Tá an chéad mhórfhoclóir Béarla-Gaeilge nua le breis is 60 bliain curtha i gcló.
8,000 cóip den fhoclóir nua atá á chur ar fáil agus comhlacht Éireannach atá lonnaithe san Iodáil a chuir i gcló é.
Beidh an foclóir nua á dháileadh ar shiopaí leabhar an mhí seo chugainn agus deir Foras na Gaeilge go “seolfar feachtas nua leis an bhfoilseachán suntasach a phoibliú san fhómhar”.
1,800 leathanach atá sa Concise English-Irish Dictionary a bhfuiltear ag súil lena sheoladh an fómhar seo.
30,000 ceannfhocal atá san fhoclóir nua a raibh Pádraig Ó Mianáin, scoláire Gaeilge as Doire, ina Phríomh-Eagarthóir air.
Tá an saothar nua bunaithe ar foclóir.ie, an foclóir ar líne atá áirithe ar cheann de na tograí Gaeilge is uaillmhianaí agus is tábhachtaí dá raibh ann le fada.
48,000 ceannfhocal atá sa bhfoclóir ar líne ach ar ndóigh ba ghá ciorruithe a dhéanamh don leagan clóite.
1,700 leathanach atá i gcorp an fhoclóra agus beidh 80 leathanach d’fhorlíonadh teanga agus gramadaí ann.
Is é Foclóir an Mhianánaigh, togra de chuid Fhoras na Gaeilge, an chéad saothar dá leithéid ó foilsíodh foclóir Thomáis de Bhaldraithe i 1959.
Nuair a seoladh an foclóir nua go dtí na foilsitheoirí mí Bealtaine, dúirt Bainisteoir Thionscadal foclóireachta Fhoras na Gaeilge, Cormac Breathnach, le Tuairisc.ie gur údar mór sásaimh d’fhoireann an fhoclóra gur éirigh leo an beart a dhéanamh agus an saothar a chur díobh tráth a raibh deacrachtaí go leor le sárú ag daoine de bharr na paindéime.
“Cúis áthais dúinn go léir gur cuireadh an leagan clóite den Fhoclóir Nua Béarla-Gaeilge go dtí na clódóirí Dé Luain. Bhí deacrachtaí suntasacha gan choinne le sárú i gcéimeanna deiridh an fhoclóra de bharr na mbeartas atá i bhfeidhm ar fud na tíre le tamall,” arsa Cormac Breathnach ag an am.