Tá cáineadh déanta ag an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil agus iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív ar an Roinn Cultúir, Oidhreachta, Gaeltachta as urraíocht a chur ar fáil do nuachtán d’fhorlíonadh faoi chúrsaí staire a bhí i mBéarla amháin.
I mBéarla ar fad a bhí an forlíonadh comórtha 36 leathanach, Century 1920, War of Independence a scaipeadh san Irish Times. Bhí sraith alt le staraithe aitheanta faoi imeachtaí móra na bliana 1920 san fhorlíonadh.
Dúirt an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Éamon Ó Cuív go raibh sé “scannalach” nár chinntigh an Roinn go mbeadh ábhar i nGaeilge ar fáil i bhforlíonadh comórtha dá leithéid.
Dúirt an Teachta Dála Éamon Ó Cuív go raibh “an-iontas” air gur chuir an Roinn urraíocht ar fáil d’fhorlíonadh comórtha a bhí i mBéarla amháin agus gur “measa fós an scéal” é go raibh an forlíonadh Béarla le dáileadh ar dhaltaí na tíre.
Dúirt an Teachta Dála Éamon Ó Cuív go raibh sé “náireach agus scannalach a laghad spéise” atá léirithe ag an Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Josepha Madigan, i gcúrsaí Gaeilge le linn a tréimhse mar Aire.
I ráiteas a chuir an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta ar fáil do Tuairisc.ie faoin scéal, dúradh nach raibh baint ag an Roinn “le hábhar eagarthóireachta, téamaí agus rannpháirtithe an fhorlíonaidh”.
“Is faoi The Irish Times atá sé cinntí a dhéanamh maidir le hábhar eagarthóireachta, téamaí agus rannpháirtithe. Foilsítear gach foilseachán oifigiúil a chuireann an Roinn i dtoll a chéile faoi Chlár Dheich mBliana an Chuimhneacháin go dátheangach.”
Dúirt an t-urlabhraí go raibh forlíonadh comórtha á fhoilsiú gach bliain ó 2013 san Irish Times mar chuid de “shraith speisialta a dhéanann Deich mBliana an Chuimhneacháin a cheiliúradh” agus go gcuireann an Roinn “tacaíocht ar fáil chun na heagráin seo a dháileadh ar bhunscoileanna agus ar iarbhunscoileanna”.