil siad de dhíth orthu. Scoileanna dara leibhéal a gheobhaidh thart ar €7 milliún den airgead sin agus cuirfear €3 mhilliún tar fáil do bhunscoileanna chun fearas a cheannach. Leis na scoileanna an fearas sin agus tabharfar ar iasacht do dhaltaí é.
Dúirt an tAire Oideachais Joe McHugh go raibh súil aige go mbeadh sé in ann dáta tosaithe scrúdú na hArdteistiméireachta a fhógairt sna laethanta beaga seo amach romhainn.
Dúirt an tAire Airgeadais Paschal Donohoe go mbeidh athbhreithniú á dhéanamh aige ar liúntais tacaíochta Covid-19 ach a mbeidh an chéad 12 seachtain thart agus go dtarlódh go mbeadh sé riachtanach iad a ‘laghdú’.
Léiríonn figiúirí nua go bhfuil laghdú tagtha ar líon na n-othar atá san ospidéal de bharr an ghalair Covid-19.
Deirtear sa tuairisc is déanaí ón HSE go bhfuil 770 duine san ospidéal a bhfuil sé deimhnithe go bhfuil an galar tolgtha acu agus go bhfuil 320 othar eile ann a bhfuil amhras ann gurb é atá ag dul dóibh ach nach bhfuil torthaí a dtástála acu fós.