Tá fear as Corca Dhuibhne ar bhain titim dó tráthnóna á thabhairt go hOspidéal Ollscoile Chorcaí ar héileacaptar tarrthála an Gharda Cósta.
Thart ar deich nóiméad chun a trí tráthnóna a tharla an timpiste nuair a thit an fear, atá 64 bliain d’aois, de dhréimire sa Choimín ar an bhFeothanach.
Bhí Gardaí Cósta Dhairbhre agus an Daingin chomh maith le Héileacaptar Tarrthála 115 na Sionainne páirteach san eachtra.
Fág freagra ar ‘Fear as Corca Dhuibhne á thabhairt go hOspidéal Ollscoile Chorcaí ar héileacaptar tarrthála i ndiaidh timpiste’